Próiseas Comhairliúcháin do Ráiteas Straitéise 2023-2025
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 29 Márta 2023
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 29 Márta 2023
- Dúnadh na haighneachtaí: 28 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Consultation is closed
Dáta deiridh: 28 Aibreán 2023
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag ullmhú a dréacht-Ráiteas Straitéise don tréimhse trí bliana idir 2023 agus 2025 faoi láthair.
Comhthéacs
Is é misean na Roinne:
Is é misean na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán rannpháirtíocht sa Chultúr, sna hEalaíona, sa Spórt agus sa Ghaeilge a chur chun cinn ag tacú le dul chun cinn sóisialta, agus ag cur le fás cultúrtha agus eacnamaíoch ar fud shochaí na hÉireann.
Sa Ráiteas Straitéise leagtar amach spriocanna agus cuspóirí na Roinne atá ríthábhachtach chun an misean seo a sheachadadh don tréimhse atá le teacht, mar aon leis na straitéisí chun iad a bhaint amach. Tá ár Ráiteas Straitéise do 2021-2023 ar fáil anseo.
Aighneachtaí
Mar chuid den phróiseas seo táimid ag dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus ag lorg tuairimí maidir le ceisteanna straitéiseacha atá le breithniú agus an Ráiteas Straitéise á ullmhú. Chun go bhféadfar breithniú iomlán a dhéanamh ar na hionchuir a fhaightear, seol d’aighneacht le do thoil i ríomhphost chuig strategy@tcagsm.gov.ie roimh Dé hAoine, an 28 Aibreán 2023.