Comhairliúchán Poiblí maidir le Trasuíomh an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Meán Fómhair 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 9 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 4 Deireadh Fómhair 2024
Consultation is closed
Comhthéacs
I Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a mholadh i dtaca le Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (GESM). Tá sé mar aidhm leis an GESM an margadh inmheánach do sheirbhísí meán a neartú agus iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint san AE, trí rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta éagsúla a chomhchuibhiú. I ndiaidh idirbheartaíochta, glacadh leis an togra agus tháinig sé i bhfeidhm i mBealtaine 2024. Beidh feidhm ag mórchuid fhorálacha an GESM ón 8 Lúnasa 2025.
Cé gur rialachán é an GESM agus go bhfuil sé, mar sin, infheidhme go díreach ar na Ballstáit, beidh gá le cuid gnéithe a thrasuí i ndlí na hÉireann. Is é atá mar aidhm leis an chomhairliúchán seo ná léargas soiléir ar phríomhfhorálacha an GESM a chur ar fáil, agus chun dearcthaí a lorg ar chineálacha cur chuige féideartha ar an trasuíomh.
Próiseas Comhairliúcháin
Tá nóta mínithe ullmhaithe ag an Roinn ina gclúdaítear príomhfhorálacha an GESM, agus ina leagtar amach roinnt ceisteanna ar phríomhghnéithe an rialacháin. Tá na ceisteanna seo in ainm a bheith mar threoir chun struchtúr a chur ar fhreagraí, agus ní gá na ceisteanna uilig a fhreagairt.
Tá fáilte roimh pháirtithe leasmhara a n-aighneachtaí a chur isteach trí ríomhphost chuig EMFA@tcagsm.gov.ie faoi 2 Deireadh Fomhair 2024.
Tabhair faoi deara go bhfuil freagraí ar an chomhairliúchán seo faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Ba cheart do pháirtithe aon fhaisnéis atá rúnda nó íogair ó thaobh tráchtála a léiriú go soiléir ina n-aighneachtaí. Mar sin féin, ba cheart do pháirtithe tabhairt faoi deara go bhfuil na freagraí go léir ar an chomhairliúchán faoi réir na nAchtanna SF ina n-iomlán agus go bhféadfadh go bhfoilseofar iad ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Déanfaidh an Roinn aon eolas pearsanta a bhaint amach sula bhfoilseofar an freagra.
Na Chéad Chéimeanna Eile
D’fhéadfadh an Roinn, i ndiaidh anailís a dhéanamh ar fhreagraí ó gheallsealbhóirí, dul i gcomhar go déthaobhach le geallsealbhóirí chun plé níos mionsonraithe a dhéanamh ar cheisteanna áirithe.
Nuair a thagann an comhairliúchán poiblí chun críche, déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar gach aighneacht, glacfaidh sí leis an chur chuige molta mar is gá agus ullmhóidh sí moladh le cur faoi bhráid an Aire. Cuirfidh an tAire dréachtcheannteidil an Bhille os comhar an Rialtais lena bhformheas agus a bhfoilsiú.
Tá síneadh curtha leis an spriocdháta d’aighneachtaí go dtí 5.30 pm Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair.