An Coiste Comhairleach ar Ionadaíocht agus Scéalta na mBan
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 6 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- Bunú an Choiste
- Feidhmeanna an Choiste
- Comhaltas an Choiste
- Snáitheanna agus Foghrúpaí an Chláir Oibre
- Cruinnithe an Choiste
- Preasráitis
Bunú an Choiste
I mí an Mhárta 2024, bhunaigh Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na linne, Catherine Martin, T.D., Coiste Comhairleach nua a bheadh dírithe ar ionadaíocht ban agus scéalta ban i gcomhthéacs na bhforas cultúir náisiúnta agus na mbailiúchán náisiúnta. Tá imscrúdú á dhéanamh ag an choiste faoi conas a ndéantar eispéiris agus guthanna éagsúla ban a léiriú laistigh de na forais chultúir náisiúnta agus na bailiúcháin náisiúnta. Mar chuid dá obair, déanfaidh an Coiste Comhairleach plé le déanamh amach an féidir taispeántas tiomanta de sceálta ban a chruthú trí raon roghanna, cosúil le músaem ban, athshamhlú ar na bailiúcháin náisiúnta, nó tionscnaimh eile.
Cheap an tAire Martin an Dr Sandra Collins, Leabharlannaí na hOllscoile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus iarStiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an Choiste Chomhairleach.
Feidhmeanna an Choiste
Is é ról an Choiste Chomhairligh ná comhairle a chur ar an Aire faoi mholtaí beartais cuí. Tá an Coiste go hiomlán neamhspleách ina obair agus a phléite. Níl sé i gceist ag an Choiste Chomhairleach béim a leagan ar scéalta aonair faoi mhná stairiúla nó comhaimseartha ar leith, ach moltaí beartais soiléire inchaingne a dhéanamh chun ionadaíocht ban a chur chun cinn.
Is iad seo a leanas Téarmaí Tagartha an Choiste Chomhairligh:
• Múnlaí dea-chleachtais a aithint i mbeartas cultúir thar lear, lenar féidir tacú leis na Forais Chultúir Náisiúnta chun cinntiú go léirítear scéalta ban go cuí agus oidhreacht chultúir á chur i láthair.
• Príomh-gheallsealbhóirí ag an leibhéal náisiúnta, uile-oileáin agus idirnáisiúnta a mhapáil.
• Teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí ó raon leathan grúpaí proifisiúnta agus ionadaíocha agus eagraíochtaí pobail mar pháirt de bhreisfhorbairt na dtéarmaí tagartha.
• Teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí chun dea-chleachtas a aithint in ionadaíocht scéalta ban trí eispéiris chultúir, lena n-áirítear bearta arna gcruthú ag mná a imeallaíodh go stairiúil, agus a cruthaíodh ar son na mban sin (m.sh. mná an Lucht Siúil, mná faoi mhíchumais, mná de bhunadh na hAifrice nó de bhunadh imirceach, agus mná LADTAI+).
• Tagairt do ghníomhaíocht reatha agus gníomhaíocht a rinneadh roimhe seo maidir leis an réimse seo laistigh d’Éirinn.
• Maoirseacht ar athbhreithniú ar na Bailiúcháin Náisiúnta a bhunú chun bearnaí a aithint in ionadaíocht ban agus scéalta ban, lena n-áirítear laistigh de na bailiúcháin. D’fhéadfadh a leithéid d’athbhreithniú éagsúlacht ar bhoinn eile a léiriú, in éineacht le hinscne, go háirithe ar bhonn cine (eitneacht agus bunadh náisiúnta san áireamh), ballraíochta den Lucht Siúil, aoise, reiligiúin, míchumais, gnéaschlaonta, agus stádais shocheacnamaíoch.
• Athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an athbhreithnithe seo, measúnú a dhéanamh ar bhearnaí ar bith agus moltaí a fhorbairt bunaithe ar easnaimh den tsórt sin. D’fhéadfadh go n-áireofar air seo deiseanna a aithint trí cheannacháin, taispeántais agus cláir oideachasúla.
