English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhaltas an Coiste Comhairleach ar Ionadaíocht agus Scéalta na mBan

An Dr Sandra Collins (Cathaoirleach)

Is í an Dr Sandra Collins Leabharlannaí na hOllscoile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), agus tá sí ina comhalta de Bhord Ghobharnóirí agus Chaomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Ba Stiúrthóir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann í idir 2015 - 2022, bhí sí ina comhalta de Shainchoiste Comhairleach an Rialtais um Chomórthaí Céad Bliana, agus roimhe sin ba Stiúrthóir bunaidh Thaisclann Dhigiteach na hÉireann í in Acadamh Ríoga na hÉireann. Ba mhatamaiticeoir í ar dtús, tá sí aitheanta mar eiseamláir do mhná agus ar dhuine de na 100 Bean is Fearr in ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Matamaitic), agus tá duaiseanna faighte aici as Taighde, Nuálaíocht agus Tionchar, chomh maith le ceithre duais eGovernment na hÉireann.

An Dr Síobhra Aiken

Is léachtóir í Síobhra Aiken i Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Is iarScoláire Fulbright agus comhalta Acadamh Óg na hÉireann (Acadamh Ríoga na hÉireann) í agus tá ábhar fairsing foilsithe aici ar stair shóisialta agus chultúrtha na hÉireann san fhichiú haois. Bronnadh an Royal Historical Society Whitfield Prize agus an Michael J. Durkan Prize ón American Association of Irish Studies ar mhonagraf is déanaí Shíobhra, Spiritual Wounds: Trauma, Testimony and the Irish Civil War (Irish Academic Press, 2022).

An Dr Zélie Asava

Is speisialtóir í an Dr Zélie Asava i gcúrsaí cine, inscne, léinn scáileáin agus cultúir fhísiúil. Ba ise a scríobh The Black Irish Onscreen (2013) agus Mixed Race Cinemas (2017), agus bhí sí ina comheagarthóir ar Eagrán Speisialta den Journal of Scandinavian Cinema (2022). Tá Zélie ag obair d’Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann agus Amharclann na Mainistreach, tá sí ina comhalta de Bhoird Fís Éireann (mar chomhChathaoirleach an Choiste Inscne, Comhionannais agus Éagsúlachta), Institiúid Scannán na hÉireann, na hirise acadúla French Screen Studies, an irisleabhair ilmheáin Unapologetic, agus Catalyst International Film Festival. Tá sí ina comhalta de shainphainéal Phríomhchathair Chultúir na hEorpa de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Annie Fletcher

Is í Annie Fletcher Stiúrthóir IMMA (Áras Nua-Ealaíne na hÉireann) faoi láthair. Roimhe seo ba Phríomh-Léiritheoir an Van Abbemuseum, Eindhoven í agus ba theagascóir í ag de Appel, Amstardam, in Institiúid Ealaíne na hÍsiltíre (DAI) agus Acadamh Deartha Eindhoven. Ba chomhbhunaitheoir agus comhstiúrthóir í den ardán léiriúcháin leanúnach If I Can’t Dance, I Don’t Want To Be Part Of Your Revolution le Frederique Bergholtz agus Tanja Elstgeest (2005-2010).

In 2012, ba Léiritheoir í de biennale Ealaíne Comhaimseartha na hÉireann, EVA International, agus iarrtar uirthi go minic chun a bheith ina comhalta de ghiúiréithe idirnáisiúnta, ar a n-áirítear Preis der Nationalgalerie 2019, Beirlín; Pailliún 2016 na hÉireann sa Veinéis; Duais Köler 2015, an Eastóin; Duais Turner 2014, an Ríocht Aontaithe; Duais Ealaíne Leopold Bloom, an Ungáir; agus Duais Ealaíne BC21 2011, an Ostair.

Áine Kerr

Is fiontraí agus craoltóir clúiteach í Áine Kerr. Bhí sí ina comhbhunaitheoir de Kinzen, ar cheannaigh Spotify é, agus ba Eagarthóir Bainistíochta í ar Storyful, ar cheannaigh News Corporation é. Is céimí faoi dhó ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Áine, le Baitsiléir Oideachais (B’Ed) agus Máistreacht san Iriseoireacht (MAJ). Tá Máistreacht sa Chleachtas Gnó le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) aici agus is Comhalta í de Chlár Ceannaireachta Sulzberger in Ollscoil Columbia, Cathair Nua-Eabhrac. Roimhe seo ba Cheannasaí Domhanda í Áine ar Chomhpháirtithe Iriseoireachta ag Facebook i Nua-Eabhrac, agus tá obair déanta aici do phríomhnuachtáin mhórbhileoige na hÉireann. Tá Áine ina comhalta de Chomhairle Gaisce (ag maoirsiú dhuais Uachtarán na hÉireann do dhaoine óga), agus is Cathaoirleach í ar Rethink Ireland agus The Shona Project.

