An Brainse Logainmneacha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 2 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Deireadh Fómhair 2020
Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuireann sé leaganacha údarásacha Gaeilge díobh ar fáil le haghaidh úsáid oifigiúil agus phoiblí. Tugtar stádas dlíthiúil do na foirmeacha a dheimhníonn an Brainse trí ordú logainmneacha, a dhéanann an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta. Go dtí 2012, rinneadh na horduithe seo tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis don Aire comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha. As seo amach, déanfaidh an tAire Stáit orduithe logainmneacha tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis dó comhairle a bhreithniú ón gCoiste Logainmneacha a bunaíodh in áit an Choimisiúin Logainmneacha ar 19 Meán Fómhair 2013.
Bunachar Logainmneacha na hÉireann
Foilsítear na leaganacha Gaeilge de logainmneacha a dheimhníonn an Brainse Logainmneacha ar an suíomh gréasáin Bunachar Logainmneacha na hÉireann www.logainm.ie. Tá an bunachar sonraí seo atá cruthaithe ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha, ina áis chuimsitheach bhainistíochta chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar mar aon leis an taighde logainmneacha a dhéanann an Stát.
Murar féidir leat leagan Gaeilge de logainm Béarla a aimsiú ar an suíomh gréasáin ag www.logainm.ie, is féidir leat é a iarraidh ón mBrainse Logainmneacha, ach ríomhphost a chur chuig logainmneacha@chg.gov.ie