English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge



An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge

Is plean straitéiseach, uaillmhianach 6-bliana atá sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030.

Is é seo an chéad Phlean dá leithéid riamh i stair an Stáit agus is gné lárnach a bheidh ann sa bhogadh i dtreo seirbhís phoiblí iomlán dhátheangach faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021.

Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an Plean Náisiúnta seo, atá bunaithe ar chúig théama straitéiseach ar leith, mar threochlár do chomhlachtaí poiblí ó thaobh líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí Gaeilge a chuireann siad ar fáil a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach. Tabharfaidh sé conair freisin chun líon na foirne atá inniúil i nGaeilge a mhéadú chun soláthar na seirbhísí seo a éascú, i ndáil le sprioc earcaíochta an Achta i.e. go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030.

Tá i gceist go dtacófar leis an bPlean Náisiúnta seo le dhá Phlean Gníomhaíochta 3-bliana ghaolmhara – ceann a chlúdóidh an tréimhse 2025-2027, agus ceann eile a chlúdóidh an tréimhse 2028-2030. Tá i gceist go bhfoilseofar an chéad Phlean Gníomhaíochta sna míonna amach romhainn tar éis dó a bheith faofa ag an Rialtas. Táthar ag obair ar dhátaí a leagan síos i leith seirbhísí agus oifigí Gaeltachta chomh maith i láthair na huaire i ndáil le hAlt 18E. Beidh tuilleadh fúthu seo in am tráth.

Is ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht, a thit an ollfhreagracht an Plean seo a ullmhú, le hionadaíocht ag leibhéal sinsearach ag réimse leathan d’eagraíochtaí trasna na hearnála poiblí air.

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge
Amharc amharc

Na Mór-théamaí Straitéiseacha


Naisc Ábhartha Eile