Sara Lammens

Rinne Sara Lammens (1978) staidéar ar an Cheoleolaíocht agus ar an Acadamh Fealsúnachta ag Katholieke Universiteit Leuven. Chuir sí tús lena gairm phroifisiúnta mar thaighdeoir ag Fondúireacht Alamire, an t-ionad idirnáisiúnta don léann ceoil sna Tíortha faoi Thoinn. In 2004, thosaigh Sara ag obair do Leabharlann Ríoga na Beilge (KBR), áit ina raibh sí i gceannas ar an Roinn Ceoil ar feadh roinnt míonna sular bhog sí go dtí an Roinn Cumarsáide. In 2013, rinneadh Stiúrthóir ar Sheirbhísí Tacaíochta di sa KBR agus bhí sí freagrach as bainistiú agus comhordú a dhéanamh ar Bhuiséad agus Airgeadais, Áiseanna, Acmhainní Daonna, TFC, Cosc agus Dea-Bhail. Thóg Sara Digitiú agus Seirbhísí Poiblí faoina cúram freisin. I mBealtaine 2017, ceapadh í mar Ard-Stiúrthóir ad interim KBR, le freagracht as bainistíocht ghinearálta na hinstitiúide agus as a hionadaíocht sa Bheilg agus thar lear. I Márta 2023, ceapadh Sara go hoifigiúil mar Ard-Stiúrthóir KBR. Ó Bhealtaine 2023 i leith, tá Sara i gceannas go sealadach ar Mhúsaeim Ríoga Mínealaíon na Beilge.

An Dr Mary McAuliffe

Is staraí agus leachtóir le Staidéar Inscne ag COBÁC í an Dr Mary McAuliffe. Le déanaí tá an méid a leanas foilsithe aici; (comhscríofa le Harriet Wheelock) The Diaries of Kathleen Lynn: A Life Revealed through Personal Writing (2023), agus Margaret Skinnider; a biography (2020). I measc a foilseachán eile tá; (curtha in eagar le Miriam Haughton agus Emilie Pine) Legacies of the Magdalen Laundries: Commemoration, gender, and the postcolonial carceral state (2021). Is comheagarthóir (le Jennifer Redmond) í Mary ar The Politics of Gender and Sexuality in modern Ireland; A Reader (atá le teacht i bhfómhar 2024). Tá sí ag críochnú a leabhair faoi láthair, Gendered and Sexual Violence in the Irish War of Independence and Civil War, 1919-1923 (atá le teacht in 2025). Roimhe seo ba Uachtarán Chumann na hÉireann um Stair na mBan í agus is comhalta í d’Institiúid na nDaonnachtaí, COBÁC agus de Ghrúpa Abhcóideachta Mhúsaem na mBan.

Chandrika Narayanan-Mohan

Is scríbhneoir Indiach-Éireannach, taibheoir agus comhairleoir cultúrtha ón India í Chandrika Narayanan-Mohan. D’fhoilsigh Dedalus Press, New Island, Banshee, Stinging Fly, Filíocht Éireann, agus eile a saothar. Ba Scríbhneoir Cónaithe 2023 í don Institiúid Fisice, is Ealaíontóir Cónaithe Quantum Studio Goethe-Institut 2024 í, agus tá sí faoi choimisiúnú faoi láthair le Skein Press. Tá Chandrika ina bainisteoir ealaíon le breis agus deich mbliana freisin le fócas ar fhorbairt gnó agus tiomsú airgid, ag obair in eagraíochtaí ó theach ceant Christie agus The Victoria and Albert Museum i Londain, go Business to Arts, Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann agus Fishamble: The New Play Company i mBaile Átha Cliath. Is Saorchomhairleoir Cultúir anois í, agus oibríonn Chandrika le heagraíochtaí ealaíon ar phleanáil straitéiseach.

Colm O'Callaghan

Is Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amharclann an Gheata é Colm faoi láthair, agus tá beagnach fiche bliain caite aige ag obair do mhóreagraíochtaí ealaíon in Éirinn agus san Astráil araon. Sular thosaigh sé in Amharclann an Gheata, chaith Colm 12 bliana in Sydney, áit ina raibh sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin den chomplacht amharclannaíochta damhsa chlúiteach, Force Majeure, agus roimhe sin bhí sé ina Bhainisteoir Complachta ag an Sydney Theatre Company. Sular bhog sé go dtí an Astráil in 2010, d’oibrigh Colm ar léiriúcháin iomadúla le Druid agus Landmark Productions. Tá taithí ag Colm ar a bheith ina chomhalta ar roinnt Bord neamhbhrabúis agus Rialtais, cosúil leis an bhord chomhairleach ealaíon do rialtas New South Wales agus Bord Ausdance, foras damhsa náisiúnta na hAstráile.

Orla O'Connor

Is í Orla O’Connor Stiúrthóir Chomhairle Náisiúnta na mBan (NWCI), príomheagraíocht náisiúnta bhallraíocht na mban in Éirinn, le hos cionn 190 ballghrúpa. Bhí sí ina Comhstiúrthóir ar Together For Yes, an feachtas náisiúnta sochaí sibhialta chun an 8ú Leasú a bhaint le reifreann. As ucht an róil seo a bhí aici, d’aithin TIME Magazine Orla mar cheann de na 100 duine is mó tionchair in 2019. Tá MA sa Pholasaí Shóisialta Eorpach ag Orla, agus i ndiaidh di tús a chur lena gairm i dtionscadail áitiúla phobal-bhunaithe, tá obair déanta aici san ardbhainistíocht in eagraíochtaí neamhrialtasacha le hos cionn 25 bliana anuas. Déanann Orla ionadaíocht ar an NWCI i réimse leathan fóram náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Tá Orla ina feimineach agus ina saineolaí ar na beartais atá de dhíth chun comhionannas na mban in Éirinn a chur chun tosaigh. Is cainteoir poiblí cumasach í, le hanailís láidir ar bheartas poiblí. Tá ceannasaíocht déanta ag Orla ar fheachtais iomadúla rathúla ar ard-leibhéal ar raon leathan ceisteanna faoi chearta na mban, cosúil le hathchóiriú leasa shóisialaigh, athchóiriú pinsean agus ar mhaithe le cúram leanaí inacmhainne d’ardchaighdeán a thabhairt isteach. Creideann Orla go daingean sa ghníomh chun cinntiú go bhfuil rochtain ag mhná ar chearta atáirgthe; chun cinntiú go bhfuil tuilleadh ban i bpoist cheannaireachta; chun deireadh a chur le foréigean in éadan ban; agus chun comhionannas eacnamaíoch ban a mhéadú.

Lynn Scarff

Is Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann í Lynn Scarff a tháinig isteach sa phost sin i mBealtaine 2018.

Agus í ag obair ar dtús san oideachas comhshaoil thar tionscadail éagsúla cosúil le hAthbheochan Bhaile Munna, tá obair Lynn neadaithe sa chleachtas chomhoibríoch. Mar pháirt d’fhoireann forbartha tosaigh Ghailearaí Eolaíochta Bhaile Átha Cliath ag Coláiste na Tríonóide, d’fhorbair sí clár eispéireas an-spéisiúil inar pléadh teorainneacha na healaíne agus na heolaíochta agus a cheangail le daoine idir 15 agus 25 bliana d’aois. In 2012, bhí sí ina ball den fhoireann cheannaireachta a bhunaigh Líonra Domhanda na nGailearaithe Eolaíochta lenar tugadh fís Ghailearaí na hEolaíochta go hocht gcathair timpeall an domhain faoi 2020. In 2014, ceapadh í mar Stiúrthóir chun Gailearaí Eolaíochta Bhaile Átha Cliath a stiúradh trí phróiseas athraithe eagraíochtúil, pleanála stratéisí agus forbartha.

Tá Lynn go mór ar son an mhúsaeim rannpháirtigh. Tá béim ina taighde ar shuíomhanna neamhfhoirmeálta foghlama agus ar na deiseanna atá ar fáil i músaeim agus spásanna cultúrtha chun daoine óga a spreagadh, le béim ar leith ar phobail a imeallaíodh go stairiúil. Tá léiriúcháin agus scríbhneoireacht ar na téamaí seo déanta aici in irisí oideachais, cleachtais músaeim agus cumarsáide go domhanda. Maoiníodh a hobair taighde agus cleachtais trí dheontais iomaíocha arna mbronnadh ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann, an Wellcome Trust sa Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún Eorpach trí ghairmí Horizon 2020 agus Creative Europe.

Rinne sí staidéar ar an Eolaíocht Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus speisialtóireacht á déanamh aici sa zó-eolaíocht agus stair an dúlra, agus tá MSc aici sa Chumarsáid Eolaíochta. In 2016 bronnadh National Arts Strategies Kresge Fellowship uirthi, a chríochnaigh sí thar bliain amháin i Scoileanna Gnó Harvard, Michigan Ross agus Berkeley sna Stáit Aontaithe, ina raibh béim ar ghnéithe tábhachtacha na forbartha inbhuanaithe gnó san earnáil chultúir.

Sinéad Copeland

Is Príomhoifigeach í Sinéad Copeland sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le freagracht as forbairt an bheartais nua ealaíon agus cultúir, agus as forbairt an Gheilleagair Oíche. Roimhe seo bhí Sinéad i gceannas ar Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023.

Jane Ann Duffy

Mar cheannasaí an Aonaid um Chomhionannas agus Comhionannas Inscne sa Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, tá Jane Ann i gceannas ar bheartas Rialtais maidir le comhionannas inscne, chomh maith le beartas agus reachtaíocht chomhionannais go ginearálta. Ba thaidhleoir í Jane Ann roimhe seo sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus cuireadh ar post í in Ambasáidí Éireannacha éagsúla, sular bhog sí go dtí an Roinn Dlí agus Cirt chun obair a dhéanamh in athchóiriú an dlí choiriúil.

Is comhalta í Jane Ann de Bhoird Bhainistíochta na hInsitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne agus an Údaráis Náisiúnta Míchumais.