English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Beathaisnéisí

Feargal Ó Coigligh

Feargal Ó Coigligh

Tá Feargal Ó Coigligh ceaptha i bpost an Ard Rúnaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus cuireadh tús lena théarma ar 20 Eanáir 2024. Tá réimse leathan feidhmeanna ag an roinn a bhaineann le turasóireacht, na healaíona agus cultúr, na forais chultúir náisiúnta, scannánaíocht, na meáin, spórt, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Roimhe seo, bhí Fearghal Ó Coigligh ina Rúnaí Cúnta leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Bhí sé ina Rúnaí Cúnta ar Chultúr agus na hEalaíona ó 2015 go dtí 2018, agus é i gceannas ar chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, clár Chomóradh an Chéid Éire 2016 ina measc, a raibh an-rath air. Roimhe sin arís bhí sé freagrach as an bpolasaí Oidhreachta, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra san áireamh.


Róil