Acht na dTeangacha Oifigiúla (agus reachtaíocht ghaolmhar)
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 31 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Meitheamh 2024
- Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
- Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021
- Na Rialacháin um Acht Na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Comhlachtaí Poiblí), 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020)
- Na Rialacháin um Acht Na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Alt 9), 2008 (I.R. Uimh. 391 de 2008)
- Na Rialacháin um Acht Na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Comhlachtaí Poiblí), 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006)
- Orduithe Logainmneacha
- An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2022 (I.R. Uimh. 313/2022)
- An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme) (Uimh 2), 2022 (I.R. Uimh. 511/2022)
- An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2023 (I.R. Uimh. 90/2023)
- An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme) (Uimh 2), 2023 (I.R. Uimh. 215/2023)
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin Acht anseo.
Tá fáil ar chóip den Acht anseo.
Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021
Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 ina dhlí ar 22 Nollaig 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus forbraíodh é leis an aidhm go gcuirfeadh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin Acht anseo.
Tá fáil ar chóip den Acht anseo.
Na Rialacháin um Acht Na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Comhlachtaí Poiblí), 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020)
Le roinnt blianta anuas tháinig laghdú suntasach ar líon na gcomhlachtaí poiblí a tháinig faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar gheall ar an athchóiriú agus cuíchóiriú a rinneadh ar chomhlachtaí poiblí de chuid an Stáit. Chun dul i ngleic leis seo rinneadh Na Rialacháin um Acht Na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Comhlachtaí Poiblí), 2019 (I.R. Uimh. 230 de 2020) chun leasú a dhéanamh ar an gCéad Sceideal den Acht i.e. liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi fhorálacha an Achta.
Tháinig éifeacht leis na Rialacháin seo ar an 25 Meitheamh 2020.
Tá fáil ar chóip de na Rialacháin anseo.
Na Rialacháin um Acht Na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Alt 9), 2008 (I.R. Uimh. 391 de 2008)
Baineann na rialacháin seo, a rinneadh faoi ailt 4(2) agus 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, le húsáid na Gaeilge amháin nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile i bhfógairtí taifeadta béil, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaí ag comhlachtaí poiblí.
Tá fáil ar chóip de na Rialacháin anseo.
Na Rialacháin um Acht Na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Comhlachtaí Poiblí), 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006)
Thug na Rialacháin seo tuilleadh comhlachtaí poiblí faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus scriosadh ón gCéad Sceideal ainmneacha comhlachtaí poiblí a bhí scortha de bheith ar marthain nó de bheith ag oibriú ó ritheadh an tAcht.
Tá fáil ar chóip de na Rialacháin anseo.
Orduithe Logainmneacha
Tá liosta de na hOrduithe Logainmneacha atá déanta go dáta faoin Acht, mar aon le naisc chucu, le fáil ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga anseo.
An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2022 (I.R. Uimh. 313/2022)
Thug an tOrdú seo tosach feidhme d’Alt 1, Alt 2 (seachas (b) agus (c)), Alt 20 agus bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge faoi réir Alt 8 a rinne leasú ar Alt 18 den phríomh-Acht 2003.
Leagtar amach feidhmeanna sonracha an Choiste Chomhairligh ag Alt 18C agus Alt 18F den Acht, lena n-áirítear:
• Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a ullmhú laistigh de dhá bhliain ó bhunú an Choiste i.e. faoin 19 Meitheamh 2024. Tá ullmhú an Phlean Náisiúnta ag teacht le cuspóir foriomlán an Achta a bhaint amach agus is é sin, gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh chuig an tseirbhís phoiblí tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030.
