English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta Folmha


Is scéim mhaoinithe leathnaithe í an Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta Folmha chun deontais le haghaidh sainchomhairle chaomhnaithe a sholáthar d'úinéirí tithe traidisiúnta atá ag baint leasa as an Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Folmha, nó atá ag smaoineamh ar an Deontas sin.

Cuireann an Scéim Deontais um Chomhairle Caomhantais deontais ar fáil chun 67% de na costais (suas le huasdeontas €5,000) a bhaineann le saineolaí caomhantais a bhfuil saineolas cruthaithe agus cuí aige/aici a chlúdach:

  • cuairt a thabhairt ar fhoirgneamh traidisiúnta folamh nó tréigthe
  • suirbhé a dhéanamh, agus
  • comhairle chaomhnaithe shaincheaptha a thiomsú d'úinéir na réadmhaoine.

Cuimseoidh an chomhairle shaineolach seo tuarascáil a thabharfaidh breac-chuntas ar riocht an fhoirgnimh agus a shainaithneoidh feabhsuithe caomhnaithe a chuirfeadh ar ais in úsáid é agus ag in am céanna a chuirfeadh lena charachtar, a éifeachtúlacht fuinnimh, a shláine agus a thaitneamhacht.


Cineálacha foirgneamh a cháilíonn

Tacaíonn an Scéim Deontais um Chomhairle Caomhantais le hathchóiriú réadmhaoine faoi dhá shruth.

Sruth 1

Tá Sruth 1 den scéim oscailte d’úinéirí tithe traidisiúnta folmha i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha ina bhfuil an foirgneamh ina Struchtúr Cosanta agus/nó ina struchtúr stairiúil laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta.

Tá foirgnimh incháilithe áit a raibh siad in úsáid thráchtála roimhe sin agus a bhfuil teach aonarach nó teach aonarach os cionn siopa beartaithe mar úsáid.

Tacaíonn an scéim seo le haidhmeanna an Bheartais Tús Áite do Lár an Bhaile agus Tithíocht do Chách.

Sruth 2

Tá Sruth 2 den scéim oscailte d’úinéirí Tithe Feirme Traidisiúnta Folamh ina a bhfuil an foirgneamh ina Struchtúr Cosanta agus/nó ina theach feirme stairiúil suite laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta agus/nó teach feirme dúchasach nach bhfuil aon chosaint reachtúil aige.

Is éard atá i dtithe feirme dúchasacha ná tithe measartha a thóg daoine gan teagasc foirmiúil de réir traidisiúin tíre fadbhunaithe, ag baint úsáide as ábhair mar:]

  • tuí
  • cloch
  • slinn
  • cré
  • caolach
  • adhmad neamhghearrtha.

Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh

Cuidíonn an Deontas um Athchóiriú Réadmhaoin Folmha le réadmhaoine folmha agus tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid. Tá sé ar fáil le haghaidh athchóiriú:

  • réadmhaoine fholamh lena n-áitiú mar phríomháit chónaithe phríobháideach; agus
  • réadmhaoine a chuirtear ar fáil ar cíos, lena n-áirítear athchóiriú réadmhaoine nár úsáideadh mar réadmhaoin chónaithe fós.

Soláthraíonn an Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Folmha deontas de:

  • suas le €50,000 chun réadmhaoin fholamh a athchóiriú, nó
  • €70,000 chun réadmhaoin thréigthe a athchóiriú.

Tá eolas faoin Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Folmha ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Ní mór do réadmhaoine a bheith folamh ar feadh dhá bhliain nó níos mó agus tógtha tráth nach déanaí ná 2007.


Iarratais

An t-iarratas a chur isteach, chomh maith leis an eolas riachtanach, roimh 17:00 ar an 2ú lá de Bealtaine 2025.

Seol aon cheist faoin scéim chuig conservationadvicegrants@housing.gov.ie


Cáipéisí

Foirm Iarratais
Download link for Íoslódáil
Leabhrán (Sruth 1)
Amharc amharc
HSF2025_Stream 1_Report Template_Conservation Advice Scheme for Vacant Traditional Houses in Towns
Download link for Íoslódáil
Leabhrán (Sruth 2)
Amharc amharc
HSF2025_Stream 2_Report Template_Conservation Advice Scheme for Vacant Traditional Farmhouses
Download link for Íoslódáil
Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc