English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Scéim Teanga

Dheimhnigh an tAire Stáit don Ghaeltacht cur i bhfeidhm na Scéime seo ón 12 Bealtaine 2016. Beidh sé i bhfeidhm ar feadh trí bliana ón data seo nó go dtí go ndeimhneoidh an tAire scéim nua faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Scéim Teanga Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 2016 - 2019
Amharc amharc

Nóta maidir le Scéim Teanga

Cé go bhfuil an tréimhse áirithe ama a chlúdaítear faoin Scéim Teanga seo thart, beidh an scéim reatha i bhfeidhm fós go dtí tosach feidhme alt 19(A) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

Leagtar amach leis an alt seo den Acht go gcuirfear i bhfeidhm córas nua caighdeán teanga do gach earnáil rialtais in áit an tseanchórais scéimeanna teanga, chun caighdeáin níos airde agus caidreamh níos mó leis an phobal a bhaint amach.

Déanfar comhairliúchán leis na comhlachtaí ábhartha sula gcuirfear caighdeáin i bhfeidhm. Déanfar na hoibleagáidí a leagfar ar chomhlachtaí poiblí a ghrádú lena léiriú go bhfuil níos mó acmhainní ar fáil do roinnt comhlachtaí, go ndéanann siad idirghníomhú níos mó le cainteoirí Gaeilge, agus/nó go bhfuil siad lonnaithe laistigh de cheantar Gaeltachta nó go gcuireann siad seirbhís ar fáil do cheantar Gaeltachta. Beidh réamhthréimhse ann do gach comhlacht poiblí sula gcuirfear caighdeáin i bhfeidhm.