Tom Enright ceaptha ina Stiúrthóir Tionscadail do Chorn Ryder
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 25 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Aibreán 2025
Cheap an Roinn an tUasal Tom Enright mar Stiúrthóir Tionscadail Chorn Ryder 2027 de bhun próisis earcaíochta agus agallaimh le déanaí; rachaidh sé i mbun an róil ag tús mhí na Bealtaine. D’fhóin an tUasal Enright mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Chontae Loch Garman ar feadh 10 mbliana go dtí 2024 agus roimhe sin bhí sé ina Stiúrthóir Seirbhíse ar Chomhairle Chontae Luimnigh.