English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Creat Beartais um Thurasóireacht

D’fhoilsigh Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, An Creat Beartais um Thurasóireacht do Thurasóireacht na hÉireann don tréimhse go dtí 2030 ar an 6ú Samhain.

Leagtar amach spriocanna stráitéiseacha sa chreat beartais seo a chinnteoidh go mbeidh earnáil turasóireachta láidir, rathúil againn i 2030. Tógann sé ar an bpolasaí a tháinig roimhe, ag cur san áireamh bearta maidir le hathrú aeráide agus inbhuanaitheacht, chomh maith le moltaí fiúntacha chun tacú leis an earnáil agus iad ag iarraidh teacht isteach a mhéadú.

Tá cothromaíocht idir forbairt eacnamaíoch agus ceisteanna timpeallachta agus pobail curtha san áireamh sa Chreat Beartais seo. Tá 61 beart san iomlán ann, agus is féidir é a fheiceáil anseo.

Reáchtáil an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D., Comhairliúchán Poiblí ar líne i mí Aibreáin 2024, rud a thug deis do pháirtithe leasmhasa sa tionscal turasóireachta agus don pobal trí chéile, ionchur a bheith acu sa Chreat Beartais Turasóireachta. Fuarthas 161 freagra ar an gComhairliúchán, agus is féidir Achoimre ar na Freagraí ar an gComhairliúchán Poiblí a fháil anseo.

Doiciméid Ghaolmhara:

Scagadh do Dheimhniú Measúnú Cuí anseo.

Scagadh do Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta anseo.

Scrúdú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide anseo.