English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Fheabhsaithe don Léasú Fadtéarmach ar Thithíocht Shóisialta



Cad í an Scéim Fheabhsaithe don Léasú Fadtéarmach ar Thithíocht Shóisialta

Leis an Scéim Fheabhsaithe don Léasú Fadtéarmach ar Thithíocht Shóisialta cuirtear an deis ar fáil d’údaráis áitiúla tithíocht a fháil ar léas ó fhorbróirí agus ó infheisteoirí institiúideacha ar bhealach a sheachadann tithíocht shóisialta ar scála agus a bhaineann na torthaí is fearr amach do gach aon pháirtí.

Seo a leanas príomhghnéithe an léasa:

  • is ionann téarma an léasa agus 25 bliain
  • íocann an tÚdarás Áitiúil (an léasaí) suas le 95% de chíos margaidh comhaontaithe ag tús an léasa leis an léasóir (úinéir na maoine)
  • déantar athbhreithniú ar chíos gach 3 bliana, nasctha leis an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP)
  • tá sé de dhualgas ar an Léasóir Seirbhísí Bainistíochta a sholáthar do na maoine
  • is é an tÚdarás Áitiúil ábhartha tiarna talún an tionónta agus bailíonn sé cíos difreálach uathu
  • ba cheart go mbeadh 20 maoin ar a laghad i ngach togra in aon limistéar Údaráis Áitiúil (is féidir sin a bheith ar iliomad láithreán).

Conas cáiliú

Ionas go ndéanfar aighneachtaí a mheas faoin scéim, ní mór do thogróirí:

  • a bheith mar aonán corparáideach arna bhunú faoi Acht na gCuideachtaí 2014
  • dearbhú a chur isteach maidir le sócmhainneacht, nach bhfuil i mbun gníomhaíochtaí mídhleathacha srl.
  • litreacha tacaíochta maoinitheoirí a chur isteach de réir fhoclaíocht an teimpléid
  • gach doiciméad a leagtar amach sa doiciméad Glao ar Thograí a chomhlánú agus a sheoladh ar ais
  • breac-chuntas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe na maoine a chothabháil ar feadh ré an léasa
  • cinntigh go gcomhlíonann na maoine a bheartaítear gach ceanglas reachtúil agus na Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithe ar Cíos) 2017 (S.I. 174/2017) – ní bhreithneofar tograí gan cead pleanála.
  • ní mór go mbeadh maoin faoi throscán.

Conas iarratas a dhéanamh

Cé gur féidir iarratais a dhéanamh ar an Scéim Fheabhsaithe don Léasú fós, táthar le deireadh a chur léi faoi 2026 i gcomhar le léasú go ginearálta, faoin bplean ‘Tithíocht do Chách’. Beidh gá le tacaíocht a fháil ó spriocanna seachadta Thithíocht do Chách a leithdháileadh ar Údaráis Áitiúla le haghaidh aon iarratais faoin Scéim Fheabhsaithe don Léasú ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.

Tá sonraí agus téarmaí iomlána na scéime leagtha amach sa doiciméad Glao ar Thograí.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta gach togra a mheas, i gcomhar leis an Údarás Áitiúil ábhartha, d’fhonn a fháil amach an bhfuil an láithreán oiriúnach do thithíocht shóisialta, cibé an gcomhlíonann an togra sonrach an riachtanas tithíochta sa cheantar agus cibé an bhfuil na cíosanna beartaithe ag teacht le cíosanna margaidh oscailte. Sa chás go bhfuil díospóid ann faoin gcíos ábhartha margaidh oscailte, is féidir tograí a tharchur chuig luachálaí neamhspleách lena gcinneadh. Tá sonraí iomlána na scéime agus na critéir mharcála, lena n-áirítear réamhriachtanais airgeadais agus maoinithe, leagtha amach sa doiciméad Glao ar Thograí.