English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár TechSpace

Bunaíodh an scéim seo i mí Dheireadh Fómhair 2015 chun tacú le heagraíochtaí óige agus scoileanna atá ag bunú Chlár Techspace trealamh i gcomhair meán digiteach a cheannach.

Faoin scéim seo, tá deontas uasta de €2,000 ar fáil d’iarratasóirí incháilithe chun trealamh i gcomhair meán digiteach a cheannach agus costais taistil agus chothabhála d’uasmhéid €300 chun freastal ar chúrsaí oiliúna Chlár Techspace a chlúdach.

Is tionscadal de chuid Camara Ireland Teoranta é Techspace a fheidhmíonn mar ghréasán náisiúnta de spásanna meán digiteach in ionaid óige agus scoileanna chun cabhrú le daoine óga a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta. Chuir an An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil do Chamara Ireland Teoranta ag tús 2015 chun ábhar oiliúna ar líne a aistriú go Gaeilge agus cúrsaí traenála a eagrú dóibh siúd a mbeadh suim acu Clár Techspace a bhunú.

Glacfar le hiarratais faoin scéim seo ó scoileanna agus eagraíochtaí óige a bhfuil rannpháirtithe curtha acu ar chúrsa oiliúna TechSpace as Gaeilge. Tá na foirmeacha iarratais le fáil ag an nasc seo:

Foirm Iarratais agus Coinníollacha - Clár TechSpace
Download link for Íoslódáil
Liosta de na deontais atá ceadaithe faoin scéim
Amharc amharc

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an tionscadal seo á mhaoiniú.