Sonraí Oscailte
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 6 Nollaig 2016
- An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2020
Tagraíonn an téarma Sonraí Oscailte d’fhoilsiúchán ar líne d’eolas ó Ranna Rialtais agus Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí. Is ionann Sonraí Oscailte agus sonraí a fhéadfaidh aon duine in aon áit a úsáid, a roinnt agus cur leo go neamhshraonta, chun aon chríocha. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Shonraí Oscailte, féach Item was unpublished or removed
Chun sonraí oscailte ó ranna rialtais eile agus comhlachtaí san earnáil phoiblí a fheiceáil, féach data.gov.ie.
Tá na sonraí go léir atá liostáilte ar an leathanach seo ceadúnaithe faoi Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) agus tá siad faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Ní mór duit:
- an fhoinse agus ár gcóipcheart a aithint i gcásanna ina gcuireann tú an t-eolas ar fáil do dhaoine eile
- an t-eolas a atáirgeadh go cruinn agus go beacht
- gan an t-eolas a úsáid ar bhealach míthreorach
- gan an t-eolas a úsáid chun críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta, ná chun tacú leis na críocha sin
Tionscadail Sonraí Oscailte
Cliceáil ar na naisc thíos le léamh faoin mbealach ina bhfuil ár sonraí oscailte á n-úsáid le haipeanna, suíomhanna gréasáin agus léirshamhlú a thógáil.
Suíomh gréasáin Oidhreacht na Mí www.meathheritage.com
Ariadne - tairseach Eorpach maidir le bonneagair sonraí taighde seandálaíochta ariadne-infrastructure.eu