Seirbhís do Chustaiméirí
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 6 Samhain 2015
- An t-eolas is déanaí: 3 Iúil 2024
- Cairt Custaiméara agus Plean Gnímh um Sheirbhís do Chustaiméirí
- Aiseolas
- Nós Imeachta Gearán
- Éagóir a Nochtadh
- Scéim Teanga na Roinne 2016-2019
- Oifigigh Rochtana agus Fiosrúcháin
Cairt Custaiméara agus Plean Gnímh um Sheirbhís do Chustaiméirí
Tá soláthar seirbhíse ardchaighdeáin, éifeachtúil agus éifeachtach lárnach dár gcuid oibre sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Féach ar ár bPlean Gnímh um Sheirbhís do Chustaiméirí 2020–2022 agus ar an gCairt Custaiméara ábhartha sa cheangaltán le haghaidh tuilleadh eolais. Athdhearbhaítear sna cáipéisí seo ár dtiomantas chun seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar dár gcuid custaiméirí go léir.
Tugann ár gCairt Custaiméara cuntas ar na caighdeáin seirbhíse ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil leo a fháil nuair a bhíonn siad ag idirghníomhú linn ar an bhfón, i scríbhinn nó go pearsanta. Déantar cur síos sa Phlean Gnímh ar an gcaoi a gcuirfimid gealltanais na Cairte i bhfeidhm agus athbhreithniú / tuairisciú ar ár bhfeidhmíocht ina leith seo.
Aiseolas
Más mian leat roinnt moltaí a dhéanamh maidir le conas is féidir linn ár gcuid seirbhísí a fheabhsú, seol ríomhphost chuig Customer.Service@tcagsm.gov.ie. Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas agus déileálfaimid le do mholtaí go tráthúil agus faoi rún.
Nós Imeachta Gearán
Mura bhfuil tú sásta go bhfuilimid ag comhlíonadh na gcaighdeán atá leagtha síos againn inár bPlean Gnímh um Sheirbhís do Chustaiméirí nó má tá gearán agat faoi aon ghné den phlé a rinneamar leat, mholfaimis duit é sin a chur in iúl dúinn. Cuirimid fáilte roimh aon aiseolas agus déileálfaimid le do mholtaí go tráthúil agus faoi rún.
Ba cheart an gearán a chur in iúl i dtosach don oifigeach sinsearach atá i gceannas ar an limistéar lena mbaineann an fhadhb (i scríbhinn, ar an teileafón, nó trí ríomhphost). Déileálfaimid le haon ghearáin go pras agus faoi rún.
Mura bhfuil tú sásta le réiteach na faidhbe ar leibhéal áitiúil, is féidir leat an cheist a ardú lenár nOifigeach um Sheirbhís do Chustaiméirí trí scríobh chuig:
Customer Service Officer
- Seoladh:
- Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, Room 303, 23 Kildare Street, Dublin 2
- Ríomhphost:
Déanfaidh an tOifigeach um Sheirbhís do Chustaiméirí na rudaí seo a leanas:
• Admhálfaidh an tOifigeach go bhfuarthas do ghearán laistigh de 5 lá oibre agus cuirfidh sé/sí ainm an oifigigh a phléifidh do ghearáin in iúl duit
• Déanfaidh an tOifigeach imscrúdú iomlán ar an ábhar
• Próiseálfaidh an tOifigeach do ghearán laistigh de 20 lá oibre
Sa chás go seasfar le do ghearán agus go bhfuil an locht ar an Roinn, gabhfaimid leithscéal leat agus, nuair is féidir, déanfaimid an cás a chur ina cheart láithreach agus déanfaimid cibé bearta is gá chun a leithéid de chás a sheachaint arís.
I gcás nach seasfar le do ghearán, míneoimid ár gcúiseanna duit agus cuirfimid ar an eolas tú faoi do cheart achomhairc chuig an Ombudsman. Is féidir leis an Ombudsman gearáin a imscrúdú faoi aon cheann dár ngníomhartha nó nósanna imeachta riaracháin chomh maith le moilleanna nó neamhghníomh inár bplé leat. Soláthraíonn an tOmbudsman seirbhís neamhchlaonta agus neamhspleách um réiteach díospóidí.
Is iad sonraí teagmhála an Ombudsman:
Office of the Ombudsman
Déanfar gearáin a thaifeadadh agus monatóireacht a dhéanamh orthu chun cabhrú linn tuiscint chruinn a fháil ar chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus chun réimsí a bhfuil feabhsú ag teastáil uathu a aithint.
Tabharfar aiseolas don fhoireann maidir le gearáin a fhaightear agus, sa chás go nochtann gearáin lochtanna córais, déanfar nósanna imeachta a athbhreithniú agus cuirfear bearta iomchuí i bhfeidhm chun atarlú a sheachaint.
Tá eolas mínithe ár nósanna imeachta gearán ar fáil inár n-oifigí poiblí agus ar Shuíomh gréasáin na Roinne.