English

Cuardaigh ar fad gov.ie

OGP framework

Beartas agus Creat Straitéise um Mórimeachtaí Idirnáisiúnta Spórt

Treoirphrionsabail na hÉireann maidir le Mórimeachtaí Idirnáisiúnta Spórt

Léirítear sa liosta a leanas Tosaíochtaí na hÉireann maidir le Mórimeachtaí Idirnáisiúnta Spórt. Leis an tsraith uileghabhálach prionsabal thíos tabharfar treoir don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus a tacaíocht do thairiscintí ionchasacha á socrú acu.

1. Tabharfar tús áite d’imeachtaí lena gcinntítear sochar eacnamaíoch, ag an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach araon.

2. Tabharfar tús áite d’imeachtaí lena gcinntítear tairbhe spóirt, ag leibhéal ardfheidhmíochta agus maidir le leibhéil rannpháirtíochta sa spórt a mhéadú.

3. Imeachtaí atá oiriúnach do thimpeallacht na hÉireann, lena mbaintear úsáid as infreastruchtúr atá ann cheana a mhéid agus is féidir, agus lena n-uasmhéadaítear toradh ar infheistíocht in infreastruchtúr atá ann cheana.

4. Imeachtaí atá tarraingteach do mhuintir na hÉireann agus a bhfuil dáimh acu leo, lena gcruthófar spéis agus bród, go háirithe imeachtaí ollmhóra.

5. Imeachtaí lenar féidir Éire a chur i láthair ar an ardán idirnáisiúnta i suíomhanna tábhachta ó thaobh na turasóireachta agus cúrsaí eile de.

6. Imeachtaí a mbeidh tionchar agus próifíl láidir réigiúnach acu.

7. Imeachtaí lenar féidir raon leathan cuspóirí beartais Rialtais a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta dóibh):

a. Tionchar aeráide agus inbhuanaitheacht;

b. Caidrimh idirnáisiúnta;

c. Comhoibriú Thuaidh-Theas; agus

d. Éagsúlacht – (inscne, cumas, eitneacht agus gnéaschlaonadh san áireamh).

8. Imeachtaí ar féidir measúnú atá chomh cuimsitheach agus is féidir a dhéanamh orthu sula ndéantar tairiscint faoina gcoinne. Beidh amlínte difriúla i gceist ach beidh gá le ham go leor chun measúnú a thabhairt i gcrích.

9. Imeachtaí ar féidir le himeachtaí eile teacht uathu agus Éire a fhorbairt mar suíomh inmhianaithe chun imeachtaí a óstáil

10. Imeachtaí ar féidir leo a bheith mar pháirt de phunann le raon imeachtaí de spóirt dhifriúla, de mhéideanna difriúla agus i suíomhanna difriúla. Cé nach sásaíonn gach imeacht na héileamh go léir agus go ndéanfaidh siad leas do chuid tosaíochtaí thar tosaíochtaí eile, tá sé i gceist le punann fhoriomlán na n-imeachtaí go dtabharfar i gcrích raon iomlán na dtosaíochtaí comhaontaithe beartais.

11. Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, nach reáchtálfar níos mó ná dhá imeacht ollmhóra in aon tréimhse cúig-bhliana amháin.

12. Imeachtaí lena gcinntítear urraim do chearta daonna i gcomhréir le riachtanais dhlíthiúla na hÉireann faoi dhlí náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta.

13. Imeachtaí lena gcoimeádfar tacaíocht agus muinín an phobail in ardchaighdeán an spóirt.

14. Imeachtaí lena gcomhlíontar le dea-chleachtas ar éilliú sa spórt a chosc, agus lena léírítear meas ar phrionsabail uilíocha eitice bhunúsacha.

15. Imeachtaí nach dtiocfaidh salach ar imeachtaí atá socruithe cheana féin, nó ar imeachtaí dírithe eile.

Céimeanna an Phróisis Tairisceana Mórimeachtaí

Beidh aon cuireadh chun próisis tairisceana do Mhórimeachtaí Idirnáisiúnta Spórt faoi réir aon cheann de na céimeanna thíos. Coinníonn an Roinn chuici féin an ceart chun eolas nó soiléiriú breise a iarraidh ag céim ar bith.

Aitheantas Achoimre
Aitheantas Imeacht Oiriúnach & Spéis Fhéideartha a Aithint
Réamhthairiscint Indéantacht & Cinneadh chun Tairiscint a Dhéanamh
TairiscintTairiscint Togra Óstála
Feachtas
Conradh Óstála a Aontú
Ullmhúchán Aon seirbhísí poiblí riachtanacha a chur i bhfeidhm agus a chomhaontú
Maoiniú m.sh. táillí ceadúnais
Cur i láthair An Imeacht a Thabhairt i gCrích
Buntáistí a Bhaint Amach
Iar-Imeacht Sonraí, Eolas agus Taithí a Ghabháil
Torthaí a Mheasúnú
Ceachtanna a Aithint
Beartas agus Creat Straitéise um Mórimeachtaí Idirnáisiúnta Spórt
Amharc amharc
Iarratas ar Scagadh Imeachtaí
Download link for Íoslódáil