Oifigigh Rochtana agus Fiosrúcháin
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 2 Márta 2016
- An t-eolas is déanaí: 28 Meitheamh 2024
Oifigigh Rochtana faoin Acht um Míchumas 2005
Tá sé mar aidhm ag an Roinn a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais ár gcustaiméirí go léir, lena n-áirítear, daoine faoi mhíchumas, agus go seastar le cearta chun caitheamh go cothrom nuair atá seirbhísí á seachadadh. Leis an Acht um Míchumas 2005, tugtar bonn reachtúil chun seirbhísí poiblí a dhéanamh inrochtana. Le hAlt 25, le hAlt 26, le hAlt 27 agus le hAlt 28 den Acht, cuirtear oibleagáidí ar chomhlachtaí poiblí a gcuid foirgnimh phoiblí, seirbhísí poiblí agus faisnéis phoiblí a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Faoi Alt 26(2) den Acht, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí Oifigeach Rochtana a cheapadh. Tá Oifigigh Rochtana freagrach as cúnamh agus as treoir a chur ar fáil, a eagrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas a dhéanann na seirbhísí atá á gcur ar fáil inár gcuid oifigí a rochtain. Is féidir leo feidhmiú mar phointe teagmhála freisin do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo seirbhísí den sórt sin a rochtain.
Is mar a leanas na mionsonraí teagmhála don bheirt Oifigeach Rochtana atá ag an Roinn faoin Acht um Míchumas 2005
Oifigeach Rochtana do Rochtain Fisiciúil chuig oifigí atá faoi bhainistíocht na Roinne
An tAonad Seirbhísí Corparáideacha
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2 D02 TD30
Teil: (064) 662730
Oifigeach Rochtana do Rochtain Foilseacháin agus ICT (m.sh. láithreán gréasáin na Roinne/bileoga, tuarascálacha atá foilsithe ag an Roinn)
An tAonad Seirbhísí Corparáideacha
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2 D02 TD30
Teil: (01) 6313913
Éileamh ar Fhoilseachán Inrochtana
Foirm maidir le hÉileamh ar Fhoilseachán Inrochtana
Oifigeach Fiosrúcháin faoin Acht um Míchumas 2005
Tá Oifigeach Fiosrúcháin ceaptha ag an Roinn chun iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin a dhéantar faoi alt 38 den Acht um Míchumas. Is féidir le duine ar bith gearán a dhéanamh chuig an Oifigeach Fiosrúcháin más rud é nach bhfuil alt 25, alt 26, alt 27 nó alt 28 den Acht um Míchumas 2005 comhlíonta ag an Roinn.
Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin faoi iniúchadh agus cuirfidh tuarascáil ar fáil ina leagfar amach cibé a bhfuiltear ag seasamh le do ghearán agus cibé ar theip ar an Roinn ó thaobh do ghearán.
Sa chás gur tharla teip, tabharfar breac-chuntas sa tuarascáil maidir leis na céimeanna atá le glacadh chun comhlíonadh amach anseo a chinntiú. Cuirfear an tuarascáil seo ar fáil d’Ard-Rúnaí na Roinne agus don duine a rinne an gearán freisin.
Is mar a leanas na mionsonraí teagmhála d’Oifigeach Fiosrúcháin na Roinne:
Oifigeach Fiosrúcháin faoin Acht um Míchumas 2005
An tAonad Seirbhísí Corparáideacha
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2 D02 TD30
Ríomhphost: corporate.governance@tcagsm.gov.ie