English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Foras Teanga


Bunaíodh An Foras Teanga ar 2 Nollaig 1999, agus é ar cheann de 6 Chomhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas a bunaíodh faoi Acht Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Tá dhá Ghníomhaireacht mar chuid den Fhoras Teanga is iad sin Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch (Gníomhaireacht na hUltaise).

  • Foras na Gaeilge, a tháinig mar chomharba ar Bhord na Gaeilge agus is é príomhchúram na hEagraíochta na an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann, agus
  • Tha Boord o Ulstèr-Scotch (Gníomhaireacht na hUltaise), a bhfuil phríomhchúram teanga agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud oileán na hÉireann.

Tá an Foras Teanga freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) agus do na hAirí sna Ranna Urraíochta, i.e. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Roinn Pobal (RP) i dTuaisceart Éireann.


Reachtaíocht

Is é an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Uimhir 1 de 1999) an bonn reachtúil do Chomhlachtaí Forfheidhmithe Trasteorann, lena n-áirítear An Foras Teanga. Is féidir teacht ar an reachtaíocht phríomha seo ag an nasc seo a leanas in éineacht le reachtaíocht phríomhúil agus thánaisteach ina dhiaidh sin: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/reachtaiocht-an-foras-teanga/


Maoiniú

Cuirtear maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ón Roinn Pobal (RP) i dTuaisceart Éireann de réir bhuiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Déantar Foras na Gaeilge a chómhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus 25% ón RP.

Déantar Tha Boord o Ulstèr-Scotch a chómhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus 75% ón RP.

Ina theannta sin, cuireann an Roinn seo maoiniú breise ar fáil d’Fhoras na Gaeilge i leith gníomhaíochtaí imfhálaithe a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.

Is é ról Chlár na Leabhar Gaeilge ná tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh léitheoireachta, scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta i nGaeilge.

Is tionscnamh trípháirteach atá i gceist le Colmcille ar mhaithe le Gaeilge agus Gàidhlig na hAlban a chur chun cinn. Ag éirí as cinneadh CATT i Samhain 2014, leanfaidh Foras na Gaeilge le cur chun cinn Cholmcille ar oileán na hÉireann agus leanfaidh Bòrd na Gàidhlig ar aghaidh ag cur Colmcille chun cinn in Albain. Díreoidh comhghrúpa oibre idir-áisíneachta ar thionscadail straitéiseacha, tosaíochtaí cistithe agus tionscnaimh chomhoibrithe eile, mar aon le dea-chleachtas a roinnt agus naisc inbhuanaithe a chruthú sa phobal.

Cuirtear maoiniú na Roinne seo don Fhoras Teanga ar fáil faoi Fhomhír C.9 de Vóta na Roinne agus is é €18.248,000 milliún an t-ollsoláthar reatha atá ar fáil in 2025, mar aon le soláthar de €1,881,000 do thionscadail caipitil faoi Scáth Oileán Comhroinnte agus do thionscadail phobal na Gaeilge agus na hUltaise


Bord

Tá bord an Fhorais Teanga comhdhéanta de bhoird na nGníomhaireachtaí le chéile. Is 16 chomhalta atá ar bhord Fhoras na Gaeilge agus 8 gcomhalta atá ar bhord Tha Boord o Ulstèr-Scotch. Is é an CATT a dhéanann na ceapacháin sin. Is mar seo a leanas sonraí maidir le baill na mbord i láthair na huaire:

FORAS NA GAEILGE

 

 

Ó

Go dtí

Cathaoirleach

Regina Uí Chollatáin

05/05/2021

04/05/2030

Leas Chathaoirleach

Mairéad Ní Chonghaile

 13/12/2021

 12/12/2026

Ball

Rhíannon Nic Fealóin

10/04/2025

09/04/2030

Ball

Ola Majekodunmi

27/11/2020

09/04/2030

Ball

Mairéad Ní Ghabháin

13/09/2024

12/09/2028

Ball

Liam Rushe

27/11/2020

09/04/2030

Ball

Liadh Ní Riada

27/11/2020

26/11/2025

Ball

Kevin O'Hara (Kevin Ó hEadhra)

16/12/2020

15/12/2025

Ball

Ian Doherty

30/07/2021

29/07/2026

Ball

Gemma Ní Chionnath

13/12/2021

12/12/2026

Ball

Freda Nic Giolla Chatháin

05/05/2021

04/05/2030

Ball

Eoghan Mac Cormaic

10/04/2025

09/04/2030

Ball

Dr Neasa Ní Chiaráin

13/09/2024

09/04/2030

Ball

Dominic Bradley

16/12/2020

15/12/2025

Ball

Dáithí Mac Cárthaigh

13/12/2020

09/04/2030

Ball

Caoimhín MacGiolla Mhéin

16/12/2020

15/12/2025

  • Gníomhaireacht na hUltaise 8 gComhalta

 

 

Ó

Go dtí

Cathaoirleach

Keith Gamble

10/04/2025

09/04/2030

Leas Chathaoirleach

Lavinia Tilson 

05/05/2021

04/05/2030

Ball

Ian Parsley

10/04/2025

09/04/2030

Ball

Ian Carlisle

10/04/2025

09/04/2030

Ball

Karyn Devenney 

05/05/2021

04/05/2030

Ball

Leslie McKeague

10/04/2025

09/04/2030

Ball

Alan Millar

10/04/2025

09/04/2030

Ball

Trevor Wilson

13/12/2021

12/12/2026


Teagmhálacha

Foras na Gaeilge
63-66 Sráid Amiens, Teach an Gheata Thiar,
Baile Átha Cliath 1 2-4 Sráid na Banríona,
  Béal Feirste BT1 6ED
Fón: 01 6398400 Fón: 028 (048) 9089 0970
eolas@forasnagaeilge.ie eolas@forasnagaeilge.ie
Tha Boord o Ulstèr-Scotch
Halla an Arbhair, Sráid Liam,
31 Sráid Gordon, Ráth Bhoth,
Béal Feirste, BT1 2LG Co. Dhún na nGall
Fón: (028) 9023 1113 Fón: +353 7 4917 3876
info@ulsterscotsagency.org.uk info@ulsterscotsagency.org.uk

Tuilleadh Eolais agus Fiosruithe

Rannóg an Fhoras Teanga

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Na Forbacha

Gaillimh

H91 KX39

Éire

Fón: +353 91 503700

Ríomhphost: foras.teanga@tcagsm.gov.ie