• Iniúchadh a dhéanamh ar an deis chun taispeántas tiomanta do scéalta ban a chruthú laistigh de chomhthéacs na bhForas Cultúir Náisiúnta agus na mBailiúchán Náisiúnta, de réir riachtanas na dTreoirlínte Infreastruchtúir.
• Moltaí a ullmhú, nuair is gá, don Aire ar ghníomhaíochtaí chun tacú le cur i bhfeidhm na comhairle beartais.
Déanfaidh an Coiste tuarascáil ar a obair le linn 2025.
Má tá ceisteanna ar bith maidir le hobair an Choiste Chomhairligh um Scéalta Ban, déan teagmháil le womensstories@tcagsm.gov.ie
Comhaltas an Choiste
Tá na comhaltaí a ceapadh ar an Choiste Chomhairleach liostaithe thíos, le tuilleadh sonraí ar fáil Item was unpublished or removed.
• Dr Sandra Collins (Cathaoirleach)
• Dr Síobhra Aiken
• Dr Zélie Asava
• Annie Fletcher
• Áine Kerr
• Sara Lammens
• Dr Mary McAuliffe
• Chandrika Narayanan-Mohan
• Colm O'Callaghan
• Orla O'Connor
• Lynn Scarff
• Sinead Copeland
• Jane Ann Duffy
• Oein DeBhairduin
• Rosemary Collier
Snáitheanna agus Foghrúpaí an Chláir Oibre
Mar chuid dá gcuid oibre, d’aithin an Coiste Comhairleach na snáitheanna clár oibre thíos:
• Tuarascáil neamhspleách a choimisiúnú chun samhlacha dea-chleachtais reatha ionadaíochta laistigh de thírdhreach an bheartais chultúir go hidirnáisiúnta a aithint agus a athbhreithniú.
• Dul i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear grúpaí éagsúla gairmiúla, abhcóideachta, ionadaíocha agus pobail, agus páirtithe leasmhara eile.
• Tacú leis na forais náisiúnta culúir agus iad ag athbhreithniú na mbailiúchán náisiúnta chun a aithint cá bhfuil bearnaí i léiriú scéalta na mban, ina n-éagsúlacht go léir. Bhunaigh an Cathaoirleach foghrúpa chun scrúdú a dhéanamh ar roghanna chun tacú leis na forais náisiúnta cultúir san obair seo. Seo thíos liosta de bhaill an fhoghrúpa:
Lynn Scarff (Cathaoirleach)
Annie Fletcher
An Dr Mary McAuliffe
Orlaith McBride
An Dr Rosaleen McDonagh
Gina O’Kelly
Eithne Verling
• Scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann cur i láthair tiomnaithe ar scéalta na mban a fhorbairt, lena n-áirítear músaem na mban, de réir na dTreoirlínte Infrastruchtúir arna bhfoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadadh agus Athchóiriú an PFN. Bhunaigh an Cathaoirleach foghrúpa le bheith i gceannas ar an ngné seo den chlár oibre. Seo thíos liosta de bhaill an fhoghrúpa:
Áine Kerr (Cathaoirleach)
An Dr Mary McAuliffe (Leas-Chathaoirleach)
Aileesh Carew
Rosemary Collier
Lar Joye
Colm O’Callaghan
Simon O’Connor
Cruinnithe an Choiste
Preasráitis
Béim nua ar mhná agus ar scéalta ban fógartha do bhailiúcháin chultúrtha náisiúnta [27 Meán Fómhair 2023]
Item was unpublished or removed ]
An Chéad Chruinniú den Choiste Comhairleach um Ionadaíocht agus Scéalta na mBan laistigh de bhailiúcháin na bhForais Náisiúnta Cultúir [8 Bealtaine 2024]
Comhairliúchán Poiblí thar ceann an Choiste Chomhairligh ar Ionadaíocht agus Scéalta na mBan (Dúnta) (DÚNTA) [12 Iúil 2024]