English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Creat Folláine

Is tionscnamh tras-Rialtais é Creat Folláine na hÉireann lena bhfeabhsófar ár dtuiscint ar chaighdeán maireachtála daoine, rud a bheidh ina chabhair chun cinntí beartais atá níos ábhartha d’eispéiris daoine aonair a dhéanamh.

Is í an fhís uileghabhálach don Chreat Folláine ná “go mbeidh ár ndaoine go léir in ann saolta lánsásta a chaitheamh anois agus amach anseo”, lena n-aithnítear go bhfuil gá le dearcadh níos leithne ná slata tomhais cúnga maicreacnamaíocha, cosúil le OTN, agus gur cheart go mbeadh an comhionannas agus an inbhuanaitheacht ina bpríomhcheisteanna agus beartais á bhforbairt agus á gcur i bhfeidhm.

Tá i gceist le Clár Eolais Folláine Píolótach na Roinne ná léiriú a dhéanamh ar conas atá an misean atá leagtha amach inár Ráiteas Straitéise 2023-2025 ag idirghníomhú leis na 11 ghné den Fholláin mar a shainmhínítear í sa Chreat Náisiúnta. Is féidir leis an Chlár Eolais a bheith ina chuidiú agus monatóireacht á déanamh ar na gnéithe is ábhartha den fholláin do gach earnáil. Tá sé fós idir lámha agus meastar go dtiocfaidh athrú air sna dá bhliana atá romhainn agus foinsí nua sonraí ag teacht chun cinn.

De réir Scéim Teanga na Roinne, mar chaipéis theicniúil nó eolaíoch, nó sainchaipéis, níl aistriúcháin go Gaeilge ar an Chlár Eolais nó an páipéar cúlra ar fáil faoi láthair.

Más mian leat trácht a dhéanamh ar an Chlár Eolais, cuir ríomhphost chuig Strategic.Policy@tcagsm.gov.ie.

Well-being Framework Technical Background Paper
Amharc amharc
Pilot Well-being Dashboard
Amharc amharc