English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht Ar Líne (CCNSL)



Ballraíocht

Is fóram í an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht Ar Líne, a bunaíodh mar chuid den Item was unpublished or removed, do pháirtithe leasmhara neamhrialtasacha, tionscail agus acadúla chun ceisteanna sábháilteachta ar líne a phlé.

Tá 20 ball agus cathaoirleach aici, a thagann ó eagraíochtaí leanaí agus tuismitheoirí, ardáin mhóra ar líne, agus saineolaithe ar cheisteanna sábháilteachta ar líne.

Is iad téarmaí tagartha na Comhairle:

• comhairle a sholáthar don Rialtas ar cheisteanna beartais Sábháilteachta ar Líne

• ceisteanna atá ag teacht chun cinn a aithint gurbh fhiú idirghabháil rialtais a dhéanamh iontu, lena n-áirítear leaganacha de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais amach anseo

• ionchur i bhforbairt ábhar treorach um Shábháilteacht ar Líne atá soiléir agus éasca le tuiscint do gach úsáideoir idirlín, lena n-áirítear ábhar spriocdhírithe do leanaí agus do dhaoine óga, do dhaoine faoi mhíchumas foghlama, do thuismitheoirí agus do dhaoine níos sine

• gníomhú mar fhóram náisiúnta na bpáirtithe leasmhara chun críocha na gclár maoinithe ag an AE

• athbhreithniú a dhéanamh ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta agus príomhthorthaí a scaipeadh ar an Rialtas, ar pháirtithe leasmhara agus ar an bpobal i gcoitinne

• tuarascáil bhliantúil a sholáthar don Rialtas ag an am céanna le Lá Idirlín Níos Sábháilte


Téarmaí Tagartha

Is ó na heagraíochtaí seo a leanas comhaltaí na Comhairle:

• Aire Catherine Martin – Cathaoirleach

• Brian O'Neill, DIT – Leas-Chathaoirleach

• An Roinn Oideachais agus Scileanna

• An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Méan

• An Garda Síochána

• Oifig an Ombudsman do Leanaí

• Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

• Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí

• Age Action Ireland

• Webwise.ie

• Hotline.ie

• An Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Bunscoile)

• SpunOut.ie

• Facebook Ireland

• Google Ireland

• Teicneolaíocht Éireann (IBEC)

• Vodafone Ireland

• Cybersafe Ireland

• Aconite Internet Solutions

• Ionad Náisiúnta Taighde & Acmhainní Frithbhulaíochta Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

• Comhairle na hÉireann um Shaoirsí Sibhialta


Tuarascáil Shuirbhé Náisiúnta ar Leanaí, a dTuismitheoirí agus ar Dhaoine Fásta maidir le Sábháilteacht ar Líne

Cuireann an tuarascáil seo a rinneadh in 2021 torthaí trí shuirbhé taighde náisiúnta i láthair, ceann amháin ar leanaí, ceann ar a dtuismitheoirí agus ceann ar dhaoine fásta, maidir le rioscaí agus sábháilteacht ar líne. Coimisiúnaíodh an taighde tar éis moladh a rinne an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne gur chóir taighde a dhéanamh ar bhearnaí fianaise cothrom le dáta faoi staid na sábháilteachta ar líne in Éirinn.

Tá sé mar aidhm ag an tuarascáil fianaise atá cothrom le dáta, iontaofa agus láidir a chothú agus a sholáthar maidir le rioscaí agus dochar ar líne, do leanaí agus do dhaoine fásta araon.