English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Gníomhaireachtaí & Comhlachtaí Stáit faoi choimirce na Roinne



Réamhrá

Déantar líon suntasach Gníomhaireachtaí Stáit a mhaoiniú ó laistigh de Ghrúpa Vótaí na Roinne, lena n-áirítear trí chomhlacht fhorfheidhmithe trasteorann – An Foras Teanga, ina gcuimsítear Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulster Scotch agus Turasóireacht Éireann atá comhurraithe ag an Roinn (in éineacht leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus an Roinn Geilleagair i dTuaisceart Éireann) i gcomhréir le téarmaí an Achta um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

I gcomhréir le Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú 2016 agus ar mhaithe le dea-rialachas san earnáil phoiblí, tá gach comhlacht stáit faoi réir maoirseachta agus freagrachta lena chinntiú go bhfuil socruithe láidre agus éifeachtacha rialachais i bhfeidhm i gcomhlachtaí stáit faoina coimirce.


Comhlachtaí


Comhaltas ar Bhoird Stáit

Is féidir faisnéis maidir le comhaltas reatha ar Bhoird Stáit faoi choimirce na Roinne seo a fháil anseo.


Ag fónamh ar Bhord Stáit

Mar gheall ar chinneadh ón rialtas an 30 Meán Fómhair 2014 maidir le socruithe nua chun folúntais a líonadh ar bhoird stáit agus mar gheall ar fhoilsiú na Treoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, atá ceadaithe ag an Rialtas, is é an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí atá freagrach anois as bainistiú a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le fógraíocht a dhéanamh agus ceapaithe oiriúnacha ionchasacha a roghnú lena mbreithniú ag an Aire chun folúntais ar bhoird stáit a líonadh. Déanfar gach ceapachán i gcomhréir leis an reachtaíocht trína rialaítear gach Comhlacht Stáit.

Cuimsítear sa Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú cur síos ar na róil agus freagrachtaí a bhaineann le Cathaoirligh, Boird agus Stiúrthóirí.

Chomh maith le sonraí a choinneáil maidir leis an gcomhaltas reatha ar Bhoird Stáit, fógraítear folúntais reatha trí Stateboards.ie freisin, mar aon le comhairle faoi mar is féidir iarratas a dhéanamh.


Táillí Comhaltaí Boird Stáit

Tugtar sonraí sa tábla thíos maidir leis na táillí a bhaineann le Boird Stáit atá faoin roinn seo agus tá na rátaí infheidhme ón 01 Eanáir 2010 i leith.

Baineann an tagairt do luach saothair cathaoirligh agus comhaltaí Bord le leibhéal na táille a bhfuil siad ina teideal agus ní thugtar le fios gur tharraing comhaltaí aonair an táille anuas. Nuair a cheaptar fostaithe sa tseirbhís phoiblí chuig Boird, faoin bprionsabal Duine Amháin Tuarastal Amháin, níl aon táillí iníoctha.

Chomh maith leis sin, tá sonraí maidir le táillí Boird ar fáil laistigh de thuarascálacha bliantúla gach eagraíochta faoi seach.

Bord Stáit Táille do Chathaoirleach Táille do Ghnáthchomhalta
An Chomhairle Ealaíon €8,978 €5,985
Údarás Craolacháin na hÉireann €8,978 €5,985
Gailearaí Ealaíne Crawford Nialas Nialas
Foras na Gaeilge €11,970 €7,695
IMMA Nialas Nialas
Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann Nialas Nialas
An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta Nialas Nialas
An Ceoláras Náisiúnta Nialas Nialas
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann Nialas Nialas
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann Nialas Nialas
Ard-Mhúsaem na hÉireann Nialas Nialas
Fáilte Éireann (an tÚdarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta) €20,520 €11,970
Raidió Teilifís Éireann €31,500 €15,750
Spórt Éireann €11,970 €7,695
Teilifís na Gaeilge €21,600 €12,600
Tha Boord o Ulster Scotch €11,970 €7,695
Turasóireacht Éireann €11,970 €7,695
Údarás na Gaeltachta €11,970 €7,695

Tá tuilleadh eolais maidir le luach saothair i gcás Bord Stáit ar fáil sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú: Luach Saothair agus Aoisliúntas (2016)