Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT)
- Foilsithe: 26 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 14 Feabhra 2025
Ar an 26 Iúil 2024, d’fhógair Malcolm Noonan TD, An tAire Stáit le freagracht as Dúlra, Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchái cistiú don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2025.
An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht 2025
Tá An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2024 (BHIS) ann chun deisiú agus caomhnú a dhéanamh ar struchtúir atá faoi chosaint faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.
Tá mar aidhm ag an scéim seo tacú le
- líon suntasach tionscadal caomhantais dhlúthshaothair de scála beag ar fud na tíre
- a fhostaíonn gairmithe caomhantais agus ceardaithe oilte a bhfuil taithí acu leis an timpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú.
Tá deontais idir €2,500 agus €50,000 ar fáil.
Sa scéim i mbliana glactar isteach sruthanna d’fhoirgnimh dhúchasacha agus aghaidheanna siopa, a bhí mar chuid de Chiste na Struchtúr Stairiúil.
Tá an Roinn ag dul ar aghaidh arís leis an sruth de ‘mhicrea’ dheontais a tógadh isteach in 2020 le haghaidh oibreacha mar chothabháíl ghnáthaimh agus mion-deisiúcháin.
Tá an scéim á riar go ginearálta tríd na húdaráis áitiúla.
Déan teagmháil linn
Déanann iarratasóirí a n-iarratais tríd a nÚdarás Áitiúil.
Tá am na n-iarratas thart anois. Féidfear liosta na dtionscadal a gheobhaidh maoiniú i 2025 a fheiceáil seo thíos. Faoi réir maoiniú, féidfear iarratais a chur isteach don scéim seo níos déanaí i 2025
Tá sonraí na scéime agus treoracha ar conas iarratas a dhéanamh le fáil sna doiciméid seo a leanas: