Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Iúil 2015
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Réamhrá
- Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol (iarratas AIE)?
- Táillí
- Conas a dhéanfar iarratas AIE a láimhsiú?
- Cé na cúinsí ina bhféadfaí Iarratas AIE a dhiúltú?
- Próiseas Achomhairc
- Faisnéis Bhreise
Réamhrá
Tá cearta dlíthiúla agat faoi dhlí na hEorpa rochtain a fhail ó údaráis phoiblí ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol. Is rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (AIE) a thugtar ar na cearta seo.
Faoina rialacháin seo, ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá á choinneáil ag údarás poiblí a chur ar fáil ar an fhaisnéis sin a iarraidh, faoi réir ag eisceachtaí áirithe. Cuireann rialachán an AIE oibleagáid ar údaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach ó thaobh faisnéis maidir leis an gcomhshaol a scaipeadh ar an bpobal.
Cuirtear sainmhíniú ar fáil i Rialacháin an AIE ó thaobh faisnéis maidir leis an gcomhshaol; tugtar breac-chuntas ar an mbealach inar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus an bealach ina n-éilítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais, m.sh. achar ama le haghaidh freagra. Cuirtear nós imeachta fhoirmiúil maidir le hachomhairc ar fáil sna rialacháin freisin sa chás go mbíonn duine míshásta le cinneadh maidir lena n-iarratas.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol (iarratas AIE)?
Más mian leat rochtain a lorg ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol faoi rialacháin AIE, ní mór duit:
• Iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó trí ríomhphost.
• An fhaisnéis atá á lorg faoi rialacháin an AIE léiriú.
• A bheith chomh soiléir agus chomh sonrach agus is féidir agus iarratas á dhéanamh agat agus an oiread faisnéise agus is féidir a chur ar fáil chun a chur ar chumas na Roinne na taifid a theastaíonn uait a aithint.
• Ní gá duit an chúis atá agat leis an iarratas a dhéanamh a shonrú.
• Más mian leat rochtain a fháil chuig faisnéis/taifid i leagan amach áirithe, (m.sh. fótachóipeanna, go leictreonach, srl.), luaigh an méid sin agus iarratas á dhéanamh agat.
• Cuir isteach an uimhir theileafóin i rith an lae nó seoladh ríomhphoist nó do sheoladh poist chun cuidiú linn teagmháil a dhéanamh leat sá chás go dtagann aon cheisteanna chun cinn maidir le d’iarratas.
Ní mór iarratais a chur faoi bhráid:
Seoladh: Aonad FOI/AIE
An Rannán Rialachais Chorparáidigh
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: foi@chg.gov.ie
Teil: 01 631 3829/631 3830
Táillí
Níl aon táille iarratais iníoctha le hiarratas a chur faoi bhráid maidir leis faisnéis faoi rialachán an AIE.
De réir na rialacháin, is féidir leis an Roinn seo táillí a ghearradh maidir leis an am a chaitheann an fhoireann ag freagairt iarratais faisnéise, leis an am a chaitear ag lorg na faisnéise agus cur i láthair na faisnéise seo san fhoirm inar éilíodh í a thabhairt san áireamh. D’fhéadfaí táille réasúnach a ghearradh freisin maidir le faisnéis ar an gcomhshaol a sholáthar, (lena n-airítear, costas faisnéis a chur i dtoll a chéile, a fhótachóipeáil, a phriontáil agus a phostáil).
Tá na táillí seo a leanas leagtha síos ag an Roinn:
• Cuardach, aisghabháil agus fótachóipeáil taifid: €20.00 in aghaidh na huaire
• Fótachóip: €0.04 in aghaidh an leathanaigh
• CD Rom: €10.00
• Radagraf: €6.00
Cuirfear mionsonraí maidir le haon táillí atá le gearradh ar fáil sa litir maidir leis an gcinneadh deiridh.
Tabhair ar aird, áfach, le do thoil, go bhféadfaí táille a tharscaoileadh sa chás go mbíonn an costas measta níos lú ná €100.00. Déanfar neamhshuim de tháillí freisin mura mbíonn sna taifid ach faisnéis phearsanta agus mura mbeadh, agus aird á thabhairt ar acmhainní an iarratasóra, sé réasúnach táille a ghearradh.
Níl aon táille iníoctha más mian leat athbhreithniú inmheánach a lorg maidir le cinneadh tosaigh na Roinne maidir le d’iarratas (féach thíos).
Sa chás go mbíonn tú míshásta le toradh an próiseas athbhreithnithe inmheánaigh agus gur mian leat achomharc a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, tá táille de €50 iníoctha. Tá táille laghdaithe de €15 iníoctha ag sealbhóir (nó ag cleithiúnach sealbhóra) cárta leighis nó ag tríú páirtí atá ag déanamh achomharc maidir le cinneadh faisnéis áirithe a scaoileadh.
Conas a dhéanfar iarratas AIE a láimhsiú?
