English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Application from TG4 under Section 103 of the Broadcasting Act 2009

Ar an 17 Bealtaine 2022, chuir TG4 moladh isteach go mbunófaí Cúla4 mar Chainéal Gaeilge do Pháistí agus go dtabharfaí TG4+1 isteach le linn uaireanta craolta oíche ar an gcainéal nua atá beartaithe. Chun na hathruithe seo a dhéanamh, bhí faomhadh an Aire ag teastáil ó TG4, faoi réir phróiseas Alt 103 de réir an Achta Craolacháin 2009. Go háirithe, ceanglaítear ar an Aire:

• dul i gcomhairle le TG4 agus le cibé daoine eile is cuí léi;

• dul i gcomhairle le hÚdarás Craolacháin na hÉireann maidir le tionchar earnála an togra; agus

• luach poiblí an togra a bhreithniú.

Cuireadh an próiseas i gcrích agus d’fhógair an tAire a cinneadh chun tacú leis an togra ar an 28 Meán Fómhair 2022. De réir Alt 103(4)(d) den Acht Craolacháin 2009, cuirtear naisc ar fáil thíos chuig tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin agus cinneadh an Aire:

• Tuairisc na Roinne

Tuairisc na Roinne
Download link for Íoslódáil

• Aighneacht Leasaithe TG4

Aighneacht Leasaithe TG4
Amharc amharc

• Litir Údarás Craolacháin na hÉireann chuig an Aire

Litir Údarás Craolacháin na hÉireann chuig an Aire
Amharc amharc

• Anailís ar an Tionchar Earnála Údarás Craolacháin na hÉireann

BIA Sectoral Impact Analysis
Amharc amharc

• Anailís Luach Poiblí Údarás Craolacháin na hÉireann

BAI Public Value Analysis
Amharc amharc