Bailte Seirbhíse Gaeltachta
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 11 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2023
Tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an ábhar seo i samhradh 2014, seo a leanas an liosta bailte a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe faoi Acht na Gaeltachta.
Contae | Baile |
Dún na nGall | Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall |
Maigh Eo | Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh |
Gaillimh | Cathair na Gaillimhe agus An Clochán |
Ciarraí | Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín |
Corcaigh | Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha |
Port Láirge | Dún Garbhán |
An Mhí | Baile Átha Buí agus An Uaimh |
Tá 8 phlean ceadaithe agus tá Orduithe sínithe i leith 7 cinn acu.
Féach cóip de na fógraí anseo:
Daingean Uí Chúis |
Leitir Ceanainn |
Cathair na Gaillimhe |
An Chlochán Liath |
Trá Lí |
Dún Garbhán |
Caisleán an Bharraigh |
Cathair Saidhbhín |
Ceisteanna Coitianta faoi Bhailte Seirbhíse Gaeltachta
Is mór an tionchar cultúrtha agus geilleagrach a imríonn an Ghaeltacht ar na bailte a dhéanann freastal uirthi. Bíonn tionchar suntasach chomh maith céanna ag na bailte sin ar an nGaeltacht féin. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin. Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta chun críche an Achta.
Chomh fada is a bhaineann sé leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, is é cuspóir Acht na Gaeltachta féachaint conas is féidir an tionchar dearfach atá na bailte seo in ann a imirt ar an nGaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht a chothú agus a threisiú.
Leagtar síos faoin Acht an próiseas faoina bhféadfaí aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Ní foláir don bhaile:
- a bheith suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó taobh leis;
- daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith ann, de réir an daonáirimh is deireanaí;
- ról suntasach a bheith á imirt maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do phobal na Gaeltachta; agus
- tionchar suntasach agus dearfach a bheith á imirt dá réir ar stádas na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh sa cheantar Gaeltachta lena mbaineann sé.
Ina theannta sin, caithfidh eagraíocht atá gníomhach sa bhaile a bheith roghnaithe chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga atá forordaithe faoin Acht.