Cuirfidh an Roinn admháil ar fáil nuair a bhíonn iarratas faighte uait i scríbhinn nó trí ríomhphost laistigh de 10 lá oibre. Cuirfear ainm agus mionsonraí teagmhála an duine a bheidh i mbun cinneadh a dhéanamh maidir le d’iarratas ar fáil sa litir admhála, agus cuirfear ar an eolas tú maidir le cathain ar choir duit a bheith ag súil leis an gcinneadh seo.
Déanfar gach iarracht sa Roinn seo d’iarratas AIE a fhreagairt laistigh d’aon mhí amháin ó fhaightear an t-iarratas. Sa chás nach mbíonn ar a gcumas an méid sin a dhéanamh mar gheall ar chastacht an iarratais nó ar an méid faisnéise atá á lorg, scríobhaimid chugat laistigh d’aon mhí amháin le léiriú a thabhairt maidir le cathain a eiseofar freagra. Eiseofar an freagra ag tráth nach lú ná dhá mhí tar éis an iarratais bunaidh a fháil, de réir rialacháin an AIE.
Sa chás nach mbíonn an fhaisnéis atá á lorg agat ag an Roinn, aistreoimid d’iarratas chuig an údarás poiblí ábhartha nó cuirfimid ar an eolas tú maidir le cá háit ar chóir duit an t-iarratas a sheoladh.
Má tá faisnéis á lorg agat a chuir tríú páirt ar fáil don Roinn ar bhonn deonach agus sa chás go bhfuilimid den tuairim go bhféadfadh scaoileadh na faisnéise sin dochar a dhéanamh don tríú páirtí, ní mór dúinn dul i gcomhairle leis an tríú páirtí sula ndéanfaimid an cinneadh deiridh maidir le d’iarratas. Déanfaimid gach iarracht réasúnach le toiliú an tríú páirtí a lorg leis an fhaisnéis a scaoileadh.
Cé na cúinsí ina bhféadfaí Iarratas AIE a dhiúltú?
Déanann rialacháin an AIE idirdhealú idir forais éigeantacha nach mór d’údarás poiblí rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú agus ar na forais lánroghnacha faoinar féidir leis an údarás rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú. Déantar cur síos mion ar na forais seo sna ‘Treoirlínte d’Údaráis Phoiblí agus do dhream eile ar chur i bhfeidhm Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 – 2014’, atá i gceangal leis seo.
Go hachomair, faoi réir ar fhorálacha Airteagal 10, tá sé mar oibleagáid ar an Roinn diúltú faisnéis a chur ar fáil a thagann laistigh d’fhorálacha Airteagal 8 de na rialacháin, m.sh. faisnéis a thagann faoina catagóirí seo a leanas:
• Faisnéis phearsanta;
• Ábhar a chuir tríú páirtí ar fáil, sa chás gur chuir an tríú páirtí an fhaisnéis ar fáil ar bhonn deonach agus nár thoiligh sé/sí le scaoileadh na faisnéise sin;
• Ábhar, sa chás go bhféadfadh nochtadh na faisnéise seo dochar a dhéanamh don chomhshaol lena mbaineann an t-ábhar seo;
• Faisnéis a bhaineann le himeachtaí den sórt sin, sa chás go mbíonn rúndacht na n-imeachtaí faoi chosaint dlí;
• Faisnéis a bhaineann le díospóireacht ag cruinnithe Rialtais.
Cuirtear líon forais ar fáil in Airteagal 9 de na rialacháin trína bhféadfadh an t-údarás poiblí diúltú faisnéis a chur ar fáil maidir leis an gcomhshaol sa chás go mbreithníonn an t-údarás poiblí é sin a bheith cuí. Ní mór na forálacha seo a fheidhmiú faoi réir fhorálacha Airteagal 10.
• Faisnéis maidir leis an gcomhshaol a bhfuil tionchair aici ar chaidreamh idirnáisiúnta, cosaint náisiúnta nó slándáil phoiblí;
• Faisnéis maidir leis an gcomhshaol a bhaineann le rud ar bith atá faoi réir ag imeachtaí dlí, fiosrúcháin fhoirmiúla san am atá caite nó i láthair na huaire, nó réamh-imscrúduithe, m.sh. faisnéis a bhaineann le hionchúiseamh nó le cionta atá beartaithe agus faisnéis maidir le himeachtaí atá tionscanta ag an gCoimisiún Eorpach;
• Sa chás go bhféadfadh scaoileadh na faisnéise a bheith díobhálach do leasa tráchtála duine aonair nó comhlachta agus go bhfuil cosaint á sholáthar don fhaisnéis seo sa dlí náisiúnta nó sa dlí pobail chun leas eacnamaíochta dlisteanach a chosaint;
• Sa chás go bhféadfadh scaoileadh na faisnéise a bheith díobhálach do chearta maoine intleachtúla;
• Níl údaráis phoiblí faoi oibleagáid fhaisnéis nach bhfuil iomlán a scaoileadh nó atá i réamhfhoirm nó i bhfoirm dréacht, ar nós tuarascálacha nó staidéar;
• D’fhéadfaí faisnéis atá san áireamh i gcumarsáid inmheánach údaráis phoiblí a chosaint óna scaoileadh sa chás go mbíonn cúiseanna maithe lena leithéid sin a dhéanamh.
