English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Scéim Cúnaimh maidir le Gnó an Cheoil agus na Siamsaíochta 2022 (MEBAS 2022): Treoirlínte


Treoirlínte-Nuashonraithe an 26 Eanáir

Léigh na treoirlínte seo a leanas go cúramach sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm iarratais.

• Fáiltítear roimh iarratais ar íocaíocht faoin scéim seo anois.

• Beidh an scéim seo oscailte le hiarratais a dhéanamh uirthi ón 1pm Déardaoin an 27 Eanáir 2022 agus dúnfar ag 1pm ar an 17 Feabhra 2022 í.

• Níl cead ag gnólachtaí ach aon iarratas amháin a dhéanamh faoin scéim seo.

• Tairgtear an scéim mar chuidiú le costais ghnó a chlúdach sa bhliain 2022.

• Feidhmeoidh MEBAS 2022 trí íocaíochtaí deontais a chur ar fáil suas go dtí 15% de mheánláimhdeachas an ghnólachta in aghaidh na míosa gan CBL san áireamh (i.e. an láimhdeachas bliantúil roinnte ar a 12 chun láimhdeachas míosúil a fháil), i gceann de na blianta seo a leanas: 2018, 2019 nó 2020 (an bhliain tagartha).

• Íocfar deontais MEBAS 2022 ag ráta míosúil (Ráta Íocaíochta Deontais Míosúil MGPR) i.e. ag 15% de luach mheánláimdeachas míosúil an ghnólachta don bhliain tagartha.

• Íocfar MEBAS 2022 ar feadh sé mhí, ó mhí Eanáir 2022 go mí an Mheithimh 2022, cosúil leis na tacaíochtaí atá á dtairiscint faoi na tacaíochtaí LPSS níos leithne don Siamsaíocht Bheo. Dá bhrí sin, is ionann an deontas a bhronnfar agus an MGPR x 6.

• D’fhonn a bheith incháilithe, beidh ar ghnólachtaí a léiriú nach mó an láimhdeachas a bhí acu in 2021 ná 40% den láimhdeachas a bhí acu sa bhliain tagartha a roghnaigh siad.

• €1,500 an deontas íosta a bheidh ar fáil faoi MEBAS 2022 agus is é €12,500 an t-uasmhéid a bheidh ar fáil.

Tá ciste €4m ar fáil don scéim seo. De bharr go bhfuiltear ag súil le líon ard iarratas, d'fhéadfadh sé nach mbeimis ábalta maoiniú a dháileadh ar gach iarratasóir incháilithe. Déanfar iarratais a mheas de réir an dáta agus an ama a fuair an roinn iad, agus cloífear go docht leis sin.


Réamhrá

Tá an phaindéim COVID-19 fós ag imirt tionchar orthu sin a oibríonn in earnáil na siamsaíochta beo. Mar chuid d’fhoireann beart chun tacú le lucht na hearnála, seoladh an Scéim Cúnaimh maidir le Gnó an Cheoil agus na Siamsaíochta mar thacaíocht dhírithe do ghnólachtaí a fheidhmíonn in earnáil na siamsaíochta beo amháin nach raibh incháilithe do thacaíochtaí gnó eile amhail CRSS agus a ndeachaigh na srianta a thug an rialtas isteach faoi rialacháin sláinte poiblí chun cur i gcoinne éifeachtaí phaindéim COVID-19 go mór i bhfeidhm orthu.

Mar chuid de na tacaíochtaí d’earnáil na Siamsaíochta Beo in 2022, ar fiú €50m iad, leithdháileadh €4m ar MEBAS 2022. Feidhmeoidh an scéim ar bhealach atá cosúil le CRSS trí dheontais suas go dtí 15% de mheánláimhdeachas an ghnólachta in aghaidh na míosa gan CBL san áireamh in 2018, in 2019 nó in 2020 (an bhliain tagartha) a chur ar fáil.

Íocfar deontais MEBAS 2022 ag ráta míosúil (Ráta Íocaíochta Deontais Míosúil MGPR) i.e. ag 15% de luach mheánláimdeachas míosúil an ghnólachta don bhliain tagartha.

Íocfar MEBAS 2022 ar feadh sé mhí, ó mhí Eanáir 2022 go mí an Mheithimh 2022, cosúil leis na tacaíochtaí atá á dtairiscint faoi na tacaíochtaí LPSS níos leithne don Siamsaíocht Bheo. Da bhrí sin, is ionann an deontas a bhronnfar agus an MGPR x 6.

Faoin scéim seo, íocfar an deontas seo ar feadh sé mhí idir mí Eanáir 2022 agus mí Meithimh 2022 chun cuidiú le gnólachtaí a bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar an láimhdeachas atá acu de dheasca phaindéim COVID-19 agus chun a bheith mar bhonn taca faoi théarnamh na ngnólachtaí sin de réir mar a bheidh na srianta á maolú sna míonna amach romhainn. Beidh ar ghnólachtaí a léiriú chomh maith nach mó an láimhdeachas a bhí acu in 2021 ná 40% (gan deontais MEBAS 2021 san áireamh) den láimhdeachas a bhí acu sa bhliain tagartha a roghnaigh siad.

Íocfar deontas íosta €1,500 agus is é €12,500 an tsuim is mó a dhámhfar.

Chun go mbeifear incháilithe don scéim seo, ní mór don ghnólacht a bheith neamh-incháilithe do thacaíocht faoin Scéim Tacaíochta i leith Srianta Covid (CRSS) a riarann Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, agus caithfidh nach bhfuil siad ag fáil tacaíochta faoin Scéim sin.


Aidhmeanna na scéime

Faoin scéim seo, déanfar íocaíocht ar bhonn deontas aon uaire, a íocfar ar feadh sé mhí idir mí Eanáir 2022 agus mí Meithimh 2022 cosúil leis na tacaíochtaí atá á dtairiscint faoi na tacaíochtaí LPSS níos leithne don Siamsaíocht Bheo agus faoi chur chuige bunaithe ar an CRSS (Scéim Tacaíochta i leith Srianta Covid).

Ní mór go mbeadh sé i gceist ag gnólachtaí dul i mbun trádála go hiomlán arís nuair a bheidh srianta an rialtais maolaithe.


Conas cáiliú don scéim

NÍ BHEIDH na gnólachtaí seo a leanas incháilithe:

• gnólachtaí atá incháilithe don Scéim Tacaíochta i leith Srianta Covid (CRSS), nó gnólachtaí atá ag fáil an CRSS i láthair na huaire

• gnólachtaí atá incháilithe do Scéim Leanúnachais Gnó Fáilte Ireland, atá ag fáil na scéime sin i láthair na huaire nó a fuair cheana féin í

• gnólachtaí a oibríonn ó áitreabh inrátáilte

• gnólachtaí a bhfuil láimhdeachas níos lú ná €15,000 acu gan CBL san áireamh

• gnólachtaí nach bhfuil sé i gceist acu dul i mbun trádála arís nuair a mhaolófar srianta COVID-19

• carthanais chláraithe, Eagraíochtaí Seachbhrabúsach (NFP)

Cé atá incháilithe le hiarratas a dhéanamh:

Is féidir le gnólachtaí a fheidhmíonn go hiomlán laistigh d’earnáil na siamsaíochta beo iarratas a dhéanamh, bíodh siad ina dtrádálaithe aonair, ina gcomhpháirtíochtaí nó ina n-eintitis chorpraithe. Tá taibheoirí, lena n-áirítear ceoltóirí, amhránaithe de gach seánra, DJanna, etc. incháilithe le hiarratas a dhéanamh, mar atá innealtóirí fuaime, innealtóirí soilse, bainisteoirí stáitse, teicneoirí stáitse, soláthróirí trealaimh fuaime agus soilsithe, soláthróirí trealaimh beoshruthaithe.

Is iad seo a leanas gnéithe na scéime:

• Ní mór go mbeadh sé i gceist ag an ngnólacht dul i mbun trádála arís go hiomlán nuair a mhaolófar srianta an rialtais;

• Ní mór don ghnólacht a bheith lonnaithe sa Stát agus ní mór go mbeadh seoladh an ghnólachta, chun críocha cánach, lonnaithe go hiomlán laistigh de réigiún tíreolaíochta ina bhfuil srianta COVID-19 i bhfeidhm;

• Níor cheart láimhdeachas an ghnólachta ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 a bheith níos mó ná 40% (gan tacaíochtaí COVID-19 san áireamh, m.sh. PUP,MEBAS, SBACS, CRSS, LPSS, ESCSS, EWSS srl. ) de láimhdeachas an ghnólachta sa bhliain dár cuireadh na cuntais ar aghaidh - an bhliain tagartha (2018, 2019 nó 2020). Ceanglófar ar gach iarratasóir Cuntais Iniúchta 2020 nó 2021 / Cuntais arna n-ullmhú ag cuntasóir / Tuairisceán Cánach Trádálaí Aonair / Foirm 11 a sholáthar le bratach Admhála na gCoimisinéirí Ioncaim chun é seo a léiriú.

