Aodán Mac an Mhíle
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 30 Lúnasa 2024

Tá freagracht ag Aodán Mac an Mhíle ag leibhéal an Phríomhoifigigh as monatóireacht a dhéanamh ar shocruithe rialachais san Fhoras Teanga (comhdhéanta d’Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise) a bunaíodh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, as seachadadh na bpacáistí maoinithe a comhaontaíodh in éineacht le comhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua, as ionchur na Roinne in obair Chomhairle na Breataine–na hÉireann agus as comhoibriú Thuaidh-Theas in earnáil na dteangacha i gcoitinne. I gceannas freisin ar Rannán na nOileán faoi Chomhaontú Seirbhíse leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.