• Déantar foráil in Airteagal 9.2 gur féidir le húdarás poiblí diúltú faisnéis a chur ar fáil sa chás go mbreithnítear an t-iarratas a bheith neamhréasúnach mar gheall raon na n-ábhar atá á lorg, sa chás go mbíonn an t-iarratas ró-ghinearálta nó sa chás nach bhfuil an t-ábhar atá á lorg críochnaithe. Sa chás gur amhlaidh atá cúrsaí, déanfaimid ár ndícheall cuidiú leat d’iarratas a bheachtú nó a shoiléiriú chun cur ar do chumas an fhaisnéis atá á lorg agat a fháil.
Próiseas Achomhairc
Déantar foráil in Airteagal 11 de na rialacháin a chuireann an ceart ar fáil duit athbhreithniú inmheánach a lorg maidir le cinneadh tosaigh na Roinne ó thaobh d’iarratas, sa chás:
• Go bhfuil tú míshásta maidir leis an gcéad fhreagra a fuair tú; nó mura
• Bhfuil freagra faighte agat laistigh den achar ama cuí.
De ghnáth, ní mór athbhreithniú inmheánach a lorg laistigh d’aon mhí amháin ón gcinneadh tosaigh a fháil – d’fhéadfadh an t-údarás poiblí síneadh a chur leis an achar ama seo ach ní gá don údarás poiblí é sin a dhéanamh. Níl aon táille i gceist ó thaobh athbhreithniú inmheánach a lorg.
Cuimsíonn athbhreithniú inmheánach athbhreithniú iomlán ar an ábhar ag comhalta foirne de chuid na Roinne, a d’fhéadfadh an cinneadh tosaigh a dhearbhú, a athrú nó é a chur ar ceal. Tabharfaidh oifigeach ar ghrád níos airde faoin athbhreithniú agus ní bheidh an duine sin bainteach leis an bpróiseas maidir leis an gcinneadh bunaidh a dhéanamh. Ní mór don Roinn an t-athbhreithniú inmheánach maidir leis an gcinneadh bunaidh a thabhairt chun críche laistigh d’aon mhí amháin ó fhaightear iarratas ar athbhreithniú inmheánach.
Ní mór iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur faoi bhráid laistigh de 4 seachtaine ó fhaightear an cinneadh tosaigh agus ní mór iarratais a dhéanamh tríd an bpost nó trí ríomhphost chuig:
An tOifigeach AIE
Seoladh: Aonad FOI/AIE
An Rannán Rialachais Chorparáidigh
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: foi@tcagsm.gov.ie
Scríobhfaidh an t-oifigeach a thugann faoin athbhreithniú inmheánach chugat laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaightear an t-iarratas ar athbhreithniú agus míneoidh toradh an athbhreithnithe duit, do chur ar an eolas maidir leis an gcinneadh, an chúis atá leis an gcinneadh, agus cuirfear in iúl duit go bhfuil sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, lena n-áirítear, an t-achar ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin.
Sa chás go mbíonn tú míshásta i gcónaí tar éis athbhreithniú inmheánach a thabhairt chun críche, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách a lorg maidir le cinneadh na Roinne ón gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (CEI) freisin. Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaightear cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh ón Roinn. D’fhéadfadh an Coimisinéir, áfach, síneadh a chur leis i gcásanna aonair.
Ní mór achomhairc a dhéanamh i scríbhinn agus is féidir iad sin a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (CEI) ag an seoladh thíos. Is féidir leat d’achomharc a chur faoi bhráid ar líne freisin trí chliceáil ar an nasc https://www.ocei.ie/making-an-appeal/make-an-appeal/
Ní mór go mbeidh táille de €50 in éineacht le hachomharc (€15 do shealbhóirí cártaí leighis). Ní mór táillí a chur faoi bhráid i bhfoirm ordú poist, Dréacht Bainc nó seic atá iníoctha leis an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (CEI) chuig:
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
Glao Áitiúil: 1890 253 238
Teil: 01 639 5689
Facs: 01 639 5674/5676
Ríomhphost: info@ocei.gov.ie
Faisnéis Bhreise
Ná bíodh drogall ar bith ort teagmháil a dhéanamh le hAonad an FOI/AIE (tá mionsonraí thíos) agus beidh ríméad orainn cabhrú leat iarratais a dhéanamh ó thaobh faisnéis a rochtain maidir leis an gcomhshaol agus le fiosrúcháin ghinearálta maidir le feidhmiú rialacháin na Roinne seo go ginearálta.
An tOifigeach AIE
Seoladh: Aonad FOI/AIE
An Rannán Rialachais Chorparáideach
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Ríomhphost: foi@tcagsm.gov.ie
Teil: 01 631 3829/631 3830
Is féidir tuilleadh faisnéise ginearálta maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol) 2007 go 2014 a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, trí chliceáil ar an nasc thíos http://www.environ.ie/en/Environment/AccesstoInformationontheEnvironment/
Is féidir leat cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ag www.ocei.gov.ie.
D’fhéadfadh sé go mbeidh na doiciméid seo mar chabhair duit freisin – tugann siad forléargas úsáideach ar fheidhmiú na rialacháin in Éirinn: –