• Ní mór do bhrabúis gníomhaíochta nó ngníomhaíochtaí trádála an ghnólachta a bheith inmhuirearaithe i leith cánach faoi Cás I nó Cás II de Sceideal D;

• Oibrítear an scéim ar bhonn féinmheasúnaithe. Éilítear ar ghnólachtaí fianaise agus cáipéisíocht a choinneáil sa chás go dtacaíonn siad leis an mbunús faoi éileamh a dhéanamh faoin scéim seo mar go bhféadfadh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán iad sin a iarraidh faoi sheiceálacha incháilitheachta amach anseo.

• Is íocaíochtaí inchánacha iad na híocaíochtaí faoin scéim seo agus d’fhéadfadh dliteanas cánach a theacht chun cinn nuair a dhéanfaidh an gnólacht a thuairisceáin cánach bhliantúla;

• Ní mór do ghnólachtaí a bheith cáin-chomhlíontach;

• D’fhéadfaí ainmneacha, an contae ina bhfuil an tairbhí lonnaithe agus sonraí gnólachta na ndeontaithe ar éirigh leo a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Roinne.


Tabhair ar aird:

Níl cead ag gnólachtaí ach aon iarratas amháin a dhéanamh faoin scéim seo.

• Más rud é go bhfuair tú deontas cheana féin faoi MEBAS, MEBASII nó MEBAS Céim 2, tá fáilte romhat iarratas a dhéanamh faoin scéim seo freisin. Tá fáilte roimh iarratasóirí incháilithe nach ndearna iarratas ar scéim MEBAS roimhe seo chomh maith. Níltear ag glacadh le hiarratais ar na scéimeanna MEBAS a bhí ann roimhe seo a thuilleadh.

• Beidh an scéim seo oscailte le hiarratas a dhéanamh uirthi ón 1pm Déardaoin an 27 Eanáir 2022 agus dúnfar í ag 1pm ar an 17 Feabhra 2022.


An maoiniú atá ar fáil

Tá ciste €4m curtha ar fáil don scéim seo. De bharr go bhfuiltear ag súil le líon ard iarratas, d'fhéadfadh sé nach mbeimis ábalta maoiniú a dháileadh ar gach iarratasóir incháilithe. Déanfaidh an roinn iarratais a mheas de réir an dáta agus an ama a fuair sí iad, agus cloífear go docht leis sin.

É sin ráite, i gcás ró-éileamh a bheith ar an scéim, d’fhéadfadh an tAire, faoi réir fáil a bheith ar mhaoiniú ag an am, maoiniú breise a dháileadh ar an scéim agus d’fhéadfaí maoiniú a thairiscint chuig iarratasóirí incháilithe eile nár tugadh maoiniú dóibh i dtosach dá gcuirfí síneadh leis an scéim, gan gá dóibh iarratas a dhéanamh arís.

D’fhonn a bheith incháilithe don scéim seo ní mór go raibh an gnólacht neamh-incháilithe do thacaíocht faoin Scéim Tacaíochta i leith Srianta Covid (CRSS) a raibh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ina bun.


Nóta faoi Thréimhsí Cuntasaíochta

Faoin scéim seo, íocfar an deontas seo ar feadh sé mhí idir mí Eanáir 2022 agus mí Mheithimh 2022 chun cuidiú le gnólachtaí a bhfuil laghduithe suntasacha tagtha ar an láimhdeachas atá acu de dheasca phaindéim COVID-19 agus chun a bheith mar bhonn taca faoi théarnamh na ngnólachtaí sin de réir mar a bheidh na srianta á maolú sna míonna atá ag amach romhainn.

Déanfar iarratasóirí a mheas ar an bhfigiúr láimhdeachais gan CBL san áireamh don bhliain 2018, 2019 nó 2020 (an bhliain tagartha) le hincháilitheacht a dheimhniú. Ní mór go raibh láimhdeachas incháilithe íosta €15,000 ag an iarratasóir i gceann de na blianta sin d’fhonn a bheith incháilithe le haghaidh MEBAS 2022.

Beidh ar ghnólachtaí a léiriú freisin nach mó an láimhdeachas a bhí acu in 2021 ná 40% den láimhdeachas a bhí acu sa bhliain tagartha a roghnaigh siad (gan tacaíochtaí COVID-19 san áireamh, m.sh. PUP, MEBAS, SBACS, CRSS, LPSS, ESCSS, EWSS srl.).

Feidhmeoidh MEBAS 2022 ar bhealach atá cosúil le CRSS trí íocaíochtaí deontais suas go dtí 15% de mheánláimhdeachas an ghnólachta in aghaidh na míosa gan CBL san áireamh (i.e. an láimhdeachas bliantúil roinnte ar a 12 chun láimhdeachas míosúil a fháil), i gceann de na blianta seo a leanas: 2018, 2019 nó 2020 (an bhliain tagartha).

Íocfar deontais MEBAS 2022 ag ráta míosúil (Ráta Íocaíochta Deontais Míosúil MGPR) i.e. ag 15% de luach mheánláimdeachas míosúil an ghnólachta don bhliain tagartha.

Ríomh an Deontais

(Láimhdeachas na Bliana Tagartha/12) x 15% = ráta íocaíochta deontais míosúil (MGPR)

íocaíocht deontais MEBAS 2022 = MGPR x 6 (ar feadh sé mhí den bhliain, Eanáir - Meitheamh 2022)

Sampla Léiritheach:

Láimhdeachas 2019 = €50,000

Meánláimhdeachas míosúil = €50,000/12= €4,167

MGPR = €4,167 x 15% = €625

MEBAS 2022 = MGPR x 6 = €3,750


Aitheantas maidir le maoiniú

Beidh sé de dhualgas ar ghnólachtaí aitheantas a thabhairt do chúnamh na roinne ina Ráitis Airgeadais Bhliantúla don bhliain ina n-íocfar an deontas.


Ginearálta

Is é atá d'aidhm leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil sa cháipéis seo tuiscint a thabhairt do na hiarratasóirí ar an bpróiseas maidir le hiarratais ar chúnamh a mheas agus a cheadú agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil atá ann.


Státchabhair

Cuirtear an chabhair atá á lorg ar fáil faoi Rialachán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Cabhair De Minimis. Meastar méideanna beaga Státchabhrach, suas go dtí €200,000 chuig aon fhiontar ar leith in aon tréimhse trí bliana ar leith, a bheith róbheag chun tionchar suntasach a imirt ar thrádáil nó ar iomaíocht sa chómhargadh. Meastar go dtiteann méideanna dá leithéid lasmuigh de chatagóir na Státchabhrach atá faoi thoirmeasc faoi Chonradh CE agus is féidir iad a bhronnadh gan fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus gan cead a fháil uaidh. Éilítear ar Bhallstát meicníocht a bheith acu chun cabhair dá leithéid (ar a dtugtar ‘cabhair De Minimis’) a rianú agus lena chinntiú nach dtéann méid iomlán cabhrach De Minimis ó na foinsí éagsúla uile chuig fiontar amháin in aon tréimhse trí bliana ar leith thar an teorainn 200,000 Euro.

Iarrfar ar iarratasóirí sonraí cabhrach De Minimis uile eile a bronnadh ar a ngnólacht le trí bliana anuas a chur ar fáil. D’fhéadfadh aisghabháil na cabhrach le hús uirthi a eascairt ag pointe níos déanaí as dearbhú bréagach a dhéanann cuideachta a bhfuil sárú na teorann 200,000 Euro mar thoradh air.

Is cabhair De Minimis é maoiniú MEBAS ar fad agus iarrfar ar iarratasóirí aitheantas a thabhairt gur faoi Chabhair De Minimis atá MEBAS 2022 á thairiscint trí dhearbhú a dhéanamh gur mhian leo iarratas a dhéanamh ar MEBAS faoi Rialachán De Minimis (CE) 1407/2013 ón 18 Nollaig 2013.


An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, d'fhéadfadh go scaoilfí sonraí a luaitear in iarratas agus i gcáipéisí tacaíochta leis an tríú páirtí a d'iarrfadh sin. Sa chás go mbeadh faisnéis íogair san iarratas a dhéanann tú nó ábhar de chineál príobháideach, ba chóir duit sin a lua go sonrach agus míniú a thabhairt ar an gcúis nár cheart é a nochtadh. Sa chás go dtagann iarratas faoin reachtaíocht maidir le faisnéis íogair a scaoileadh, déanfar comhairle leat sula ndéantar cinneadh maidir le géilleadh don iarratas sin nó diúltú dó. Ach, sa chás nach bhfuil aon eolas ar leith sainaitheanta mar eolas atá íogair, ní gá dul i gcomhairle leat sula ndéanfar é a nochtadh.


Foilsiú

D’fhéadfaí sonraí dámhachtana ar leith a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na roinne, lena n-áirítear ainm an deontaí, an tír ina bhfuil an tairbhí lonnaithe agus méid an deontais.


Cosaint sonraí

Is féidir eolas maidir leis an roinn agus cosaint sonraí a léamh ach an nasc seo a leanas a úsáid: https://www.gov.ie/en/organisation-information/df3fe-data-protection-policy/


Séanadh

Ní bheidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach don iarratasóir ná d’aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste ná costais de chineál ar bith ag eascairt go díreach nó go hindíreach ón iarratas nó an t-ábhar atá ann nó as diúltú na roinne don iarratas ar chúis ar bith.

Ní bheidh an Roinn, ná a cuid seirbhíseach ná a cuid gníomhairí freagrach ag tráth ar bith in aon imthosca as aon ní a bhaineann le forbairt, pleanáil, tógáil, feidhmiú, bainistiú agus/nó riaradh tionscadail aonair ná aon ní a bhaineann leis an bpáirtíocaíocht a dhéanann an roinn ar shonraisc a chuireann deontaithe isteach.


D’fhéadfaí breis eolais a iarraidh

Coimeádtar de cheart ag an roinn breis eolais a iarraidh ort d’fhonn sonraí i d’iarratas a dheimhniú. Ina thaobh seo, d’fhéadfadh an roinn spotseiceálacha a dhéanamh.


Le hiarratas a dhéanamh

Fáiltítear roimh iarratais ar MEBAS 2022 anois.

CHUN IARRATAS A DHÉANAMH CLICEÁIL ANSEO

Ba cheart don iarratasóir a chinntiú go bhfuil a fhoirm iarratais comhlánaithe san iomlán agus curtha ar aghaidh aige. Eiseofar deimhniú ríomhphoist ina sonrófar d’iarratas agus d’uimhir thagartha.

Féadfaidh iarratasóirí dréachtleagan dá n-iarratas a shábháil sula gcuirfidís ar aghaidh an leagan deiridh dá bhfoirm iarratais - tabhair ar aird nach ndéanfar dréachtaí a mheas. Tá dualgas ar an iarratasóir a chinntiú go bhfuil an t-iarratas curtha isteach acu.

Éileofar ar gach iarratasóir Cuntais Iniúchta / Cuntais arna ullmhú ag cuntasóir / Tuairisceán cánach Trádálaí Aonair / Foirm 11 le meirge Aitheantais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim don bhliain 2021, lena léiriú nach mó an láimhdeachas a bhí acu in 2021 ná 40% den láimhdeachas a bhí acu sa bhliain tagartha a roghnaigh siad (2018, 2019 nó 2020). Níl tacaíochtaí COVID-19, m.sh. MEBAS, SBACS, CRSS, LPSS, ESCSS, EWSS srl san áireamh san 40% seo.

Beidh orthu siúd nár deonaíodh maoiniú MEBAS dóibh roimhe seo, freisin, Cuntais Iniúchta / Cuntais ullmhaithe ag cuntasóir / Trádálaí Aonair Tuairisceán Cánach / Foirm 11 a sholáthar le bratach Admhála na gCoimisinéirí Ioncaim dá mbliain tagartha (2018, 2019 nó 2020). Ní bheidh ar fhaighteoirí MEBAS roimhe seo ach an doiciméad a sholáthar do 2020 nó 2021.

Is ábhar tromchúiseach faisnéis atá bréagach nó míthreorach a sheoladh chuig an roinn tráth ar bith. I gcás gnólacht ar bith nach gcloíonn leis na téarmaí agus na coinníollacha atá ag gabháil leis an scéim seo, d'fhéadfadh go dtarraingeofaí siar an deontas, go gceanglófaí ar an ngnólacht sciar den deontas nó iomlán an deontais a aisíoc agus/nó go gcuirfí cosc ar an ngnólacht iarratas ar bith a dhéanamh go ceann tréimhse áirithe ama.


Achomhairc

Feadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh má mheasann sé nár cloíodh leis an bpróiseas chun a iarratas a bhreithniú. Ní mór ríomhphost ina bhfuil cinneadh ó fhoireann MEBAS a bheith ag iarratasóir d’fhonn achomharc a dhéanamh. Ní mór gach achomharc a dhéanamh taobh istigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist ina bhfuil an cinneadh sin. Tá tuilleadh eolais maidir le próiseas achomhairc MEBAS 2022 ar fáil ar MEBAS 2022 — Appeals Process

Chun fiosrú a dhéanamh maidir le MEBAS 2022, seol ríomhphost chuig MEBAS@tcagsm.gov.ie