English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cathair Chultúir na hEorpa

In 2020, rinne Gaillimh, ar son na hÉireann, óstáil ar Chathair Chultúir na hEorpa, atá ar cheann de na tionscnaimh chultúrtha is mó ar domhan. Is onóir mhór d’Éirinn é ainmniú na Gaillimhe mar Chathair Chultúir na hEorpa 2020 agus is deis iontach í chun ár gcultúr a neartú agus a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Tá tacaíocht an Rialtais, ar fiú €15 milliún é, ar an síntiús is mó do sheachadadh foriomlán Gaillimh 2020 mar Chathair Chultúir na hEorpa.

Don chlár chultúrtha do Gaillimh 2020, beartaíodh ceiliúradh bliana de mhórthaibhsiú sráide, taispeántais, léamha, ceolchoirmeacha clasaiceacha, damhsa, tionscadail scoile, imeachtaí do pháistí, an Ghaeilge, léiriúcháin cheoil, teagmhálacha digiteacha, ealaín bheo, amharclannaíocht, sorcas, téadchleasaíocht, ealaín phoiblí, oidhreacht, bia, spóirt, caorigh, béaloideas, ár n-oileáin, ár muintir, samhlaíocht agus cruthaitheacht.

Mar gheall ar COVID-19, tugadh cead do chlár leasaithe do Gaillimh 2020 a thabhairt i gcrích chun cinnte a dhéanamh gurbh fhéidir leanúint ar aghaidh le tionscadail ón bhuntairiscint ó Ghaillimh a d’éirigh léi. Tugadh na cúinsí athraithe san áireamh agus an clár á thabhairt i gcrích, agus bhí an clár faoi réir treorach sláinte poiblí. Bhí idir léiriúcháin fhisiciúla, i gcomhréir leis na srianta a bhí i bhfeidhm, agus seachadadh ar líne i gceist leis an chlár leasaithe.

Tháinig deireadh oifigiúil le hóstáil na Gaillimhe ar theideal Chathair Chultúir na hEorpa in Aibreán 2021. Tar éis aistriú an teidil go dtí na chéad tíortha óstacha eile, cuireadh tús le tréimhse chomhairliúcháin le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara. Foilsíodh an Tuarascáil Mheastóireachta ar Gaillimh 2020 Cathair Chultúir na hEorpa i Nollaig 2021 agus is féidir amharc uirthi anseo.

Is bunsprioc inghnóthaithe de chuid Ghníomh Chathair Chultúir na hEorpa foriomlán é forbairt ar chreat oidhreachta chun an inniúlacht, na líonraí agus na deiseanna a d’eascair ó chlár cultúir Gaillimh 2020 a choimeád, agus chun cur leo.

Ar an 1 Nollaig 2022, cheadaigh an tAire Cultúir leithdháileadh den €1 milliún a bhí fágtha ó ghealltanas foriomlán an rialtais de €15 milliún go Gaillimh Cathair Chultúir na hEorpa chun tacú le seachadadh an chláir faoin chreat oidhreachta beartaithe. Síníodh Comhaontú Seachadta Feidhmíochta idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe in 2023 chun an comhaontú seachadta a leagan síos maidir le tarraing anuas, bainistíocht agus monatóireacht an mhaoiniú €1 milliún don chlár faoin chreat oidhreachta.

Tugtar sonraí ar shuíomh gréasáin Chomhlacht Cultúir na Gaillimhe faoin chlár oidhreachta, tionscadail reatha agus críochnaithe san áireamh, agus cuirtear eolas nua air go rialta chun aird a dhíriú ar dheiseanna atá ag teacht aníos a bheidh ar fáil do na hearnálacha cruthaitheacha agus cultúrtha.

Ráiteas an Aire: Item was unpublished or removed


Roghnú Phríomhcathair Chultúir na hEorpa 2020 in Éirinn

Selection of the European Capital of Culture in 2020 in Ireland: The Selection Panel's report Pre-Selection Stage
Amharc amharc
First Monitoring Meeting Report by the panel of independent experts - March 2017
Amharc amharc
Call for Submission of applications for the European Capital of Culture 2020
Download link for Íoslódáil
Decision No 445 2014 EU of the European Parliament and the Council
Download link for Íoslódáil
Rules of Procedure Competition for the 2020 ECoC in Ireland
Amharc amharc

Leathanach Eolais ar Láithreán Ghréasán Choimisiún na hEorpa

Sa Bhliain 2010 rinne Coimisiún na hEorpa ceiliúradh ar 25 bliain de "Príomhchathracha Chultúir na hEorpa, chomh maith is a d'éirigh leo".

Is féidir leat rochtain a fháil air anseo.


Miontuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta

Miontuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta- 29 Samhain 2023
Amharc amharc
Miontuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta – 31ú Eanáir 2024
Amharc amharc
Miontuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta – 13ú Márta 2024
Download link for Íoslódáil
Miontuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta – 20ú Bealtaine 2024
Download link for Íoslódáil
Mointuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta - 17ú Deireadh Fómhair 2024
Download link for Íoslódáil
Miontuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta - 13ú Eanair 2025
Miontuairiscí Chruinnithe Ráithiúla Monatóireachta an Chláir Oidhreachta - 13ú Eanair 2025
Download link for Íoslódáil