English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Córas Faisnéise Geografaí (GIS) - Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge

Chun tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht, tá Córas Faisnéise Geografaí forbartha ag an Roinn Cultúir, Oidreachta agus Gaeltachta do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Faoin gcóras seo tá eolas curtha ar fáil maidir le húsáid na Gaeilge ó dhaonáireamh 2011 agus 2016 ar bhonn Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge. Ina theannta sin, tá eolas curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí, Comionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige faoi seach, maidir le suíomhanna agus rollú i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna i leith na scoilbhliana 2016/2017 chomh maith le sonraí faoin earnáil luathoideachais.

Conas an t-amharcóir a úsáid agus ceisteanna coitianta faoi

Nasc chuig an amharcóir

Nasc chuig Daonáireamh 2016 Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS)

Agus na sonraí seo á gcur i láthair, is mian leis an Roinn aitheantas a thabhairt do na foinsí sonraí seo a leanas:

  • Phríomh-Oifig Staidrimh
  • Roinn Oideachais
  • POBAL/An Roinn Leanaí, Comionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
  • Údarás na Gaeltachta

Tuilleadh eolais

Cathal Ó Fainín

Seoladh: An Rannóg Pleanála Teanga

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Na Forbacha

Co. na Gaillimhe

H91 PXV1

Ríomhphost: cathal.ofainin@tcagsm.gov.ie

Uimhir theileafóin: 091 503700

Marie Uí Chualáin

Seoladh: An Rannóg Pleanála Teanga

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Na Forbacha

Co. na Gaillimhe

H91 PXV1

Ríomhphost: marie.uichualain@tcagsm.gov.ie

Uimhir theileafóin: 091 503700