Comhairliúchán Poiblí maidir le Mórimeachtaí a Ainmniú
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 10 Nollaig 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 10 Nollaig 2020
- Dúnadh na haighneachtaí: 14 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cúlra
Faoi Rialacha an AE tugtar cead do na ballstáit imeachtaí spórt agus imeachtaí cultúir áirithe a ainmniú mar imeachtaí atá fíorthábhachtach don tsochaí agus ceadaítear dóibh a chinntiú go ndéantar na himeachtaí seo a shaorchraoladh ar an teilifís mar chraoladh atá beo nó iarbheo. Déantar athbhreithniú ar an liosta gach trí bliana chun a fháil amach an bhfuil na critéir chuimsithe fós á gcomhlíonadh agus féachaint an bhféadfaí imeachtaí eile a chur leis an liosta.
Rinneadh ainmniúcháin den chéad uair i Márta 2003 agus tá athbhreithniú déanta ar an liosta trí huaire ó shin. Níor cuireadh aon athrú ar an liosta de bharr athbhreithnithe 2006 agus 2011. Mar thoradh ar athbhreithniú 2017 cuireadh dhá imeacht breise leis an liosta, Cluichí Ceannais Chraobhchomórtais Sinsir na mBan sa Pheil agus sa Chamógaíocht. Bhíothas ag smaoineamh ar chluichí na hÉireann i gComórtas na Sé Náisiún a chur san áireamh mar chraoltaí beo ach socraíodh iad a choinneáil ar bhonn iarbheo amháin mar go mbeadh fáil orthu mar shaorchraoltaí go dtí deireadh 2021 de bharr comhaontaithe idir Virgin Media agus an IRFU.
Critéir atá de dhíth chun Ceadú an AE a fháil
D’fhonn a bheith curtha san áireamh le haghaidh ainmniúcháin ní mór don imeacht ar a laghad péire den cheithre chritéar seo a leanas, a bhaineann le chomh tábhachtach agus atá an t-imeacht don tsochaí, a chomhlíonadh:
- tacaíocht choitianta a bheith ann don imeacht taobh istigh den tír, ní leor go mbeadh sé tábhachtach do lucht leanúna an spóirt nó an imeachta atá faoi chaibidil
- tá tábhacht chultúir atá sainiúil, soiléir ag an imeacht don mhórphobal, go háirithe ó thaobh féiniúlacht chultúir a spreagadh
- tá baint ag an bhfoireann náisiúnta leis an imeacht i gcomhthéacs comórtais nó craobh atá tábhachtach go idirnáisiúnta
- bhí an t-imeacht saorchraolta ar an teilifís go dtí seo agus mheall sé lucht féachana mór
Anuas air seo tá critéar riachtanach eile ag an AE, atá bunaithe ar an íosleibhéal lucht féachana is gá a bheith ag imeacht. Chun ainmniúchán a fháil éilíonn an AE go mbeadh sciar lucht féachana 5% ag an imeacht.* *
An Liosta Reatha atáthar ag Athbhreithniú
BEO:
- Cluiche Ceannais Sinsir Pheil na mBan (2017)
- Cluiche Ceannais Sinsir Camógaíochta na hÉireann (2017)
- na Cluichí Oilimpeacha Samhraidh (2003)
- na Cluichí Ceannais Sinsir idirchontae sa Pheil agus san Iománaíocht (2003)
- Cluichí cáilithe na hÉireann ag baile agus as baile i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA (2003)
- Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Peile na hEorpa agus i gCorn Domhanda FIFA (2003)
- Cluichí oscailte, Cluichí Leathcheannais agus Craobhchomórtais Peile na hEorpa agus Corn Domhanda FIFA (2003)
- Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtais Chorn an Domhain sa Rugbaí (2003)
- an Grand National agus Darbaí na hÉireann (2003)
- Corn na Náisiún ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath (2003)
Iarbheo:
- Cluichí na hÉireann i gCraobhchomórtas Rugbaí na Sé Náisiún (2003)
An Próiseas Comhairliúcháin
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tús leis an athbhreithniú ar liosta na n-imeachtaí ar an Déardaoin 19 Samhain agus tugtar cuireadh do na páirtithe leasmhara agus do dhaoine gur spéis leo an t-ábhar aighneachtaí a chur isteach. Is é an dáta deireanach ar a nglacfar le haighneachtaí ná an 14ú Eanáir 2020.
Iarrtar ar fhreagróirí na ceisteanna atá leagtha amach sa suirbhé ar líne a fhreagairt:
1. An bhfuil imeachtaí ar an liosta reatha ba cheart a bhaint de? Inis le do thoil cén fáth.
2. An bhfuil imeachtaí eile ba cheart a chur ar an liosta? Inis le do thoil cén fáth.
3. Cén tábhacht chultúir atá leis an imeacht/na himeachtaí atá luaite agat do lucht féachana na hÉireann?
4. Cén tacaíocht choitianta atá ag lucht féachana in Éirinn don imeacht (tacaíocht atá níos leithne ná tacaíocht an lucht leanúna spóirt)?
5. An bhfuil baint ag foireann náisiúnta leis nó ionadaíocht ag leibhéal náisiúnta leis?
6. An raibh saorchraoladh á dhéanamh ar an imeacht go dtí seo?
Suirbhé
Is féidir freagraí a sheoladh chuig an roinn:
- tríd an suirbhé ar líne, nó
- trí chóip chrua de do chuid freagraí a chur chuig: Darragh Hogan, Athbhreithniú ar Chumhdach Mhórimeachtaí, An Rannóg Craoltóireachta agus Meán, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD30
Ba cheart go dtabharfadh na freagróirí faoi deara go bhfuil siad, nuair a fhreagraíonn siad, ag tabhairt cead go ndéanfaí a n-ainmneacha a fhoilsiú ar líne in éineacht leis an aighneacht. Beidh seoltaí pearsanta agus seoltaí ríomhphoist folaithe ag an Roinn sula bhfoilseofar an t-ábhar.
Tabhair faoi deara go dtagann an comhairliúchán seo faoi fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. I gcás rud ar bith i d’aighneacht d’fhéadfadh a bheith mothálach nó íogair ó thaobh tráchtála de, ba cheart duit aird a tharraingt go soiléir air, ach is gá do gach duine atá páirteach a thuiscint freisin go dtiocfaidh gach freagra ar an gcomhairliúchán, ina iomláine, faoi fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus go bhféadfadh go bhfoilseofaí iad ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
- *Déantar an sciar lucht féachana a thomhas ag úsáid TAM Ireland. Cuimsíonn TAM Ireland formhór na gcraoltóirí tráchtála atá ag feidhmiú in Éirinn agus na príomhghníomhaireachtaí ceannacháin meán na hÉireann. Déantar an meánráta sa nóiméad a ríomh tríd an meánlíon lucht féachana do gach nóiméad a bhfuil an t-imeacht ar bun, a léiriú mar chéatadán de dhaonra na hÉireann os cionn ceithre bliana. Mar shampla, bhí sciar lucht féachana 21% agus 17.7% ag Cluichí Ceannais Sinsir idirchontae Chumann Luthchleas Gael sa Pheil agus san Iománaíocht sa tréimhse ó 2010 go 2015 agus sa tréimhse chéanna bhí sciar lucht féachana 5.2% agus 4.2% ag An Grand National agus ag Corn na Náisiún ag Seó Capall Bhaile Átha Cliath.
Comhairliúchán seachtrach
To view the consultation click the button below.