English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Acht na dTeangacha Oifigiúla



Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003.

Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Déantar é seo trí fhorálacha an Achta mar aon le trí rialacháin a dhéanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt, agus Meán atá infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht. (Cóip de na dualgais dhíreacha a thiteann ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht le fáil thíos faoi Acmhainní do Chomhlachtaí Poiblí)


Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021

Rinne Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shíniú ina dhlí ar 22 Nollaig 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.

Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná:

• go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030;

• go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge;

• go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; agus

• go ndéanfar Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a fhorbairt

Faoin Acht, tá i gceist líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú go mór, mar aon le deiseanna suntasacha fostaíochta a chruthú dóibh siúd le hinniúlacht sa teanga. Tríd an obair seo, táthar ag súil go gcuirfear le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol – ach go háirithe ina bplé leis an Stát.

Tá an Roinn i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d’ailt agus d’fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil.

Próiseas reachtúil a bhain le hachtú Acht (Leasú) 2021

Is toradh é achtú na reachtaíochta seo ar reáchtáil phróiseas comhairliúcháin phoiblí chuimsithigh (tá eolas stairiúil le fáil faoi seo anseo), scrúdú réamh-reachtach déanta ag an gCoiste Oireachtais ábharthach, os cionn 25 uair a chloig de dhíospóireacht ag céim an Choiste i nDáil Éireann agus plé déanta ar os cionn 300 leasú molta le linn na hama sin – ar glacadh le go leor díobh. Is féidir teacht ar thaifid scríofa den phlé a rinneadh ar an reachtaíocht agus í ag dul tríd na céimeanna reachtúla éagsúla ar leith ag oireachtas.ie.

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge

Faoi fhorálacha ábhartha an Achta nua, rinneadh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú ar an 20 Meitheamh 2022. Is ar ullmhú an chéad Phlean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a bheidh obair an Choiste dírithe go príomhúil don chéad dhá bhliain chun a chinntiú go ndéanfar é seo a chur i gcrích roimh an spriocdháta de 19 Meitheamh 2024.

Nóta maidir le Scéimeanna Teanga

Gné shuntasach den Acht 2021 atá in ionadú chóras na scéime teanga reatha trí chaighdeáin teanga a thabhairt isteach do gach earnáil rialtais, agus beidh caighdeáin níos airde le baint amach ag earnálacha a bhfuil idirghníomhú níos mó acu leis an bpobal.

Déanfar comhairliúchán leis na comhlachtaí ábhartha sula gcuirfear caighdeáin i bhfeidhm. Déanfar na hoibleagáidí a leagfar ar chomhlachtaí poiblí a ghrádú lena léiriú go bhfuil níos mó acmhainní ar fáil do roinnt comhlachtaí, go ndéanann siad idirghníomhú níos mó le cainteoirí Gaeilge, agus/nó go bhfuil siad lonnaithe laistigh de cheantar Gaeltachta nó go gcuireann siad seirbhís ar fáil do cheantar Gaeltachta. Beidh réamhthréimhse ann do gach comhlacht poiblí sula gcuirfear caighdeáin i bhfeidhm.


Cóip den Reachtaíocht

Tá fáil ar chóipeanna de na hAchtanna féin mar aon le reachtaíocht ghaolmhar eile anseo.


Acmhainní do Chomhlachtaí Poiblí

De réir mar a fheidhmítear ailt agus forálacha an Achta 2021, déanfar uasdátú rialta ar an suíomh gréasáin seo. Tá fáil i gcónaí ar an Rannóg ag ATO@tcagsm.gov.ie chomh maith.

Riachtanais Éigeantacha

Tá liosta iomlán de na dualgais dhíreacha a thiteann ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht i leith seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, mar a sheasann siad faoi láthair, ar fáil thíos.

Riachtanais Éigeantacha
Amharc amharc

Seimineáir Faisnéise

30 Eanáir 2025 - Dualgais nua ar Chomhlachtaí Poiblí in 2025

D’óstáil an Roinn seimineár faisnéise do chomhlachtaí poiblí ar an 30 Eanáir 2025 maidir leis na dualgais ar chomhlachtaí poiblí agus na hathruithe le teacht isteach in 2025. Is féidir taifead den seimineár sin trí Ghaeilge a fheiceáil anseo.

Sleamhnáin ar fáil anseo.

30 Deireadh Fómhair 2024 - Seimineáir Faisnéise do Chomhlachtaí Poiblí

Reáchtáil an Roinn seimineáir faisnéise do chomhlachtaí poiblí ar an 30 Deireadh Fómhair 2024 maidir le Dátaí do Sheirbhísí/Oifigí Gaeltachta. Is féidir taifead den seimineár sin a fheiceáil anseo.

Sleamhnáin ar fáil anseo.

