Bord Údarás na Gaeltachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Eanáir 2018
- An t-eolas is déanaí: 1 Feabhra 2024
Is bord de dháréag atá ag Údarás na Gaeltachta. Faoi alt 6(2) d'Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 (arna leasú ag alt 16(1) d'Acht na Gaeltachta 2012), ceapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán seachtar de na comhaltaí seo, an cathaoirleach san áireamh.
Ina theannta sin, ainmníonn comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, an cúigear comhalta eile don Aire i gcomhair ceapacháin. Ní rachaidh téarmaí oifige na gcomhaltaí thar chúig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile.
Is iad seo a leanas comhaltaí reatha bhord Údarás na Gaeltachta:
- Anthony Molloy
- Pádraic Ó Conaire
- Pádraig Mac an Iomaire
- Breandán Mac Gearailt
- Joe Conway
- Folúntas (Cathoirleach)
- Mary Uí Chadhain
- Caitlín Ní Bhroin
- Máire Áine Uí Ailín
- Mícheál Ó Drisleáin
- Seán Ó Cuireáin
- Sonya Uí Shíoda
Athbhreithniú ar bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta
Mar chuid d’athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta thug an Roinn faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí a eagrú faoin ábhar in earrach 2022.
Tá tuairisc faoi na haighneachtaí a fuarthas anseo.
Faoi réir an ghealltanais sa Chlár Rialtais go dtabharfaí faoi athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/ toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta seo a leanas an tuairisc neamhspleách a rinne an Roinn a choimisiúnú faoin ábhar: