English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Bille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne



Cúlra

Ar an 8 Nollaig 2020, d’fhormheas an Rialtas foilsiú Scéim Ghinearálta chríochnaithe den Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne. Cuireadh faoi bhráid Chomhchoiste an Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin í le haghaidh grinnscrúdú réamhreachtach a críochnaíodh i mí na Samhna 2021.

Ar an 18 Bealtaine 2021, cheadaigh an Rialtas comhtháthú an Bhille Craolacháin (Leasú), 2019, sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán agus tabhairt isteach trí Cheannteideal Bille eile.

Ar an 12 Eanáir 2022 cheadaigh an Rialtas foilsiú an Bhille. Tionscnaíodh ansin é i Seanad Éireann ar an 25 Eanáir 2022 agus i nDáil Éireann ar an 11 Iúil 2022 le breithniú.

Síníodh sa dlí é ar an 10 Nollaig 2022.

Cuireadh tús leis an Acht ar an 15 Márta 2023. Díscaoileadh Údarás Craolacháin na hÉireann agus bunaíodh Coimisiún na Meán go foirmiúil mar údarás rialála náisiúnta na hÉireann, de réir Airteagal 30 de Threoir an AE maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc. Tá an Coimisiún freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar rialáil seirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh agus as an gcreat rialála nua do shábháilteacht ar líne.


Comhairliúchán le Páirtithe Leasmhara

Bhí ionchur ó agus rannpháirtíocht le geallsealbhóirí, cibé ar baill den phobal, cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó eagraíochtaí Rialtais eile iad, ríthábhachtach d'fhorbairt agus do dhul chun cinn an Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne i dtreo achtaithe. Áirítear leis seo:

  • comhairliúchán poiblí in 2019 chun treoir a thabhairt do dhréachtú an Bhille atá beartaithe - cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar anailís théamach ar fhreagraí;
  • reáchtáladh ceardlann fhíorúil ar an gcreat rialála do shábháilteacht ar líne in 2020 - cliceáil anseo le haghaidh achoimre ar na himeachtaí;
  • treoru agus aiseolas ón gComhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne;
  • tuarascáil ghrinnscrúdú réamhreachtach ón gComhchoiste um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin, atá ar fáil anseo; agus,
  • na díospóireachtaí faoin mBille i dTithe an Oireachtais. Chun na díospóireachtaí a léamh cliceáil anseo.

Sábháilteacht ar Líne

Foráiltear san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne do cheapadh Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne i gCoimisiún na Meán a bheidh freagrach as cód ceangailteach sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm. Leagfar amach sna cóid sin oibleagáidí maidir leis an gcaoi a dtéann na seirbhísí sin i ngleic, ar leibhéal sistéamach, le cur ar fáil catagóirí sainithe d’ábhar díobhálach ar líne.

I gcomhthéacs na reachtaíochta seo, cuimsíonn ábhar díobhálach ar líne raon ábhar dochrach ar líne a bhaineann go sonrach le cion, is é sin líne atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de 44 cion coiriúil atá ann cheana i ndlí na hÉireann.

Mar shampla, áirítear ábhar ar líne trína scaipeann nó a fhoilsíonn duine cumarsáid bhagrach nó fíormhaslach faoi dhuine eile, nó trína seolann sé/sí cumarsáid bhagrach nó fíormhaslach chuig duine eile, contrártha leis na cionta ábhartha ón Acht Ciaptha, Cumarsáid Dhíobhálach agus Cionta Gaolmhara 2020, nó Dlí Coco.

Forálann sé leis an Acht freisin catagóirí d’ábhar díobhalach ar líne nach mbaineann le cion ar leith maidir le:

- Ábhar tromchúiseach cibearbhulaíochta;

- Ábhar ina moltar neamhoird itheacháin, féindochar nó féinmharú nó ina ndéantar é a chur chun cinn; agus,

- Ábhar ina gcuirtear eolas ar fáil faoi mhodhanna féindochair nó féinmharaithe.

Faoin Acht, tá cumhachtaí láidre monatóireachta agus forfheidhmithe ar fáil ag Coimisiún na Meán chun comhlíonadh na gcóid shábháilteachta ar líne a chinntiú, lena n-áirítear imscrúduithe a dhéanamh ar neamhchomhlíonadh amhrasta agus smachtbhannaí ar nós fíneálacha suntasacha a ghearradh.

Cuireann an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne ar chumas Choimisiún na Meán freisin ábhair threorach sábháilteachta ar líne neamhcheangailteacha a fhorbairt maidir le hábhar díobhálach ar líne ach freisin maidir le hábhar ar líne atá mí-oiriúnach ó thaobh aoise de, lena n-áirítear pornagrafaíocht agus foréigean gan ghá.


An Chéad Chód Sábháilteachta ar Líne

D'fhoilsigh Coimisiún na Meán an Chéad Chód Sábháilteachta ar Líne ar an 21 Deireadh Fómhair 2024. Leagtar amach sa Chód céimeanna agus gníomhartha nach mór d’ardáin chomhroinnte físe a dhéanamh chun an pobal, go háirithe leanaí a chosaint ar fhíseáin dhochracha agus ar ábhar gaolmhar. Áirítear leis seo:

- Cosc a chur ar uaslódáil nó ar chomhroinnt ábhair dhíobhálacha ar a gcuid seirbhísí amhail an chibearbhulaíocht, féindochar nó féinmharú a chur chun cinn agus neamhoird itheacháin nó beathaithe a chur chun cinn mar aon le gríosú fuatha nó foréigin, sceimhlitheoireacht, ábhar mí-úsáide gnéis leanaí, ciníochas agus seineafóibe.

- Dearbhú aoise a úsáid chun leanaí a chosc ó dhul i ngleic le pornagrafaíocht nó foréigean gan ghá ar líne agus bearta fíoraithe aoise a bheith i bhfeidhm de réir mar is cuí.

- Rialuithe tuismitheora a sholáthar maidir le hábhar a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fhorbairt fhisiciúil, mheabhrach nó mhorálta leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois.

Beidh ar na hardáin sin a chinntiú freisin go bhfuil bealaí acu inar féidir le daoine ábhar a sháraíonn na rialacha a thuairisciú, agus gníomhú ar na tuarascálacha sin de réir a dTéarmaí agus Coinníollacha.

Is féidir teacht ar chlár na seirbhísí ar líne ábhartha ainmnithe ar féidir cóid sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm orthu anseo.


Ábhar Treorach maidir le Sábháilteacht ar Líne

Ar an 21 Deireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh Coimisiún na Meán Ábhar Treorach maidir le Sábháilteacht ar Líne chomh maith. Ceapadh iad seo chun cabhrú le soláthraithe seirbhíse bearta cuí a chur i bhfeidhm, de bhun an Chóid, chun na cosaintí riachtanacha a sholáthar do leanaí agus don phobal i gcoitinne. D’fhéadfadh an t-ábhar treorach cuidiú le haon duine ar spéis leo ábhar an Chóid agus comhairle agus ionchais an Choimisiúin do sholáthraithe seirbhíse a thuiscint, lena n-áirítear:

- caighdeáin ar cheart do sheirbhísí a chomhlíonadh, cleachtais ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a leanúint, agus bearta ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a dhéanamh

- caighdeáin, cleachtais, agus bearta a bhaineann le modhnóireacht ábhair agus seachadadh ábhair

- measúnú ag soláthraithe seirbhíse ar infhaighteacht cineálacha ábhar ar líne ar sheirbhísí, ar an mbaol go gcuirfí ábhar díobhálach ar fáil, agus ar an riosca a bhaineann le hinneachar ar líne d’úsáideoirí

- an chaoi a láimhseálann soláthraithe seirbhíse cumarsáidí ó úsáideoirí a ardaíonn gearáin nó ábhair eile.

Níl an t-ábhar treorach uileghabhálach ó thaobh nádúr.


Creat Sábháilteachta ar Líne

Níl san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear tríd an gcéad chód sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, ach ceann amháin de thrí chomhpháirt de Chreat iomlán Sábháilteachta ar Líne Choimisiún na Meán. Is iad an dá chomhpháirt eile an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha an AE agus an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne. Tá freagracht ar Choimisiún na Meán as na bearta seo a chur i bhfeidhm in Éirinn ach is ar an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus ar an Roinn Dlí agus Cirt, faoi seach, atá an fhreagracht beartais ina leith.


Tionscnaimh oideachais agus feasachta poiblí

Ciallaíonn a bheith sábháilte ar líne go bhfuil an t-eolas againn chun na rioscaí féideartha a aithint agus go dtuigimid ár slándáil phearsanta agus muid ag brabhsáil, ag roinnt nó ag féachaint ar an idirlíon.

Le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, ní mór do Choimisiún na Meán iarracht a dhéanamh a chinntiú go spreagfar taighde, go gcuirfear chun cinn nó go bhformhuiníonn sé tionscnaimh agus gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear inniúlacht sna meáin, agus comhoibriú chun na críche sin le comhlachtaí oideachais agus oiliúna, le comhlachtaí spóirt agus le comhlachtaí pobail, áitiúla agus ionadaíocha, agus le feasacht, eolas agus tuiscint an phobail a chur chun cinn ar shlí eile, maidir le hábhair a bhaineann lena fheidhmeanna. Tacaíonn Coimisiún na Meán le forbairt earnáil na meán agus imeachtaí agus gníomhaíochtaí gaolmhara trí urraíocht agus trí chláir foghlama agus forbartha earnála a chur i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir le daoine tuiscint chriticiúil agus idirghníomhú leis na meáin agus roghanna eolacha a dhéanamh faoina bhfeiceann siad, a léann siad agus a roinneann siad ar líne.

Chun feasacht ar shábháilteacht idirlín a ardú tá roinnt feachtais rannpháirtíochta á reáchtáil ag Coimisiún na Meán mar:

- An feachtas faisnéise "Aithin é, Dírigh Aird air, Cuir Stop leis" faoi chur in aghaidh ábhar mídhleathach ar líne, bunaithe ar fhorálacha an DSA;

- Feachtas cumarsáide maidir le seoladh an Chóid Sábháilteachta ar Líne;

- Ag seoladh roinnt acmhainní oideachais do mhic léinn , múinteoirí agus tuismitheoirí faoi chearta leanaí ar líne faoin gCreat Sábháilteachta ar Líne;

- Lá Bliantúil Idirlín Níos Sábháilte chun feasacht a ardú ar idirlíon níos sábháilte agus níos fearr do chách, go háirithe do leanaí agus do dhaoine óga; agus,

- Tacú le hInniúlacht Éireann sna Meáin agus le feachtas Bí Cliste faoi na Meáin chun a chinntiú go bhfuil na scileanna agus an mhuinín ag daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis ar líne.

Tá inniúlacht sna meáin ríthábhachtach chun daoine a chumasú leis na scileanna agus an t-eolas chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn na meáin sa timpeallacht athraitheach seo, chun cruinneas na faisnéise a cheistiú, chun cur i gcoinne ionadaíocht éagórach agus mhíchruinn, chun dúshlán a thabhairt do thuairimí antoisceacha agus, sa deireadh, chun roghanna níos eolasaí a dhéanamh sna meáin.


Na meáin chlosamhairc

Éascóidh an tAcht um Rialáil Sábhailteachta agus Meán freisin aistriú na Treorach athbhreithnithe um Sheirbhísí Meán Closamhairc i ndlí na hÉireann. Tríd an gcéad Chód Sábháilteachta ar Líne agus na Cóid agus na Rialacha Seirbhíse Meán athbhreithnithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, chríochnaigh Coimisiún na Meán trasuíomh.

Ó thaobh na meán closamhairc, tá an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne agus cur i bhfeidhm na gCód agus na Rialacha um Sheirbhísí Meán leasaithe tar éis rialú na seirbhísí físe ar éileamh a chur ar bhonn reachtúil díreach agus rinne sé rialáil na seirbhísí sin a ailíniú le seirbhísí craolacháin teilifíse.

Bunaíonn an tAcht maoirseacht níos éifeachtaí agus rialáil chuí ar sheirbhísí meán closamhairc arna mbunú in Éirinn, agus tá gá anois le seirbhísí meán closamhairc ar éileamh chun clárú leis an gCoimisiún, de réir Alt 46A den Acht Craolacháin 2009, arna leasú. Is féidir teacht ar chlár na Soláthraithe Seirbhíse Meán anseo.

Áirítear san Acht foráil do thabhairt isteach tobhach ar sheirbhísí craolacháin teilifíse agus ar sheirbhísí físe ar éileamh atá ar fáil in Éirinn chun léiriú ábhar closamhairc in Éirinn a mhaoiniú, faoi réir tuilleadh taighde agus moltaí ón gCoimisiún.


Comhtháthú an Bhille Craolacháin (Leasú) 2019

Bhí an Bille Craolacháin (Leasú) 2019 ag céim an Choiste nuair a lánscoireadh an Dáil i mí Eanáir 2020. Mar sin féin, measadh go raibh imeachtaí tar éis an Bhille a shárú, lena n-áirítear forbairt Scéim Ghinearálta an Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne. Mar sin, ar an 18 Bealtaine 2021, d’fhonn aon mhearbhall nó éiginnteacht a sheachaint, cheadaigh an Rialtas comhtháthú an Bhille Craolacháin (Leasú), 2019, isteach sa Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán.

Áiríodh sa Bhille Craolacháin (Leasú), 2019 roinnt beart chun tacú leis an raidió, go háirithe raidió pobail áitiúil. Tugtar na forálacha seo ón mBille anonn go dtí an tAcht um Rialáil Sábhaílteachta agus Meán agus feabhsaítear iad fiú trí, mar shampla, a fhoráil go mbeidh gach seirbhís raidió agus teilifíse pobail díolmhaithe ó thobhach tionscail a íoc.


Córas Ghearáin Aonair

Ar an 24 Eanáir 2022, i bhfianaise láidreacht na mothúchán i measc na bpáirtithe leasmhara, bhunaigh an sainghrúpa scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí foráil do chóras gearán aonair san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán.

Thacaigh an sainghrúpa, ina thuarascáil, le féidearthacht chórais den sórt sin, faoi réir spleáchais áirithe a chomhlíonadh. Ina theannta sin, i bhfianaise na bhfadbhanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le líon na ngearán, mhol sé go ndéanfaí an córas a thabhairt isteach de réir a chéile le himeacht ama. Mar thoradh air sin, d’aontaigh an Rialtas foráil a dhéanamh do mholtaí an ghrúpa saineolaithe agus don bhunús dlí don Choimisiún chun scéimeanna gearán aonair a bhunú trí leasuithe a cuireadh síos ag Céim Choiste na Dála.


Príomhghnéithe den Acht

Seo a leanas príomhghnéithe den Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne:


Struchtúrach:

  • Bunú coimisiún meán ildhuine nua, ar a dtugtar Coimisiún na Meán; agus
  • Díscaoileadh an rialtóra atá ann cheana, Údarás Craolacháin na hÉireann.

Cumhachtaí Choimisiún na Meán

  • Tobhaigh earnála a chur i bhfeidhm chun oibríochtaí an Choimisiúin a mhaoiniú;
  • Soláthar eolais a éileamh ó sheirbhísí rialaithe;
  • Oifigigh údaraithe a cheapadh chun neamhchomhlíonadh amhrasta a imscrúdú;
  • Iarracht a dhéanamh smachtbhannaí airgeadais riaracháin suas le €20 milliún nó 10% den láimhdeachas a chur i bhfeidhm i leith neamhchomhlíonta;
  • Fógraí a eisiúint chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh;
  • An chumhacht ionchúiseamh a dhéanamh ar bhainistíocht shinsearach seirbhísí ainmnithe ar líne mura gcomhlíonann siad rialacha tar éis fógra a fháil chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh;
  • Iarracht a dhéanamh rochtain ar sheirbhísí áirithe ar líne a bhac; agus
  • Fógraí a eisiúint maidir le srian a chur ar ábhar chuig seirbhísí ainmnithe ar líne maidir le píosaí aonair d’ábhar díobhálach ar líne.

Creat rialála maidir le sábháilteacht ar line

  • “Ábhar díobhálach ar líne” a shainmhíniú trí thagairt a dhéanamh do chatagóirí sainithe ábhair, lena n-áirítear catagóir ina bhfuil sceideal cionta coiriúla agus trí chatagóir eile a bhaineann le cibearbhulaíocht, féinmharú, féindochar agus neamhoird itheacháin a chur chun cinn;
  • Próiseas chun catagóirí breise d’ábhar díobhálach ar líne a shainmhíniú, faoi réir cheadú an Rialtais agus mhaoirseacht an Oireachtais;
  • Cóid sábháilteachta ar líne atá ina gceangail a dhéanamh, a rachaidh i ngleic le soláthar na gcatagóirí d’ábhar díobhálach ar líne trí aghaidh a thabhairt ar raon leathan ceisteanna lena n-áirítear modhnóireacht ábhair, láimhseáil gearán, córais mholtaí, tuairisciú agus fógraíocht;
  • Próiseas bunaithe ar riosca chun seirbhísí ar líne a ainmniú le haghaidh rialála;
  • Ábhair treorach sábháilteachta ar líne neamhcheangailteach agus fógraí comhairleacha a dhéanamh chun cultúr comhlíonta a thugann tús áite don tsábháilteacht a chruthú agus tacú leis; agus
  • Scéim inar féidir le forais ainmnithe, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha saineolaithe i réimsí mar chosaint leanaí, ceisteanna sistéamacha a thabhairt chun suntais do Choimisiún na Meán;
  • bunús dlí do Choimisiún na Meán scéimeanna gearán aonair a bhunú ina gceadaítear don phobal gearáin faoi mhíreanna aonair d’ábhar díobhálach líomhnaithe ar líne a chur faoi bhráid an rialtóra go díreach.

Aistriú na Treorach athbhreithnithe ar Sheirbhísí Meán Closamhairc

  • Bunú Choimisiún na Meán mar údarás rialála náisiúnta na hÉireann, i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir;
  • Rialú Seirbhísí Ardán Comhroinnte Físe ar bhonn AE (curtha san áireamh sa chreat rialála maidir le sábháilteacht ar líne);
  • Nuashonruithe ar rialáil sheirbhísí craolacháin teilifíse agus seirbhísí físe ar éileamh;
  • Beidh cuóta nua 30% ann freisin d’Oibreacha Eorpacha i gcatalóga na seirbhísí físe ar éileamh.
  • Níos mó solúbthachta maidir le suíomh fógraíochta do chraoltóirí teilifíse, ag bogadh ó theorainn 20% in aghaidh na huaire go teorainn 20% do bhloic áirithe uaireanta, mar shampla idir 18:00 agus 24:00; agus,
  • Foráil do thobhach léirithe ábhair agus scéim léirithe ábhair chun tacú le cruthú Oibreacha Eorpacha, lena n-áirítear léiriúcháin neamhspleácha de chuid na hÉireann.

Tosach feidhme an Achta um Rialáil Sábháilteachta agus Meán agus bunú Choimisiún na Meán

Ar an 22 Feabhra 2023, síníodh na hOrduithe Aireachta is gá chun Coimisiún na Meán a bhunú ar bhonn riaracháin agus cuireadh tús leis an mbunú foirmiúil ón 15 Márta 2023. Cuireadh tús freisin le hailt ábhartha den Acht um Rialáil Sábhailteachta agus Meán 2022, lena n-áirítear an fhoráil maidir le:

  • cumhachtaí, dualgais, feidhmeanna agus feidhmiú Choimisiún na Meán;
  • creat rialála nuashonraithe do sheirbhísí craolacháin agus físe ar éileamh;
  • creat rialála nua do shábháilteacht ar líne; agus,
  • cumhachtaí imscrúdaithe agus smachtbhanna a chuirtear de dhualgas ar Choimisiún na Meán.

Is iad na hOrduithe ábhartha:

Ar an 15 Márta 2023, bunaíodh Coimisiún na Meán go foirmiúil agus tugadh de chumhacht dó gníomhú mar an t-údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, agus ceapadh ceathrar Coimisinéirí ar dtús go foirmiúil.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Choimisiún na Meán, lena n-áirítear a fheidhmeanna, ar fáil ar a láithreán gréasáin oifigiúil.


An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne

Cheadaigh an Rialtas an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, ritheadh é trí Thithe an Oireachtais agus shínigh an tUachtarán ina dhlí é ar an 10 Nollaig 2022. Cuireadh tús leis an Acht ina dhiaidh sin ar an 15 Márta 2023.

Online Safety and Media Regulation Act 2022
Amharc amharc