Comhairliúchán Poiblí thar ceann an Choiste Chomhairligh ar Ionadaíocht agus Scéalta na mBan
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Iúil 2024
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 11 Iúil 2024
- Dúnadh na haighneachtaí: 30 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 2 Meán Fómhair 2024
Consultation is closed
Cúlra
Ar an 7 Márta 2024, d’fhógair an tAire Catherine Martin T.D. gur ceapadh coiste comhairleach nua, faoi chathaoirleacht an Dr Sandra Collins, ag díriú ar léiriú na mban agus eispéireas na mban ina n-éagsúlacht uile, laistigh de na forais náisiúnta cultúir agus na bailiúcháin náisiúnta. Déanfaidh an coiste moltaí beartais chun cabhrú leis an Rialtas an ionadaíocht ar eispéiris, róil agus guthanna éagsúla ban a fheabhsú. Ina gcuid oibre, breithneoidh an coiste comhairleach féidearthacht roghanna le haghaidh cur i láthair tiomnaithe ar scéalta na mban.
Chonaiceamar, le blianta beaga anuas, an tionchar dearfach a bhíonn ag rannpháirtíocht chultúrtha, tionscnaimh for-rochtana, agus imeachtaí poiblí, maidir le taifeadadh agus cur i láthair do lucht féachana poiblí leathan, eispéiris na mban agus an méid a chuireann siad leis an Stát. Aithnímid, áfach, go bhfuil míchothromaíochtaí fós ann maidir le léiriú guthanna agus eispéireas na mban, áiteanna nach bhfuil dóthain ionadaíochta á déanamh ar éagsúlacht shaol na mban nó nach dtugtar aird ar bith uirthi.
Próiseas Leathan Comhairliúcháin Poiblí
Tá tús á chur ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le próiseas leathan comhairliúcháin poiblí thar ceann an Choiste Chomhairligh chun comhrá poiblí a spreagadh faoin gcaoi a ndéanaimid taifead agus ionadaíocht ar eispéiris agus ar ghuthanna éagsúla na mban inár stair, i.e. go háirithe mná a imeallaíodh go stairiúil. Cabhróidh an comhairliúchán seo leis an gCoiste Comhairleach agus iad ag breathnú ar na moltaí a dhéanfaidh siad, chun cur le hionadaíocht na mban in eagraíochtaí cultúrtha Éireannacha agus sna bailiúcháin náisiúnta. Táimid ag lorg tuairimí na bpríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear grúpaí gairmiúla, abhcóideachta, ionadaíocha agus pobail éagsúla, chomh maith le páirtithe leasmhara eile ar bhonn uile-oileáin agus go hidirnáisiúnta.
Tá súil againn go mbeidh éagsúlacht shaibhir tuairimí agus smaointe mar thoradh ar an bpróiseas comhairliúcháin seo, rud a chabhróidh leis an gCoiste Comhairleach a gcuid oibre a chur chun cinn, agus cuirfear a gcuid moltaí faoi bhráid an Rialtais.
Cuirtear fáilte roimh do thuairimí agus moltaí.
Conas aighneacht a dhéanamh
1) Trí shuirbhé
Cuir d’aighneacht isteach roimh 5 i.n., Dé Luain, an 30 Meán Fómhair 2024 tríd an nasc suirbhé ar líne anseo.
2) Forimeacha eile
Is féidir leat freisin d’aighneacht a dhéanamh trí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann nó i bhformáidí closamhairc réamhthaifeadta, nó i bhformáidí eile. Má tá aon cheist agat faoi aighneacht a dhéanamh, déan teagmháil linn ag womensstories@tcagsm.gov.ie.
Féadfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán aighneachtaí a fhaightear a fhoilsiú a mheasann sí a bheith cuí le foilsiú. Oibríonn an Roinn ar a conlán féin maidir leis seo.
Roinnfidh an Roinn na haighneachtaí a gheofar leis an gCoiste Comhairleach. Nuair is cuí, féadfaidh an Roinn aighneachtaí a roinnt le Ranna Rialtais ábhartha nó le páirtithe leasmhara eile, chun cur chuige comhtháite, cuimsitheach agus comhoibríoch a chur chun cinn agus na haighneachtaí a fuarthas á mbreithniú.
Mura dtoilíonn tú le d’aighneacht a roinnt leis na Ranna Rialtais agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, luaigh é seo go soiléir le do thoil i d’aighneacht nó cuir tic sa bhosca cuí sa suirbhé.
Dá réir sin, luaigh go soiléir le do thoil nó cuir tic sa bhosca cuí sa suirbhé más mian leat go ndéileálfadh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le d’aighneacht faoi rún.
Foilseofar ainmneacha na bpáirtithe leasmhara a dhéanann aighneachtaí ach má iarrann tú orainn gan d’ainm a fhoilsiú ní fhoilseoimid é. Maidir le haighneachtaí á ndéanamh ag eagraíochtaí nó thar ceann eagraíochtaí, ní fhoilseofar ach ainm na heagraíochta. Ní fhoilseoimid sonraí teagmhála aonair.
Is tuairimí an údair iad na tuairimí a nochtar sna haighneachtaí agus níor cheart iad a thuiscint mar thuairimí an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Ní thugann foilsiú aighneachtaí ar shuíomh gréasáin na Roinne le tuiscint go dtacaíonn an Roinn lena n-ábhar. Ní ghlacann an Roinn le haon dliteanas dlíthiúil a eascraíonn as aon tuairimí a nochtar sna haighneachtaí seo.
Trí aighneacht a sheoladh, aontaíonn na húdair leis na coinníollacha seo.