Scéim Cabhair le Ceannach (HTB)
- Foilsithe: 23 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 13 Meán Fómhair 2023
Cad í an scéim Cabhair le Ceannach (HTB)
Cuidíonn an scéim Cabhair le Ceannach (HTB) le ceannaitheoirí tithe nua-thógtha céaduaire teach nó árasán nua a cheannach. Baineann sé freisin le tithe féin-thógála aonuaire.
Ní bhaineann sé ach le háitribh a chosnaíonn €500,000 nó níos lú.
Tugann an scéim Cabhair le Ceannach aisíocaíocht cánach ioncaim agus Cáin Choinneála ar Ús Taisc (DIRT) a íocadh in Éirinn sna 4 bliana cánach roimhe sin.
Conas cáiliú
Más ceannaitheoir céaduaire tú a cheannaíonn nó a thógann áitreabh cónaithe nua idir an 19 Iúil 2016 agus an 31 Nollaig 2024, b’fhéidir go mbeidh tú in ann aisíocaíocht cánach ioncaim agus DIRT a d’íoc tú thar na 4 bliana cánach roimhe sin a éileamh.
Má tá tú ag ceannach nó ag féin-thógáil na maoine le duine éigin eile, caithfidh siad a bheith ina gceannaitheoir céaduaire freisin. Ní cháileoidh tú má cheannaigh tú nó gur thóg tú maoin roimhe seo, i do aonar nó i gcomhpháirt le duine ar bith eile, fiú má tá tú scartha nó colscartha ón duine sin anois.
Ní bhaineann an scéim ach le maoine a cheannaítear nó a thógtar mar theach an cheannaitheora céaduaire. Ní chlúdaíonn sé maoin infheistíochta. Má tá maoin fágtha agat nó má tugadh duit í mar bhronntanas, ní bheidh tionchar aige sin ar d’incháilitheacht.
Caithfidh tú morgáiste de 70% ar a laghad den phraghas ceannaigh a thógáil amach (nó, le haghaidh féin-thógála, 70% den luacháil a cheadaigh an soláthraí morgáiste). Tugtar an cóimheas idir iasacht agus luach air seo. Tá cead agat ráthóir a bheith agat ar an iasacht. Is éard is ráthóir ann duine a aontaíonn go bhfuil sé de fhreagracht air do mhorgáiste a íoc mura n-íocann tú é nó mura féidir leat é a íoc, mar shampla, tuismitheoir nó dlúthghaol.
Caithfidh tú a bheith i do chónaí sa réadmhaoin ar feadh 5 bliana nó d’fhéadfaí cuid den fhaoiseamh nó an faoiseamh ar fad a aisghlámadh.
Ceanglais chánach:
Má íocann tú cáin trí ÍMAT, caithfidh tú a bheith cláraithe le haghaidh myAccount na gCoimisinéirí Ioncaim ar líne. Más cáiníocóir féinmheasúnaithe tú, caithfidh tú a bheith cláraithe do Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
I ngach cás, caithfidh tú a bheith comhlíontach go hiomlán ó thaobh cánach de ar feadh na 4 bliana díreach roimh d’éileamh.
Mura ndearna tú amhlaidh cheana, beidh ort Foirm 12 (ÍMAT) agus Foirm 11 (féinmheasúnaithe) a chomhlánú ar líne do gach ceann de na 4 bliana sin. Caithfidh tú aon chánacha gan íoc atá dlite a íoc freisin.
Rátaí
Má shíníonn tú conradh le haghaidh tí nua nó má tharraingíonn tú anuas ar mhorgáiste féin-thógála idir an 23 Iúil 2020 agus an 31 Nollaig 2022, tá tú incháilithe don fhaoiseamh méadaithe. Tugtar faoiseamh feabhsaithe air seo.
Féadfaidh tú faoiseamh a éileamh ar an gceann is lú de:
- €30,000
- 10% de phraghas ceannaigh na maoine
- 10% de luach críochnaithe féin-thógála
- an méid cánach ioncaim agus DIRT a d’íoc tú as na 4 bliana roimhe sin
Má rinne tú iarratas faoin scéim bhunaidh cheana féin, féadfaidh tú na riachtanais fheabhsaithe a chomhlíonadh. Ba cheart duit d’iarratas bunaidh a chealú agus athiarratas a dhéanamh chun leas a bhaint as an bhfaoiseamh méadaithe.
Féadfaidh tú níos mó a léamh faoin Scéim Feabhsaithe Cabhair le Ceannach ar Revenue.ie.
Fanann gach coinníoll eile den scéim mar an gcéanna.
Praghas ceannaigh nó luacháil | An 1 Eanáir 2017 go an 23 Iúil 2020 | An 23 Iúil 2020 go an 31 Nollaig 2022 | |
Suas le €500,000 | Faoiseamh suas le 5% den phraghas ceannaigh nó €20,000 | Faoiseamh suas le 10% den phraghas ceannaigh nó 10% den phraghas luachála ar chríochnú nó €30,000 | |
Os cionn €500,000 | Gan aon fhaoiseamh | Gan aon fhaoiseamh |
Déan iarratas
Tá dhá chéim sa phróiseas iarratais:
- céim an iarratais
- céim an éilimh
Más fostaí ÍMAT agus sin amháin tú, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an scéim Cabhair le Ceannach trí seirbhís myAccount na gCoimisinéirí Ioncaim.
Más cáiníocóir féinmheasúnaithe tú, is féidir leat iarratas a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Beidh rochtain ar MyEnquiries ag teastáil uait freisin. Is modh slán é seo chun comhfhreagras a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.
- más úsáideoir gnó ROS tú, is féidir leat MyEnquiries a rochtain ó do scáileán My Services faoi 'Other Services'
- más fostaí ÍMAT agus sin amháin tú, is féidir leat rochtain a fháil ar MyEnquiries trí myAccount
Is féidir leat sonraí iomlána an phróisis a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Conas is féidir leat an aisíocaíocht a fháil:
- má cheannaíonn tú foirgneamh nua tar éis an 1 Eanáir 2017, íoctar an aisíocaíocht go díreach leis an tógálaí
- má thógann tú an mhaoin tú féin tar éis an 1 Eanáir 2017, íoctar an aisíocaíocht le cuntas bainc atá agat le do sholáthraí iasachta
Léigh tuilleadh faoin scéim Cabhair le Ceannach agus conas iarratas a dhéanamh ar Revenue.ie. Is féidir leat Treoir Achoimre na gCoimisinéirí Ioncaim a léamh freisin chun sonraí iomlána a fháil faoin bpróiseas HTB.