English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Vótáil in Éirinn



Incháilitheacht vótálaithe in Éirinn

Le bheith i dteideal vóta a chaitheamh ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus gnáthchónaí ort in Éirinn.

Socraíonn saoránacht na himeachtaí toghcháin ag a bhféadfaidh duine vótáil:

  • is féidir le saoránaigh Éireannacha vótáil i dtoghcháin Dála, i dtoghcháin áitiúla, i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus i reifrinn
  • is féidir le saoránaigh na Breataine vótáil i dtoghcháin Dála agus i dtoghcháin áitiúla
  • is féidir le saoránaigh an AE vótáil i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla
  • ní féidir le gach duine eile vótáil ach i dtoghcháin áitiúla

Forálann an tAcht um Athchóiriú Toghcháin 2022 do réamhchlárú do dhaoine 16 agus 17 mbliana d’aois ach níl siad i dteideal vótáil go dtí go mbaineann siad 18 mbliana d’aois amach.


Clár na dToghthóirí

Chun a bheith in ann vótáil i dtoghchán nó i reifreann, ní mór ainm duine a chur isteach ar chlár na dtoghthóirí don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin. Is Údaráis Chlárúcháin iad Údaráis Áitiúla (comhairlí contae, comhairlí cathracha, agus comhairlí cathracha agus contae). Tá siad freagrach as clár na dtoghthóirí a bhainistiú agus a chothabháil. Faoi fhorálacha an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022, tá athrú tagtha ar an bpróiseas clárúcháin toghthóirí chun é a dhéanamh níos inrochtana. Áirítear leis na príomhathruithe:

  • bogadh chuig clárú rollach, rud a chiallaíonn gur féidir le daoine a gcuid sonraí a nuashonrú aon tráth den bhliain
  • úsáid Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSPanna) sa phróiseas chun cros-seiceáil shimplí ar shonraí céannachta a chur i bhfeidhm le sláine shonraí an chláir a fheabhsú agus chun ligean do dhaoine iarratas ar líne a dhéanamh
  • clárú aonair ionas go mbeidh smacht níos fearr ag gach duine ar a gclárúchán féin agus ar a sonraí féin
  • socruithe tuairiscithe agus maoirseachta a thabhairt isteach

Ina theannta sin, tá forálacha nua curtha san áireamh chun:

  • clárú gan ainm a chumasú dóibh siúd a bhféadfadh a sábháilteacht a bheith i mbaol dá bhfoilseofaí a sonraí ar an gclár
  • toghthóirí nach bhfuil aon seoladh acu agus iad ag clárú a éascú
  • réamhchlárú a chumasú do dhaoine 16 agus 17 mbliana d’aois a chuirfear ar an gclár go huathoibríoch nuair a bheidh siad 18 mbliana d’aois

Spreagtar gach duine anois cuairt a thabhairt ar checktheregister.ie agus a n-iontráil ar an gclár a dheimhniú nó a nuashonrú trína UPSP, dáta breithe agus éirchód a chur leis – cabhróidh sé seo le húdaráis chlárúcháin (is é sin údaráis áitiúla) ina gcuid oibre chun clár toghthóirí cruinn agus iomlán a chinntiú.

Is féidir leat iniúchadh a dhéanamh ar chóip de chlár na dtoghthóirí ach dul i dteagmháil le d’údarás clárúcháin go díreach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chlár na dtoghthóirí i raon teangacha éagsúla.


Seiceáil Clár na dToghthóirí ar líne

Is féidir leat úsáid a bhaint as checktheregister.ie/ga-IE anois chun an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • seiceáil an bhfuil tú cláraithe agus do shonraí a dheimhniú
  • d'ainm nó do sheoladh a nuashonrú
  • clárú, nó réamhchlárú den chéad uair
  • foirmeacha a íoslódáil
  • tuilleadh eolais a fháil

Chomh maith leis an rogha chun do shonraí a chlárú nó a nuashonrú ar líne, is féidir leat clárú le d’údarás clárúcháin ach foirm pháipéir a líonadh (féach an doiciméad thíos) agus í a thabhairt ar ais go díreach chuig d’údarás clárúcháin.

Clárú chun vóta a chaitheamh
Amharc amharc

Athrú ar shaoránacht

Ní mór do dhaoine a ndéantar saoránaigh Éireannacha díobh, nó a athraíonn a saoránacht ar bhealach eile, fianaise dhoiciméadach den athrú sin a chur isteach. Ar an gcúis sin, bíonn foirm pháipéir de dhíth. Is féidir an fhoirm a íoslódáil ag checktheregister.ie/ga-IE.


Córas Toghcháin na hIonadaíochta Cionmhaire agus an Aonvóta Inaistrithe in Éirinn

Déantar vótáil i dtoghcháin Uachtaránachta, Dála, an tSeanaid, Eorpacha, áitiúla agus mhéara le ballóid rúnda ar phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire i dtoghcheantair ilshuíocháin (is toghcheantar amháin í Éire i dtoghchán Uachtaránachta; is toghcheantar amháin do thoghchán méara é Cathair agus Contae Luimnigh), bíonn aonvóta inaistrithe ag gach vótálaí. Léigh Item was unpublished or removed


Meabhrán lena dTugtar Treoir do Chinn Chomhairimh - An tOlltoghchán 2024

Meabhrán treorach do Chinn Chomhairimh, atá ceaptha cabhrú leo a ndualgais a chomhlíonadh i dtoghcháin Dála. Chruthaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an meabhrán seo.

Lámhleabhar d'Oifigigh Cheannais, atá ceaptha cabhrú leo a ndualgais a chomhlíonadh i dtoghcháin Dála. Chruthaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an meabhrán seo.


Aiseolas