Deireadh Fómhair 2024 – I dTreo Seirbhís Phoiblí Dhátheangach

Mar chuid de Sheachtain Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí 2024, reáchtáil an Roinn, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh PFN agus Athchóirithe, seimineár faisnéise ar an téama "I dTreo Seirbhís Phoiblí Dhátheangach”. Labhair ionadaithe ón Roinn, Oifig an Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta agus Cyngor Caerdydd (Comhairle Caerdydd) ag an seimineár. Is féidir taifead den seimineár sin a fheiceáil anseo.

Cuir i Láthair na n-Aoichainteoirí:

o An Roinn (Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge)

o An Roinn (Plean Digiteach don Ghaeilge & Forbairtí Teicneolaíochta)

o Oifig an Choimisinéara Teanga

o Údarás na Gaeltachta

o Cyngor Caerdydd (Comhairle Caerdydd)

Meitheamh 2023 – Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 – Forálacha i bhfeidhm agus ag teacht i bhfeidhm

Rinne an Roinn seimineáir faisnéise do chomhlachtaí poiblí a reáchtáil i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga ar an 28 Meitheamh 2023 maidir leis na forálacha sin atá tagtha i bhfeidhm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go dtí seo mar aon leis na cinn eile a bheidh le teacht i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana (2024). Pléadh go sonrach ag na seimineáir seo:

o Úsáid agus taifead Ainmneacha, Seoltaí agus Teidil i nGaeilge;

o Foirmeacha Oifigiúla;

o Lógónna;

o Ainmneacha agus lógónna comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe; agus

o Seirbhísí pobal-inrochtana;

Alt 10A (fógraíocht); agus

Alt 18A-18F:

o An sprioc earcaíochta de 20%;

o An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge; agus

o An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge.

Tá fáil thíos ar na nithe seo a leanas ina leith:

Cur i Láthair na Roinne

Cur i Láthair OCT

Taifead de Chur i Láthair na Roinne

Taifead de Chur i Láthair OCT

Eanáir 2023 – Aistriúchán (Gaeilge)

Reáchtáil an Roinn seimineáir faisnéise do chomhlachtaí poiblí ar an 25 Eanáir 2023 maidir le haistriúchán Gaeilge. Tá fáil thíos ar na nithe seo a leanas ina leith:

• Cuir i Láthair na n-Aoichainteoirí:

o An Roinn

o Aistritheoir na Roinne

o Oifig um Sholáthar Rialtais (i mBéarla amháin)

• Taifid de na Cuir i Láthair:

o An Roinn

o Aistritheoir na Roinne (i nGaeilge amháin)

o Aistritheoir a oibríonn in institiúidí an AE

o Oifig um Sholáthar Rialtais (i mBéarla amháin)

o Cóipscríbhneoir le Gaeilge

Meán Fómhair 2022 – Alt 10A: Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí

Rinne an Roinn páirt a ghlacadh i seimineáir faisnéise eile a d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga dírithe ar chúrsaí a bhain go sonrach le hAlt 10A, an fhoráil fhógraíochta, i lár mhí Mheán Fómhair 2022. Tá taifead de na seimineáir úd mar aon le hacmhainní ábhartha eile mar a bhaineann sé leis an bhforail sin ar fáil ar shuíomh gréasáin OCT anseo.

Iúil 2022 – Forálacha nua an Achta arna Leasú

Rinne an Roinn seo, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga (OCT), sraith seimineár faisnéise a reáchtáil ar líne ag deireadh mhí Iúil 2022 ar mhaithe le comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí atá forordaithe faoin reachtaíocht i dtaobh a gcuid dualgas nua faoin Acht. Tá fáil thíos ar na nithe seo a leanas ina leith:

Cur i Láthair na Roinne

Cur i Láthair OCT

Taifead de na seimineáir faisnéise

Oifig an Choimisinéara Teanga

Mar eolas, is féidir idirdhealú idir ról na Roinne agus ról Oifig an Choimisinéara Teanga a fheiceáil anseo.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí i gcomhlíonadh a ndualgas faoin Acht. Fiosraíonn an Oifig gearáin i gcásanna ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí cloí leis an Acht agus/nó le haon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge.

Tá tuilleadh eolais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ar fáil i dtreoirleabhar Oifig an Choimisinéara Teanga anseo. Beifear ag déanamh uasdátaithe ar an treoirleabhar seo, maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, freisin, in am agus i dtráth, ach idir an dá linn tá go leor eolas úsáideach le fáil ó chur i láthair na hOifige ar an dá Acht anseo. Tá tuilleadh eolais maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga ar fáil ag www.coimisineir.ie agus is féidir dul i dteagmháil leis an Oifig ag eolas@coimisineir.ie / (091) 504 006 / 0818 504006.


Dul chun cinn faoin Acht

Faoi réir Alt 5 d’Acht 2003, déanann an tAire tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an Achta sa bhliain roimhe sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain. Tá fáil ar na tuarascálacha seo ar líne ag Opac.Oireachtas.ie.

Mór scéalta le déanaí:


Déan Teagmháil Linn

Mar a luadh thuas, is féidir teagmháil a dhéanamh linn i gcónaí sa Rannóg anseo ar ATO@tcagsm.gov.ie.


Naisc Ábhartha Eile