Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil


Cad atá i gceist le Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil

Faoin ‘Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údarás Áitiúil’ déanann údaráis áitiúla árais chónaithe nua a chur ar fáil le ceannach ag iarratasóirí incháilithe ar phraghsanna laghdaithe. I gcomaoin sin, bíonn céatadán de bhun cothromais san áras cónaithe Ceannaigh Inacmhainne ag an údarás áitiúil a bheidh cothrom le lascaine an phraghais ceannaigh ó luach margaidh iomlán an árais cónaithe. Má cheannaíonn iarratasóir incháilithe áras cónaithe ar lascaine 20%, mar shampla, beidh leas cothromais 20% san áras cónaithe ag an údarás áitiúil.

Is é an t-údarás áitiúil a dhéanfaidh an praghas atá le híoc as áras cónaithe Ceannaigh Inacmhainne nua ag ceannaitheoir ar leith, agus an céatadán den bhun cothromais atá le tógáil ag an údarás áitiúil, a ríomh i gcomhréir le rialacháin Rialtais. Déanfar an praghas a ríomh ó uasacmhainn morgáiste iarratasóra (gan aon díolúine a bheith ann ó Bhearta Morgáiste Bhanc Ceannais na hÉireann), faoi réir íosphraghas a leagann an t-údarás áitiúil amach don áras cónaithe.

Cé atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh

Tá an Scéim dírithe ar cheannaitheoirí céaduaire go príomha. Faoi phrionsabal ‘Tús Úr’ an Rialtais, glacfar le hiarratais ó na daoine seo a leanas:

• daoine atá scartha óna bpáirtí nó colscartha nó a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh,

• daoine a chuaigh i mbun imeachtaí dócmhainneachta agus nach bhfuil aon leas acu sa teach a mbíodh cónaí orthu ann.

Ní mór do dhaoine atá pósta nó atá i gcomhpháirtíocht shibhialta, nó atá i ndlúthchaidreamh ina bhfuil siad dílis dá chéile agus a bhfuil sé ar intinn acu cónaí a bheith orthu san áras cónaithe lena bpáirtí comhiarratas a dhéanamh.

Tá na húdaráis áitiúla freagrach as na hiarratais a mheas agus as deimhniú gur ceannaitheoirí incháilithe iad na hiarratasóirí (i gcomhréir le rialacháin Rialtais). Chun a bheith incháilithe, ní mór d’uasacmhainn morgáiste iarratasóra (gan aon díolúine a bheith ann ó Bhearta Morgáiste Bhanc Ceannais na hÉireann), a bheith nach mó ná 85.5% de luach margaidh iomláin an Árais Cónaithe Inacmhainne. Cuireann an t-údarás áitiúil taisce airgid a d’fhéadfadh a bheith ag iarratasóir san áireamh nuair a dhéanann sé an t-iarratas a mheas.

An tSlí le hIarratas a Dhéanamh

Na húdaráis áitiúla faoi seach a chuireann na hárais chónaithe Ceannaigh Inacmhainne ar fáil le ceannach a dhéanann an próiseas iarratais a bhainistiú. De réir mar a chuirtear árais chónaithe ar fáil, fógrófar iad i gcomhréir le rialacháin rialtais agus déanfaidh na húdaráis áitiúla faoi seach na hiarratais a phróiseáil de réir na gcritéar incháilitheachta socraithe. Tabharfar sonraí níos mine i ngach fógra.

I gcás ina bhfuil líon na n-iarratas níos mó ná líon na n-áras cónaithe Ceannaigh Inacmhainne atá curtha ar fáil le ceannach, roghnófar iarratasóirí a n-éireoidh leo i gcomhréir leis an ‘Scéim Tús Áite’ iomchuí atá curtha in iúl ag na húdaráis áitiúla faoi seach (i gcomhréir le rialachán Rialtais).

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat