An Straitéis Náisiúnta Snámha 2024–2027
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 22 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 22 Lúnasa 2024
Cúlra
Gealltar sa Bheartas Náisiúnta Spóirt 2018-2027 agus sa Phlean Gnímh Spóirt 2021-2023 go bhforbrófar Straitéis Náisiúnta Snámha.
Tá forbairt na Straitéise ag teacht freisin le gealltanais i gclár an Rialtais maidir leis an spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn, le béim ar leith ar shláinte agus folláine ghinearálta fheabhsaithe a chur chun cinn do gach glúin agus do rannpháirtíocht ar feadh an tsaoil.
Bunaíodh Grúpa Oibre, faoi chathaoirleacht an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán in 2022 agus cuireadh de chúram orthu an Straitéis a fhorbairt, atá bunaithe ar fhís chun ‘deis a chur ar fáil do gach duine in Éirinn dul ag snámh’. Tá ionadaithe sa Ghrúpa ó Choistí Rialaithe Náisiúnta ábhartha don spórt agus do pháirtithe leasmhara, go háirithe Snámh Éireann, Spórt Éireann, Míchumas Gníomhach Éireann, Éire Ghníomhach agus na hÚdaráis Áitiúla.
Is féidir raon leathan dearcthaí a mheas agus an Straitéis seo á múnlú mar gheall ar an rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara agus poiblí. Fuarthas breis agus 5,800 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí, rud a léiríonn an tóir atá ar an spórt agus an ról ríthábhachtach is féidir leis a imirt maidir lenár sláinte fhisiciúil agus ár bhfolláine mheabhrach.