Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 3 Iúil 2015
- An t-eolas is déanaí: 4 Feabhra 2021
Rinne An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Fuarthas timpeall 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht ó pháirtithe leasmhara le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí ar an athbhreithniú.
Tá foilsithe anois ar shuíomh gréasáin na Roinne na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad. Ba chóir a nótáil go bhfuil na haighneachtaí foilsithe sa teanga ina bhfuarthas iad agus is féidir iad a fháil anseo.
Cuireadh Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i dtoll a chéile i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar an Acht Teanga. Foilsíodh na Ceannteidil in Aibreán 2014 agus cuireadh faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht iad, i gcomhréir le polasaí an Rialtais. Foilsíodh tuarascáil an Chomhchoiste maidir le Ceannteidil an Bhille ar an 24 Feabhra 2015.
Tar éis bunú an Rialtais nua in 2016, d’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, go ndéanfaí athbhreithniú ar an mBille. I ndiaidh athbhreithniú cuimsitheach agus tréimhse comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara, cuireadh Cinn Bhille leasaithe faoi bhráid an Rialtais ar an 29 Bealtaine 2017. Fuarthas cead ón Rialtas dul ar aghaidh le dréachtú an bhille.