Údarás na Gaeltachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 22 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Deireadh Fómhair 2020
Príomhchúram
Tá sé mar phríomhchúram ar Údarás na Gaeltachta geilleagar na Gaeltachta a fhorbairt chun caomhnú agus saibhriú na Gaeilge mar phríomhtheanga inti a threisiú. Lena chuspóirí a bhaint amach, leanann Údarás na Gaeltachta, a bunaíodh i 1980, aidhmeanna straitéiseacha sna réimsí forbartha tionscail, forbartha réigiúnaigh agus forbartha acmhainní daonna. Tá an tÚdarás bainteach chomh maith le gníomhaíochtaí forbartha pobail, cultúrtha agus teanga. Tá nasc chuig suíomh an Údaráis féin le fáil ag www.udaras.ie.
Ar an 31 Bealtaine 2011, chinn an Rialtas go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag gníomhú mar chomhlacht forfheidhmithe don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht.
Fostaíocht
Ag deireadh na bliana 2018, bhí 8,207 duine fostaithe i gcliantchomhlachtaí an Údaráis a bhfuil 7,625 lánaimseartha agus 582 páirtaimseartha.