English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Oifigigh Phoiblí Ainmnithe


Déantar foráil san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015 go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne de ghníomhaíocht bhrústocaireachtaa bhunú agus a chothabháil. .

Is é is cuspóir leis an gClár eolas a chur ar fáil don phobal faoi aitheantas na ndaoine sin a bhíonn ag déanamh cumarsáide le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le polasaí áirithe, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha. Ní mór do bhrústocairí tuairisc a thabhairt faoina dteagmháil leis na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.

Éilítear le hAlt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta sin. Tá dhá sprioc leis an liosta sin:

1. Ligean don phobal na hoifigigh phoiblí ainmnithe a aithint; agus

2. Mar acmhainn do bhrústocairí atá ag clárú tuairisc ar an gClár agus ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigeach poiblí ainmnithe.

Is iad seo a leanas Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne faoin reachtaíocht seo:


Na hAirí

Catherine Martin TD, an tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta ministers.office@tcagsm.gov.ie

Thomas Byrne TD, Aire Stáit le freagracht as Gaeltacht, Spórt agus Corpoideachas


Comhairleoirí na nAirí

Juno McEnroe, Comhairleoir Speisialta an Aire – Comhairleoir Preasa an Aire

Meghan McSweeney, Comhairleoir Speisialta an Aire – Comhairleoir ar chúrsaí beartais

Daniel Griffin, Comhairleoir Speisialta an Aire Stáit Byrne


Bord Bainistíochta

Feargal Ó Coigligh, Ard-Rúnaí Feargal.OCoigligh@tcagsm.gov.ie

Conor Falvey, Rúnaí Cúnta le freagracht as Ealaíona, Cultúr, Scannánaíocht & Ceol Conor.Falvey@tcagsm.gov.ie

Cian Ó Lionáin, Rúnaí Cúnta le freagracht do Turasóireachta agus Spóirt Cian.OLionain@tcagsm.gov.ie

Aodhán Mac Cormaic, Rúnaí Cúnta, An Ghaeilge agus an Ghaeltacht aodhan.maccormaic@tcagsm.gov.ie

Tríona Quill, Rúnaí Cúnta do Rannán Craoltóireachta agus Meán Triona.Quill@tcagsm.gov.ie

Joe Healy, Ard-Rúnaí Cúnta ar a bhfuil freagracht don Rannóg Gnóthaí Corparáideacha Joe.Healy@tcagsm.gov.ie

Tania Banotti, Director Creative Ireland Programme tania.banotti@tcagsm.gov.ie


‘Comhlachtaí Iomchuí’ eiscthe faoin Chód Trédhearcachta

Foráiltear in Alt 5(5)(n) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go bhféadfadh cumarsáidí idir chomhaltaí de chineálacha áirithe grúpaí oibre, tascfhórsaí, grúpaí comhairleacha nó coistí arna mbunú ag Aire nó ag comhlacht seirbhíse poiblí a bheith ina gcumarsáidí eiscthe (agus mar sin ní meastar gur gníomhaíochtaí brústocaireachta iad), ar choinníoll go gcomhlíonann siad an sainmhíniú ar ‘chomhlacht iomchuí’ dá bhforáiltear in alt 5(6) den Acht.

I gcomhréir leis an Acht, is ‘comhlachtaí iomchuí’ iad na grúpaí seo a leanas atá faoi chúram na Roinne seo, agus na treoirlínte a leagtar amach sa Chód Trédhearcachta á gcomhlíonadh.

Tá tuilleadh sonraí faoin Chód Trédhearcachta ar fáil anseo

Sainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann

Item was unpublished or removed

Item was unpublished or removed