English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Tithíocht ar Cíos de réir Costais



Cad é Cíos de réir Costas

Is ionann cíos de réir costais agus cineál nua cíosa árais cónaithe atá fadtéarmach agus inbhuanaithe. Dírítear Cíos de réir Costais ar theaghlaigh ar ioncam meánach, a bhfuil an t-ioncam sin os cionn na dteorainneacha do thithíocht shóisialta, ach nach bhfuil sé d’acmhainn acu a n-áras cónaithe féin a cheannach ar an margadh oscailte.

Leis an múnla Cíos de réir Costais, bíonn cíos socruithe d’árais chónaithe chun an costas a bhaineann le maoiniú, tógáil, bainistiú agus cothabháil an árais a chlúdach, agus an costas sin amháin. Is féidir fóirdheontais Stáit a úsáid d’fhonn an costas tosaigh caipitil a laghdú agus an costas tosaigh cíosa seo a dhéanamh níos inacmhainne. Cuireann Cíos de réir Costais tionóntachtaí seasmhacha ar fáil do thionóntaí in árais chónaithe atá inbhuanaithe agus fadtéarmach.


Mar is féidir cáiliú do Chíos de réir Costais

D'fhéadfá a bheith incháilithe d’áras cónaithe Cíosa de réir Costais má chomhlíonann tú na critéir incháilíochta a leanas:

  • tá glanioncam teaghlaigh faoi bhun €53,000 in aghaidh na bliana agat
  • níl aon tacaíochtaí tithíochta sóisialta á bhfáil agat (Forlíonta Cíosa nó Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta)
  • tá do líon tí ag teacht le méid na réadmhaoine
  • cinneann an tiarna talún go bhfuil sé ar d’acmhainn an costas cíosa a íoc
  • níl ach iarratas amháin curtha ar aghaidh ag do theaghlach do réadmhaoin shonrach cíosa de réir costais

Déan iarratas

De réir mar a chuirtear scéimeanna ar fáil, beidh tionóntaí ionchasacha in ann iarratas a dhéanamh trí Chomhlacht Tithíochta Údaraithe, trí údarás áitiúil, nó tríd an nGníomhaireacht Forbartha Talún, ag brath ar cé atá ag riaradh na scéime. Glacfar le hiarratais do gach scéim ar bhonn aonair.

Déanfar árais chónaithe a fhógairt ar láithreán gréasáin na gComhlachtaí Tithíochta Údaraithe, na n-údarás áitiúil nó na Gníomhaireachta Forbartha Talún, de réir mar a bheidh siad ar fáil agus ar aon dul le Rialacháin Rialtais atá leagtha amach). Roghnófar iarrthóirí a n-éireoidh leo, a chomhlíonann na critéir incháilíochta, trí chrannchur.

Clár na gComhlachtaí Tithíochta Ceadaithe

Láithreáin Ghréasáin na n-Údarás Áitiúil

An Ghníomhaireacht Forbartha Talún (LDA)


Tionóntachtaí ar Cíos de réir Costais

Is catagóir nua de thionóntacht phríobháideach iad tionóntachtaí ar cíos de réir costais a bhfuil cosaintí breise i gceist leo don tionónta níos mó ná mar a bhíonn le tionóntachtaí príobháideacha traidisiúnta.

Tá na cíosanna tosaigh do thionóntachtaí ar Cíos de réir Costais socraithe bunaithe ar na ríomhaireachtaí de na costais atá bainteach leis na hárais chónaithe a chur ar fáil thar tréimhse 40 bliain, lena n-áirítear an tuiscint go mbeidh boilsciú ar chíosanna agus na costais leanúnach a bhaineann leis an réadmhaoin a bhainistiú agus a chothabháil. Ní hamháin go gcinntíonn an méadú de réir a chéile seo go bhfanann cíosanna seasmhach i dtéarmaí réadacha go fadtéarmach, is dócha faoi bhun ráta boilscithe cíosanna sa mhargadh príobháideach, ach cinntíonn sé chomh maith go bhfuil an cíos a ghearrtar ar an tionónta chomh híseal agus is féidir.

Le tionóntachtaí ar Cíos de réir Costais cuirtear cóiríocht sheasmhach fhadtéarmach ar fáil do thionóntaí.

Tar éis don tionónta a bheith ina chónaí in áit chónaithe Cíos de réir Costais ar feadh sé mhí, ní féidir leis an tiarna talún deireadh a chur lena thionóntacht ach ar fhoraois an-teoranta. Ní áirítear leis na forais seo an tiarna talún ag díol na réadmhaoine, duine muinteartha atá ag iarraidh cónaí ann, nó í a athchóiriú. Ní mór do gach tionóntacht ar Cíos de réir Costais a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB).