English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Ciste Oidhreachta

Bunaíodh an Ciste Oidhreachta faoin Acht um Chiste Oidhreachta 2001. Is é is cuspóir leis an gciste acmhainní a chur ar fáil le húsáid ag príomhfhorais bhailiúcháin chultúrtha an Stáit agus iad ag gnóthú earraí inghluaiste oidhreachta do na bailiúcháin náisiúnta. I measc na n-earraí sin bheadh déantáin, lámhscríbhinní, leabhair agus saothar ealaíne atá neamhchoitianta agus a bhfuil tábhacht náisiúnta leo araon, ar sárshamplaí dá gcineál iad, ar earraí den scoth iad ina n-aicme agus nach bhféadfaí iad a ghnóthú ar bhealach eile.

D'fhoráil an tAcht do chiste iomlán de €12.697m thar thréimhse cúig bliana, briste síos ina leithdháiltí de €3,809,214 sa bhliain airgeadais 2001, €2,539,476 i ngach ceann de na blianta airgeadais 2002, 2003, 2004, agus ina shuim dheireanach de €1,269,738 sa bhliain airgeadais 2005. Tá maoiniú don Chiste Oidhreachta coinnithe i gCuntas Infheistíochta Poiblí an Chiste Oidhreachta, ar cuntas úsmhar é.

Is iad na cúig fhoras incháilithe a d'fhéadfadh leas a bhaint as an gCiste Oidhreachta:

  • An Chartlann Náisiúnta
  • Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
  • Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
  • Ard-Mhúsaem na hÉireann
  • Áras Nua-Ealaíne na hÉireann

Ceadaíonn an Ciste réada oidhreachta a ghnóthú, os cionn luacháil de €317,435. Tá na hearraí oidhreachta seo a leanas faighte go dtí seo trí úsáid a bhaint as na hacmhainní sa Chiste.


Éadálacha an Chiste Oidhreachta

Bliain Éadáil Foras Luach
2002 An Chéad Sciar de Pháipéir Joyce Leabharlann Náisiúnta na hÉireann €6,299,272 (ón gCiste Oidhreachta). Luach iomlán na héadála €12,080,153* *
2003 An Dara Sciar de Pháipéir Joyce Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
2004 An Sciar Deireanach de Pháipéir Joyce Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
2005 Trí Shaothar Ealaíne le James Coleman. Péintéireacht le Aelbert Cuyp - "Portrait of a Youth and His Tutor on Horseback" Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann €1,300,000, €1,933,835
2007 Bailiúchán Stanley Ard-Mhúsaem na hÉireann €3,500,000
  • *Fuarthas Páipéir Joyce trí úsáid a bhaint as acmhainní curtha le chéile a tiomnaíodh ón gCiste Oidhreachta agus bronntóir príobháideach a bhain leas as Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.