Charlie McConalogue
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 17 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2025

Tá Charlie McConalogue ina Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le freagracht speisialta as Spóirt agus Beartas Poist. Ceapadh sa ról seo é an 29 Eanáir 2025.
Roimhe sin bhí sé ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ón 2 Meán Fómhair 2020.
Rugadh é i mí Dheireadh Fómhair 1977 agus is as Gleann Fhíle i gCo Dhún na nGall é. Ó chúlra feirmeoireachta, fuair sé a chuid oideachais i bPobalscoil Carn Domhnach sula ndeachaigh sé ag staidéar i UCD áit a ndearna sé staidéar ar Eacnamaíocht, Polaitíocht & Stair. Thosaigh sé páirteach sa pholaitíocht ar dtús agus é ag freastal ar UCD.
Tar éis dó a bheith ag obair i gCeannáras Fhianna Fáil ar feadh roinnt blianta, chomh maith le bheith ag obair thar lear san Astráil, d’fhill an tAire McConalogue abhaile ag obair ar fheirm an teaghlaigh sular toghadh ina Chomhairleoir Contae Dhún na nGall é in 2009. In 2011, toghadh Charlie mar TD do Dhún na nGall. Oirthuaisceart.
Ceapadh an tAire McConalogue roimhe seo ina Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le freagracht as Athchóiriú an Dlí agus roimhe sin bhí poist aige mar urlabhraí Fhianna Fáil ar Leanaí, Oideachas agus Scileanna, agus Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal McConalogue ag charlie.mcconalogue@oireachtas.ie