English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Iasachta um Cheannach Tí De Chuid an Údaráis Áitiúil



Cad é Scéim Iasachta Tí an Údaráis Áitiúil

Is éard atá in Iasacht Tí Údaráis Áitiúil ná morgáiste a bhfuil tacaíocht aige ón rialtas do cheannaitheoirí céaduaire nó iarrthóirí Tús Úr trí údaráis áitiúla.

Is féidir le ceannaitheoirí céaduaire incháilithe cur isteach ar Iasacht Tí Údaráis Áitiúil d'fhonn réadmhaoin chónaithe nua nó athláimhe a cheannach agus le haghaidh féintógálacha. Áirítear léi tithe a cheannach trí scéimeanna stáit mar an Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí agus Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne, cé is moite de Scéim an Chéad Bhaile.

Tá prionsabal 'Tús Úr' i bhfeidhm sa Scéim Iasachta Tí Údaráis Áitiúil, rud a chiallaíonn go mbeidh daoine atá colscartha nó scartha agus nach bhfuil aon leas airgeadais in áras an teaghlaigh acu, nó a chuaigh trí imeachtaí dócmhainneachta, incháilithe cur isteach ar an scéim sin. Tá sí ar fáil ar fud na tíre ó gach údarás áitiúil.


Conas a cháilítear

Beidh feidhm ag na critéir cháilithe nua seo a leanas ón 1 Márta 2023.

Ní mór d'iarrthóirí aonair ar fud na tíre ollioncam bliantúil suas le €70,000 a bheith acu.

Ní mór do chomhiarrthóirí ar fud na tíre ollioncam bliantúil suas le €80,000 a bheith acu.

Is é luach margaidh uasta na réadmhaoine atá le ceannach nó le féintógáil ná:

  • €360,000 i mBaile Átha Cliath, Cill Dara nó Cill Mhantáin
  • €330,000 i gCorcaigh, Gaillimh, Contae Lú nó an Mhí
  • €300,000 sa Chlár, Cill Chainnigh, Luimneach, Port Láirge, an Iarmhí nó Loch Garman
  • €275,000 i gCeatharlach, an Cabhán, Dún na nGall, Ciarraí, Laois, Liatroim, Longfort, Maigh Eo, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach nó Tiobraid Árann

Soláthraítear tríd an iasacht seo suas le 90% de luach margaidh nó luach ceannaigh réadmhaoine a dteastaíonn uait a cheannach. Socraítear méid uasta na hiasachta ag brath ar an áit ina bhfuil an réadmhaoin suite.

Tá tuilleadh faisnéise agus sonraí iomlána faoi chritéir incháilithe na hiasachta le fáil ar shuíomh gréasáin Iasacht Tí Údaráis Áitiúil.


Iarratas a dhéanamh

Is trí na húdaráis áitiúla a riartar an Scéim Iasachta Tí Údaráis Áitiúil.

Más dóigh leat go bhfuil tú incháilithe agus má tá tú in acmhainn na haisíocaíochtaí a íoc ar an méid ar ghá duit a fháil ar iasacht, féadfaidh tú foirm iarratais Iasacht Tí Údaráis Áitiúil a líonadh agus í a chur isteach chuig an údarás áitiúil ábhartha.

Tá an fhoirm iarratais ar fáil le híoslódáil ó shuíomh gréasáin Iasacht Tí Údaráis Áitiúil.

Tá áireamhán ar an suíomh gréasáin sin freisin chun na rudaí seo a leanas a mheas:

  • an méid gur féidir leat a fháil ar iasacht
  • do chuid aisíocaíochtaí míosúla
  • Costais Árachais um Chosaint Morgáiste
  • rátaí úis

Iasacht Cheannaigh agus Athchóirithe Údaráis Áitiúil

Is morgáiste agus iasacht le tacaíocht Rialtais é Iasacht Cheannaigh agus Athchóirithe Údarás Áitiúil chun tithe tréigthe agus neamh-ináitrithe a cheannach agus a athchóiriú. Caithfidh an mhaoin a bheith incháilithe don Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh, bíodh sí tréigthe, neamh-ináitrithe nó díreach folamh.

Beidh iarratasóir ar mian leo teach atá incháilithe don Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh a cheannach agus/nó a athchóiriú, ach nach féidir leo dóthain maoinithe a fháil ó iasachtóirí tráchtála in ann iarratas a dhéanamh anois chuig a n-údarás áitiúil ar ICAÚÁ.

Tá incháilitheacht don iasacht faoi réir iarratasóirí a bheith ag comhlíonadh na gcritéar incháilitheachta morgáiste údaráis áitiúil atá ann cheana féin agus an tionscadal a bheith ag comhlíonadh chritéir iasachtaithe na scéime.

Tá foirm iarratais agus doiciméid ábhartha chun d’iasacht cheannaigh agus athchóirithe a chomhlánú ar fáil anseo.