Maidir leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2025
Réamhrá
Is é an misean na Roinne chun forbairt inbhuanaithe na Turasóireachta, na Meán agus na Gaeltachta a threorú agus rannpháirtíocht a chur chun cinn sa Chultúr, sna hEalaíona, sa Spórt agus sa Ghaeilge ag tacú le dul chun cinn sóisialta, agus fás cultúrtha agus eacnamaíoch a bhreisiú ar fud shochaí na hÉireann.
Is de thoradh na spriocanna ardleibhéil seo a bhaint amach a dhéanfar an Misean a chomhlíonadh:
• Tacaíocht a thabhairt chun earnáil iomaíoch Turasóireachta a fhorbairt go hinbhuanaithe agus béim ar leith ar an tacaíocht don fhorbairt chothrom i bpobail ar fud na tíre agus, san am céanna, ár dtimpeallacht agus acmhainní nádúrtha a chosaint.
• Tacú le rannpháirteachas daoine agus pobal, agus é a fhorbairt, leis na healaíona, an cultúr agus an chruthaitheacht, agus iontu, chun leas a bhaint as gníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach chun cur le saol daoine; ealaíona, cultúr agus cruthaitheacht na hÉireann a chur chun cinn ar fud na cruinne; agus Geilleagar Oíche níos bríomhaire agus níos éagsúla a spreagadh.
• Tacú le húsáid na Gaeilge ar fud na hÉireann, san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Úsáid na Gaeilge a normalú in oibríochtaí na Roinne 6mar eiseamláir do ghníomhaireachtaí stáit eile agus úsáid na teanga a láidriú mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht.
• Níos mó rannpháirtíochta sa spórt ag cách a chur chun cinn agus béim ar leith ar rannpháirtíocht na mban agus ar an éagsúlacht. San am céanna, infheistíocht leanúnach a dhéanamh in áiseanna spóirt nua, lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus imeachtaí móra a chur os comhair an phobail.
• Tacú leis na meáin seirbhíse poiblí agus ábhar seirbhíse poiblí a sholáthar ina léireofar an éagsúlacht atá le fáil i sochaí na hÉireann; creat rialála agus forbartha ina mbeifear ag tacú le hearnáil na meán a bheidh saor, iolraíoch, éagsúil agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; spreagadh a thabhairt chun creat láidir don tsábháilteacht ar líne agus don rialáil dhigiteach a fhorbairt in Éirinn.
• Comhoibriú Thuaidh-Theas a chur chun cinn faoi chuimsiú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Thionscnamh an Rialtais um Oileán Comhroinnte, go háirithe san obair a dhéanann an Foras Teanga agus Turasóireacht Éireann.
Rannóga na Roinne
Tá 5 rannóg sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:
- Turasóireacht agus Spórt
- Cultúr agus na hEalaíona
- An Ghaeltacht
- Craolachán agus na Meáin
- Gnóthaí Corparáideacha
Tá tuilleadh sonraí faoi struchtúr agus sraitheanna bainistíochta na Roinne ar fáil ar Cé a Dhéanann Cad
Naisc Chorparáideacha
- Tuarascáil Bhliantúil 2023
- Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030
- Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
- Deiseanna gairme
- Déan teagmháil leis an Roinn
- Creat Rialachais Chorparáidigh
- Seirbhís do Chustaiméirí
- Cosaint Sonraí
- Oifigigh Phoiblí Ainmnithe
- Saoráil Faisnéise (SF)
- An Scéim Teanga
- Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí meán faoi choimirce na Roinne
- Dialanna an Aire
- Costais Aireachta
- Sonraí Oscailte
- Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid
- Dialann an Ard-Rúnaí
- Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí stáit faoi choimirce na Roinne
- Ráiteas Straitéise 2024-2025
- Gníomhaireachtaí agus comhlachtaí turasóireachta faoi choimirce na Roinne
- Treoir Eolais don Aire Nua
- Creat Folláine