• Tuarascáil Bhliantúil ar an dul chun cinn a sholáthar don Aire agus don Choimisinéir Teanga faoin 30 Meitheamh de gach bhliain, seachas an chéad cheann a bheidh le soláthar faoin 30 Meitheamh 2024 agus ina cuimseofar an obair atá déanta ag an gCoiste ón lá bunaithe suas go 31 Nollaig 2023. Déanfar cóipeanna díobh seo a fhoilsiú ar shuíomh na Roinne agus iad curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Agus a chuid feidhmeanna sonracha á gcur i gcrích ag an gCoiste, déanfaidh sé a aird a thabhairt ar na hailt ábhartha eile seo san Acht chomh maith:
• Alt 18D a bhaineann le dualgas an Aire i leith an Phlean Náisiúnta;
• Alt 18E a bhaineann le spriocdhátaí a shocróidh an tAire, agus aird aige nó aici ar an bPlean Náisiúnta, faoina mbeidh oifigí poiblí lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí mheán na Ghaeilge.
• 19A (2), a luaitear go sonrach faoi Alt 18C (1)(a)(i) (thuas), a bhaineann le caighdeáin teanga.
Ta tuilleadh eolais ar fheidhmiú an Choiste ar fáil anseo.
An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme) (Uimh 2), 2022 (I.R. Uimh. 511/2022)
Thug an tOrdú seo tosach feidhme d’Alt 6 a rinne leasú ar Alt 10 den phríomh-Acht 2003 a leag dualgais reachtúla nua ar chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi a ndéanann siad cumarsáid leis an bpobal i dteangacha oifigiúla an Stáit.
Tháinig éifeacht leis an Ordú seo ar an 10 Deireadh Fómhair 2022.
An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme), 2023 (I.R. Uimh. 90/2023)
Thug an tOrdú seo tosach feidhme do na hailt seo a leanas:
a) alt 2 (a mhéid nach bhfuil sé i ngníomh cheana féin);
b) alt 7;
c) alt 9;
d) alt 10;
e) alt 11;
f) alt 15;
g) alt 18;
h) alt 19.
Is leasuithe teicniúla ar an Acht iad cuid de na hailt seo ach, chomh maith leo siúd, tá dhá fhoráil shuntasacha ann, Alt 9 agus Alt 10, ar fiú aird a tharraingt orthu.
Tá próiseas leagtha síos faoi Alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 maidir le foilsiú na gcaighdeán teanga a bheifear ag tabhairt isteach faoin Acht. Leagtar síos san alt sin go gcaithfidh an tAire dul i ndáilchomhairle le comhlachtaí poiblí maidir leis na dréacht-chaighdeáin agus iad a bheith foilsithe. Beidh tréimhse chomhairliúcháin 3 mhí ann ó dháta a bhfoilsithe. Foilseofar na dréacht-chaighdeáin ar shuíomh gréasáin na Roinne chomh maith chun deis a thabhairt don phobal i gcoitinne tuairimí a thabhairt ina leith. Tá obair dhréachtaithe na gcaighdeán ar bun faoi láthair.
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cuimsíonn feidhmeanna an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí. Leasaíonn Alt 10 d’Acht 2021 Alt 21 den Phríomh-Acht trí fheidhm mhonatóireachta sa bhreis a thabhairt don Choimisinéir. Mar thoradh air seo, déanfaidh an Coimisinéir Teanga monatóireacht anois ar ghéilliúlacht comhlachtaí poiblí le haon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge agus/nó an Bhéarla, nuair is cuí, mar shampla: an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, Acht an Gharda Síochána, 2005, Acht Iompair 1950, Acht Craolacháin, 2009, Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus an tAcht Oideachais, 1998 chun roinnt acu a lua.
An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 (Tosach Feidhme) (Uimh 2), 2023 (I.R. Uimh. 215/2023)
Thug an tOrdú seo tosach feidhme d’Alt 3 a rinne leasú ar Alt 4 den phríomh-Acht 2003. Baineann na hathruithe seo le feidhmíocht agus tuairisciú agus cuireann siad dualgas ar cheann an chomhlachta phoiblí an méid seo a leanas a dhéanamh:
• 4A a bhaineann le comhalta foirne a cheapadh, ón mbainistíocht shinsearach, chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thuairisciú oibleagáidí faoi na hAchtanna.
• 4B a chinntíonn go gcuirtear achoimre ar fheidhmíocht agus ar thuairisciú san áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann.
Tháinig éifeacht leis an Ordú seo ar an 5 Bealtaine 2023.