English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe údaráis áitiúil atá ann cheana



Cad atá i gceist leis an Scéim Ceannaigh Incriminteach ag Tionóntaí do thithe údaráis áitiúil atá ann cheana

Is scéim í seo chun tithe údaráis áitiúil atá ann a cheannach.

Más tionónta údaráis áitiúil (.i. tionónta de chuid comhairle cathrach nó contae) tú atá i do chónaí i dteach údaráis áitiúil, atá ar díol faoin scéim agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun do theach a cheannach.


Conas cáiliú

Tá roinnt cineálacha agus úsáidí tithe nach bhfuil incháilithe faoin scéim, mar shampla:

  • árasáin - tá scéim ceannaigh ar leithligh d’árasáin i bhfeidhm
  • tithe atá deartha go sonrach le haghaidh daoine aosta
  • tithe atá deartha go sonrach i suíomh grúpa le haghaidh áitithe ag baill den Lucht Siúil
  • carbháin, tithe soghluaiste nó struchtúir is féidir a bhogadh ar cibé modh
  • tithe i bhforbairt phríobháideach a d'aistrigh an forbróir chuig an údarás áitiúil ag an bhforbróir (ar a dtugtar réadmhaoin Chuid V freisin, mar gur aistríodh chuig an údarás áitiúil iad faoi Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000)

Féadann d’údarás áitiúil a rá leat cibé an bhfuil do chineál maoine san áireamh sa scéim.

Rialacha

Más tionónta údaráis áitiúil thú a chónaíonn i dteach údaráis áitiúil atá san áireamh sa scéim is féidir leat iarratas a dhéanamh chun an teach a cheannach. Ní mór d’iarratasóirí íosioncam ináirithe bliantúil príomhúil de €11,000 a bheith acu agus a bheith ag fáil tacaíochtaí tithíochta sóisialta ar feadh 10 mbliana ar a laghad. I gcás comhiarratas, ní mór do dhuine den bheirt thionónta a bheith ag fáil tacaíochtaí tithíochta sóisialta ar feadh 10 mbliana ar a laghad, mar a chinneann an t-údarás áitiúil de réir rialacha na scéime.

I measc na dtacaíochtaí tithíochta sóisialta tá Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), Scéim Cóiríochta ar Cíos (SCC) nó tionóntacht 10 mbliana inn áitreabh údaráis áitiúil.

Íocfaidh tú luach margaidh an tí - lúide lascaine.

Ag brath ar ioncam, beidh na lascainí éagsúil idir 40% agus 60%.

Agus príomhioncam ináirithe bliantúil tionónta á chinneadh, féadfaidh údaráis áitiúla ioncam ó fhostaíocht, ó fhéinfhostaíocht agus ó phinsin phríobháideacha a áireamh. Áirítear íocaíochtaí áirithe cosanta sóisialta chun críocha ioncaim ináirithe faoin Scéim toisc go meastar gur íocaíochtaí fadtéarmacha iad.

I measc na n-íocaíochtaí a áirítear chun críocha príomhioncaim ináirithe tá:

  • Pinsean Stáit (Ranníocach agus Neamhranníocach)
  • Pinsean Baintrí/Baintrí Fir/Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach agus Neamhranníocach)
  • Pinsean na nDall
  • Pinsean Easláine
  • Liúntas Míchumais

I measc na n-íocaíochtaí ar féidir iad a mheas chun críocha ioncaim thánaistigh tá:

  • Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht
  • Méadú (Pinsean) 80 Bliain d’Aois;
  • Scéim Shóisialta Tuaithe

  • Ní thugtar aird ar íocaíochtaí cosanta sóisialta eile toisc go meastar go hiondúil nach bhfuil siad fadtéarmach i gcomparáid leis an téarma a gceannaítear maoin faoin Scéim.
  • Chomh maith leis sin, cuirfidh d’údarás áitiúil muirear ar do theach ar a dtugtar ‘muirear ceannaigh incrimintigh’. Beidh an muirear seo comhionann leis an lascaine a gheobhaidh tú ar phraghas an tí.
  • Fanfaidh an muirear i bhfeidhm ar feadh 20, 25 nó 30 bliain (ag brath ar an lascaine a thugtar).

Gach bliain, laghdóidh an t-údarás áitiúil an muirear faoi 2%. Ag deireadh na 20, 25 nó 30 bliain, beidh an muirear nialasach chomh fada agus a chloíonn tú le téarmaí agus coinníollacha na scéime.

  • Ní mór duit cónaí sa teach mar do ghnátháit chónaithe agus aontú a fháil ón údarás áitiúil más mian leat an teach a dhíol, a ligean ar cíos nó a fho-ligean.
  • Beidh tú in ann do theach a athdhíol am ar bith má aontaíonn d’údarás áitiúil. Mar sin féin, má dhíolann tú roimh dheireadh na 20, 25 nó 30 bliain, beidh ort luach an mhuirir atá gan íoc ar do theach a íoc ar ais le d’údarás áitiúil.
  • Cosúil le gach úinéir tí, beidh tú freagrach as cothabháil agus deisiúcháin a dhéanamh ar do theach ón dáta a cheannaíonn tú é. Chomh maith leis sin, beidh ort árachas réadmhaoine a cheannach do do theach mar choinníoll den cheannach – agus beidh ort íoc as an árachas sin tú féin.
  • Is féidir leis an údarás áitiúil diúltú an teach a dhíol i gcúinsí ar leith amhail le tionóntaí nó baill teaghlaigh a bhfuil baint acu le hiompar frithshóisialta nó le riaráistí cíosa.

Leagtar amach sna Rialacháin Tithíochta (Díol Tithe Údaráis Áitiúil) 2015, na coinníollacha maidir le tithe údaráis áitiúil a dhíol. Leasaíodh iad seo le Rialacháin Tithíochta (Díol Tithe Údaráis Áitiúil) (Leasú) 2021 an 12 Eanáir 2022 agus tháinig na hathruithe i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022.


Iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh:

  • comhlánaigh foirm iarratais Scéim Ceannaigh do Thionóntaí (Incriminteach) a fhéadfaidh tú a fháil ó d’údarás áitiúil
  • tabhair cruthúnas ar d’ioncam ináirithe bliantúil
  • taispeáin d’údarás áitiúil an chaoi a bhfuil sé ar intinn agat íoc as an teach
  • tabhair aon fhaisnéis eile a iarrann sé faoi d’iarratas don údarás áitiúil

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chuig d’údarás áitiúil ábhartha.

Is ceist don tionónta é ceannach an tí a mhaoiniú. D’fhéadfá cáiliú d’Iasacht Tí Údaráis Áitiúil, áfach, a ndéantar iarratas ar leith air.