Sharon Barry
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Feabhra 2025

Tá Cultúr Éireann freagrach as ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain. Deiseanna a chruthú agus tacú le healaíontóirí agus cuideachtaí Éireannacha a gcuid oibre a chur i láthair ag taispeántais idirnáisiúnta straitéiseacha, ag féilte, ag ionaid agus ag margaí ealaíon. Tá sé seo indéanta de bharr na scéime maoinithe rialta a thacaíonn le cur i láthair idirnáisiúnta saothar ealaíontóirí agus cuideachtaí Éireannacha, trí thacú le roinnt taispeántais ealaíne in Éirinn agus feidhmiú Féach Anseo, scéim a thacaíonn le taisteal isteach go hÉirinn láithreoirí, coimeádaithe agus poiblitheoirí idirnáisiúnta chun saothar Éireannach nua a fheiceáil atá ar fáil le haghaidh camchuairteanna idirnáisiúnta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.CultureIreland.com.
Feidhmíonn Tacaíochtaí Cultúrtha an scéim phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona, tionscadal taighde 3 bliana ina scrúdaítear an tionchar atá ag ealaíontóirí Ioncam Bunúsach seachtainiúil a íoc.