Tairseach MTT
- Foilsithe: 22 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Nollaig 2024
- Cad atá i gceist leis an Tairseach MTT
- Conas is féidir leat an Tairseach MTT a chur ar an eolas faoi iarratas
- Féach ar an tairseach MTT
- Foirm iarratais d’iarratasóirí
- Foirm iarratais le haghaidh údaráis inniúla
- Déan teagmháil le MTT
- Tuilleadh eolais
Cad atá i gceist leis an Tairseach MTT
Faoi dhlí an AE ní féidir cead pleanála a dheonú do thionscadail ar dócha go mbeidh tionchar mór acu ar an gcomhshaol ach amháin tar éis measúnú a chur i gcrích ar an tionchar ar an gcomhshaol. Tugtar Measúnuithe Tionchair Timpeallachta ar na measúnuithe seo.
Ar thairseach an Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta is féidir leat teacht ar:
- iarratais ar thoiliú forbartha atá faoi réir MTT, lena n-áirítear forbairt, oibreacha nó gníomhaíochtaí,
- rochtain ar na hiarratais sin agus naisc chuig an bhfaisnéis agus na doiciméid ábhartha a bhaineann leis an iarratas atá i seilbh na n-údarás ábhartha atá freagrach as iarratais den sórt sin a fhormheas (ar a dtugtar údaráis inniúla).
Éascaítear deis luath agus éifeachtach leis an Tairseach MTT d’aon duine le bheith rannpháirteach sna nósanna imeachta cinnteoireachta nuair a bhíonn MTT ag teastáil.
Conas is féidir leat an Tairseach MTT a chur ar an eolas faoi iarratas
Má tá iarratas ar thoiliú forbartha á dhéanamh agat chuig údarás inniúil do thionscadal a bhfuil MTT ag teastáil ina leith, nó má tá sé beartaithe agat amhlaidh a dhéanamh, féach le do thoil ar an nasc Faisnéis d’iarratasóirí thíos.
Más údarás inniúil thú, agus má tá cinneadh á dhéanamh agat maidir le hiarratas ar thoiliú forbartha do thionscadal a bhfuil MTT ag teastáil ina leith, féach le do thoil ar an nasc Faisnéis d’Údaráis Inniúla thíos.
Féach ar an tairseach MTT
Foirm iarratais d’iarratasóirí
Foirm iarratais le haghaidh údaráis inniúla
Déan teagmháil le MTT
Má tá aon cheist agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:
Contact details for the EIA Portal Administrator
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 888 2142
Tuilleadh eolais
- Tairseach MTT - Ceisteanna Coitianta agus Séanadh
- Tairseach MT - Eolas d’Iarratasóirí
- Tairseach MTT - Foirm Iarratasóra
- Tairseach MTT - Faisnéis d’Údaráis Inniúla
- Tairseach MTT - Foirm an Údaráis Inniúil
- Coimisiún an AE - MTT
- Ráiteas Príobháideachais - Próiseas i dtaca le Fógra ar an Tairseach um Measúnú Tionchair Timpeallachta
Má tá aon cheist agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:
EIA Portal administrator
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01 8882142